Sonraí tosaithe míosúla do mhí Mheán Fómhair foilsithe
- Foilsithe: 5 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 5 Nollaig 2025
D’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a sonraí míosúla maidir le líon na bhFógraí Tosaithe a fuarthas (táscairí ar thosaithe tógála cónaithe) do mhí Mheán Fómhair 2025.
Léirítear leis na sonraí gur taisceadh 1,653 fógra tosaithe do thithe nua i mí Mheán Fómhair 2025 – méadú ó 1,156 aonad i mí Lúnasa (suas 43%). Is é sin an líon míosúil is airde go dtí seo i mbliana.
Ó mhí Eanáir 2025 go mí Mheán Fómhair 2025, fuarthas 10,193 fógra. Ar bhonn atrátha 12 mhí (mí Dheireadh Fómhair 2024 go mí Mheán Fómhair 2025), fuarthas 27,210 fógra tosaithe.
As na 1,653 aonad a tosaíodh i mí Mheán Fómhair, is áitribh scéime iad 682 (41%), is árasáin iad 563 (34%), agus is aonaid aonaracha iad 408 (25%).
As na haonaid uile a tosaíodh i mí Mheán Fómhair, bhí 23% (378 aonad) sna ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath. De réir údaráis áitiúil, ba i gCathair Bhaile Átha Cliath a tosaíodh an líon is mó aonad (286), agus ina dhiaidh sin i gContae Chorcaí (261) agus i gContae Dhún na nGall (147).
De réir údaráis áitiúil, is i gCathair Bhaile Átha Cliath a bhí an chuid is mó de na fógraí tosaithe i mbliana go dtí seo (1,808), agus ina dhiaidh sin i gContae Chorcaí (956) agus i gContae Fhine Gall (736).