Seolann an tAire Burke Tuarascáil ar Mhéara Luimnigh

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Burke Tuarascáil ar Mhéara Luimnigh

Sheol an tAire Rialtais Áitiúil agus Pleanála Peter Burke TD an tuarascáil scrúdain réamhreachtaíochta an tráthnóna seo ar an reachtaíocht a thabharfaidh isteach Méara Tofa go Daonlathach do Luimneach, arna dhéanamh ag an gComhchoiste Oireachtais um Thithíocht, Rialtas Áitiúil agus Oidhreacht.

Ghabh an tAire Burke buíochas leis an gCoiste as a mbreithniú cúramach ar an gceist agus a dtiomantas don athchóiriú tábhachtach seo ar rialtas áitiúil.

“Is léir ón tuarascáil go dtuigeann an Coiste go hiomlán an tábhacht a bhaineann le méara tofa go díreach a bhunú le feidhmeanna feidhmiúcháin mar cheann Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh. Tá a fhios agam go n-aontaímid go léir gur athchóiriú ollmhór é seo ar rialtas áitiúil agus go gcaithfimid an leas is fearr a bhaint as an athchóiriú sin. Tá áthas orm a thabhairt faoi dheara go dtacaíonn an Coiste leis an bprionsabal cumhacht a thabhairt don mhéara, i bhfeidhmeanna agus i maoiniú, agus bhur dtiomantas don phrionsabal uile-thábhachtach d’acmhainní i gcomhréir le sainordú. Roinnim na haidhmeanna seo agus táim ag obair go dian chun na críche seo le m’oifigigh agus mo chomhghleacaithe aireachta i ranna eile.”

Mhínigh an tAire Burke go ndéanfaidh sé machnamh anois ar an mbealach is fearr chun moltaí thuarascáil an Choiste a ionchorprú sa Scéim Ghinearálta agus chuir sé in iúl go raibh súil aige go léireofar go leor de na moltaí sa Bhille sula bhfoilseofar é.

Chríochnaigh an tAire Burke trí bhuíochas a ghabháil arís leis an gCoiste as a gcuid oibre.

“Tá dul chun cinn á dhéanamh i gcónaí ar dhréachtú na reachtaíochta, agus tá súil agam gur féidir í a fhoilsiú agus a cheadú san Oireachtas chomh tapaidh agus is féidir.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat