Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Sonraí Tosaithe Míosúla le haghaidh mhí Mheán Fómhair 2023 foilsithe

D’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a sonraí míosúla ar líon na bhFógraí Tosaithe (tosaítear ag tógáil chónaithe) do mhí Mheán Fómhair 2023.

Léirítear sna sonraí go bhfuair Údaráis Rialaithe Foirgníochta Fógraí Tosaithe le haghaidh 2,607 teach nua i mí Mheán Fómhair 2023. Is méadú 18% é seo ar líon na dtithe nua ar cuireadh tús leo sa mhí chéanna anuraidh (2,211 aonad).

Leanadh leis an méadú mór i mbliana agus cuireadh tús le 23,923 teach sna chéad naoi mí de 2023. Is méadú 14.3% é seo ar an tréimhse chéanna anuraidh (20,919).

Is féidir teacht ar an tacar iomlán sonraí tosaithe ag: Staitisticí maidir le Gníomhaíochtaí Foirgníochta

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat