Seasmhacht Sceilg Mhichíl ó thaobh aeráide le neartú trí shaineolas domhanda faoi athrú aeráide
-
Ó: An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta; Oifig Na nOibreacha Poiblí
- Foilsithe: 13 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 13 Márta 2023
Tabharfaidh Caomhnú Oidhreachta: Ár nOidhreacht Feasta an cumas do phobail ar fud an domhain tionchair aeráide ar chultúr amach anseo a thuar agus a mheasúnú, agus sa chaoi sin cuidiú leo an t-eolas eolaíoch sin a úsáid chun suíomhanna a chosaint.
Inniu d’fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta (NMS) ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta go bhfuil an Mhaoin Oidhreachta Domhanda ag Sceilg Mhichíl páirteach i dtionscnamh nua domhanda chun suíomhanna a bhfuil suntas cultúrtha ag baint leo a chosaint ar thionchair ón athrú aeráide.
Déanfaidh OPW agus NMS eolas eolaíoch agus oiliúint theicniúil lucht bainistíochta agus mhuintir na háite a fhorbairt chun pleananna um oiriúnú don athrú aeráide, atá bunaithe ar an suíomh agus ar an bpobal, a thabhairt chun cinn le haghaidh na n-oileán. Bainfidh an obair úsáid as saineolas domhanda ó pháirtithe eile ar fud an domhain, i gcomhar leis an Chomhairle Idirnáisiúnta um Shéadchomharthaí agus Shuíomhanna, agus an Líonra Oidhreachta Aeráide, tríd an tionscadal Caomhnú Oidhreachta: Ár nOidhreacht Feasta, chun suíomhanna mar Sceilg Mhichíl a chosaint ar bhagairt ón athrú aeráide. Cumhachtóidh an tionscadal ceannasaithe pobail agus suímh leis an eolas eolaíoch agus oiliúint theicniúil chun pleananna um oiriúnú don athrú aeráide, atá bunaithe ar an suíomh agus ar an bpobal, a thabhairt chun cinn.
Tabharfaidh an tionscadal Caomhnú Oidhreachta an cumas do phobail ar fud an domhain tionchair aeráide ar chultúr amach anseo a thuar agus a mheasúnú go cruinn, agus sa chaoi sin cuidiú leo an t-eolas eolaíoch sin a úsáid chun suíomhanna a chosaint.
Tá Sceilg Mhichíl ar cheann de dheich suíomh dhomhanda atá páirteach ón tús sa tionscadal, atá á mhaoiniú ag National Geographic Society agus Manulife. Tá dhá shuíomh phríomha: Ardáin Ríse i Cordilleras na nOileán Filipíneach, agus Petra na hIordáine. Tá ocht suíomh breathnóra, Sceilg Mhichíl ina measc: Páirc Sheandálaíochta Angkor, an Chambóid; Tailte Teorann, SAM agus Meicsiceo; Mosc Bagerhat, an Bhanglaidéis; Nan Madol, an Mhicrinéis; Levuka, Fidsí; Koutammakou, Talamh Batammariba, Tóga agus Beinin; Sceilg Mhichíl, Éire; agus Calafort, Dún agus Grúpa Séadchomhartha, Cartagena, Columbia.
Tá oiliúint foirne OPW agus NMS, agus oibriú i gcomhar leis an bpobal áitiúil i gceantar Sceilg Mhichíl ag teacht leis na cuspóirí i bPlean 10 mbliana um Bainistiú Oidhreachta Domhanda don oileán foilsithe Nollaig 2021, chun tábhacht shuntasach oidhreachta na háite a chosaint. Tá cur chuige pobaltreoraithe ag teacht freisin le feidhmiú Phlean Éireann um Oiriúnú Earnála don Athrú Aeráide (Oidhreacht Thógtha agus Seandálaíochta). Tacaíonn sé le cur chuige feabhsaithe um oiriúnú a fhorbairt, ag foghlaim ó chleachtais dhúchasacha chun luacha a chosaint do na glúine atá le teacht.

Dúirt an tAire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchánach, Malcom Noonan TD:
“Is onóir ag Éirinn a bheith páirteach sa chlár seo faoi threoir National Geographic. Is aitheantas é ar thábhacht Sceilg Mhichíl mar Shuíomh Oidhreachta Domhanda agus an dualgas atá orainn a chosaint a chinntiú. Tá Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, i gcomhar le OPW, ag súil le taithí a roinnt, ag obair le pobail agus ag foghlaim ó chur chuige in áiteanna eile, ag teacht le chéile chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán atá romhainn araon – tionchair an t-athrú aeráide ar oidhreacht an domhain”.
Dúirt an tAire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan TD:
“Gan amhras, tá Sceilg Mhichíl ar cheann de na suíomhanna is dúshlánaí atá faoi chúram OPW. Déanann an fhoireann againne sárobair, in ainneoin go bhfuil an áit iargúlta agus go n-athraíonn an aimsir gan choinne, chun oidhreacht an oileáin a chosaint agus rochtain shlán ag cuairteoirí a chinntiú. Mar chúramóirí na hOidhreachta Domhanda seo, i dteannta le NMS, is pribhléid ag OPW oibriú le daoine eile ar fud an domhain ar an tionscadal tábhachtach seo; neartófar an nasc againn le pobal Chiarraí Theas maidir le luach agus suntas an oileáin.”
Dúirt an Dr Victoria Herrmann, Taiscéalaí National Geographic agus Stiúrthóir Tionscadail Caomhnú Oidhreachta:
“Tá cur chuige uaillmhianach againn ag tabhairt aghaidh ar an gceist lárnach seo; uaidh sin tiocfaidh cosaint inbhraite le haghaidh suíomhanna oidhreachta cultúrtha, teacht níos fearr ar oiriúnú oidhreachta agus athrú ar chaomhnú mar earnáil chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a éiríonn ón athrú aeráide.”
Dúirt an Dr Will Megarry, Lárphointe um Athrú Aeráide ICOMOS agus Léachtóir Sinsearach ag Ollscoil na Ríona, Béal Feirste:
"Creideann ICOMOS go daingean i gcumhacht an chultúir agus na hoidhreachta um ghníomhaíocht aeráide. Cumhachtóidh an tionscadal tábhachtach seo pobail agus cúramóirí suíomhanna chun a n-oidhreacht a chosaint ar thionchair athrú aeráide. Tabharfar freisin deis dóibh a scéalta a insint agus a dtaithí luachmhara a roinnt leis an saol."
NÓTAÍ
Ag an dá phríomhshuíomh idirnáisiúnta, nascfaidh Caomhnú Oidhreachta eolaíocht aeráide agus caomhnú suímh le samhalta áitiúla um athrú aeráide; cuirfear oiliúint ar chúramóirí suímh chun measúnú áitiúil luachbhunaithe a dhéanamh ar leochaileacht aeráide agus tionchair ar phobail áitiúla. Ag na suíomhanna breathnóra, Sceilg Mhíchíl ina measc, déanfar oiliúint um oidhreacht aeráide agus taithí fhoghlama idir piaraí. Cuideoidh gach a mbeidh páirteach ó na suíomhanna uile chun cleachtais idirnáisiúnta a mhéadú, dírithe ar ghníomhaíocht aeráide mar a thagann oidhreacht agus oiriúnú aeráide le chéile
Comhtháthaíonn an clár eolas eolaíoch, áitiúil agus dúchasach chun réitigh atá inbhuanaithe agus oiriúnach ó thaobh cultúir de a aimsiú maidir le caomhnú fadtéarmach ar shuíomhanna oidhreachta cultúrtha. Tacóidh sé seo chun cur chuige níos fearr um oiriúnú a fhorbairt, ag foghlaim ó chleachtais dhúchasacha chun luacha a chosaint do na glúine atá le teacht.
Trí eolaíocht cheannródaíoch, scéalaíocht thumthach agus cumas pobail a thabhairt le chéile, beidh Caomhnú Oidhreachta mar inspioráid ag an bpobal um ghníomhaíocht aeráide a ghlacadh le haghaidh suíomhanna atá faoi phriacal agus ceannasaithe áitiúla a chumasú chun áiteanna a bhfuil suntas cultúrtha ag baint leo a bhainistiú ar bhealach oiriúnaithe.
Foireann Idirnáisiúnta
Stiúrthóir Tionscadail, an Dr Victoria Herrmann; Stiúrthóir Ceardlainne, an Dr William Megarry; Comhordaitheoir Ceardlainne, Khansa Bouaziz; Stiúrthóir Líonraíochta, Andrew Potts, Comhordaitheoir Líonraíochta, an Dr. Salma Sabour; Comhairleoir Sinsearach Tionscadail, Julianne Polanco; Teagmhálaí Idirchaidrimh ICOMOS, Délie Ronsin-Quéchon
Comhpháirtithe Suíomhanna
Éire - Oifig na nOibreacha Poiblí
Éire - Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta ICOMOS
National Geographic Society
Climate Heritage
Petra National Trust
ICOMOS Philippines
Stát California