Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Dearadh tithíochta caighdeánaithe chun costais a laghdú agus seachadadh tithíochta a bharrfheabhsú

Leag an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, béim ar an acmhainneacht mhór atá ag modhanna nua-aimseartha tógála chun an leas is fearr is féidir a bhaint as tógáil tithe inniu, agus chuir sé fáilte roimh thorthaí “Staidéar ar Chur Chuige Dearaidh Caighdeánaithe” nua.

Tá sé beartaithe ag an staidéar feasacht a mhúscailt agus glacadh le dearadh tithíochta caighdeánaithe a chur chun cinn go gníomhach, lena n-áirítear leagan amach, modheolaíocht tógála, seirbhísí foirgníochta agus comhpháirteanna foirgníochta, rud a fhéadfaidh costais a laghdú agus Modhanna Nua-Aimseartha Tógála (MNAT) a chur chun cinn, agus inbhuanaitheacht a uasmhéadú agus cáilíocht a chothabháil ag an am céanna. Is féidir cóip den tuarascáil a fháil anseo: Staidéar ar Chur Chuige Dearaidh Caighdeánaithe.

Dúirt an tAire Browne:

“Le caighdeánú, tugtar go leor buntáistí iontacha i ngach céim de sheachadadh tithe nua – ón dearadh go dtí an tógáil go dtí an bhainistíocht fhadtéarmach. Beidh torthaí an staidéir nua seo ina mbuntáiste mór don tionscal tógála, agus treoir mhionsonraithe á cur ar fáil do ghairmithe tógála, d’fhorbróirí, do chonraitheoirí, do chliaint, do dhearthóirí agus do mhonaróirí, mar aon le hoideoirí agus comhlachtaí oiliúna.

“Trí na modhanna agus na cuir chuige atá mionsonraithe sa tuarascáil seo a ghlacadh, is féidir leis an earnáil tógála cónaithe féachaint ar a bpíblínte, a dtionscadail agus a gcláir ag éirí níos cuíchóirithe – rud a chinnteoidh coigilteas costais.

“Tá athrú cultúrtha ag teastáil uainn maidir leis an gcaoi a dtógaimid tithe in Éirinn, más mian linn freastal ar phráinn agus ar mhéid na ndúshlán atá romhainn. Tá modhanna nua-aimseartha tógála ina gcuid thábhachtach den athrú sin agus is rannchuidiú luachmhar é staidéar an lae inniu chun feabhas a chur ar an gcaoi a soláthraímid níos mó tithe ardcháilíochta go héifeachtúil agus go tapa.”

Tá ról ríthábhachtach ag caighdeánú i dtionscail éagsúla trí phróisis, córais agus comhpháirteanna aonfhoirmeacha a bhunú lena ndéantar éifeachtúlacht a bhreisiú, costais a laghdú agus cáilíocht fhoriomlán a fheabhsú. Cothaítear comhsheasmhacht agus iontaofacht le caighdeánú, agus oibríochtaí á simpliú ag an am céanna.

Go sonrach, ghlac staidéar an lae inniu cur chuige dearaidh samhla, agus forbraíodh cúig dhearadh samhla chun dearadh costéifeachtach a léiriú, agus iad barrfheabhsaithe do MNAT agus infheidhme maidir leis an earnáil phríobháideach agus phoiblí.

I rith an staidéir, bhí rannpháirtíocht fhairsing páirtithe leasmhara ann le hionadaithe tábhachtacha ón tionscal agus ón rialtas chun a chinntiú go mbeadh torthaí an staidéir ag teacht leis na riachtanais tithíochta atá ann anois agus a bheidh ann amach anseo in Éirinn.

Choimisiúnaigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta an Staidéar ar Chur Chuige Dearaidh Caighdeánaithe, a rinne foireann comhairleoirí faoi stiúir Hawkins Brown Architects thar a gceann.

Comhlánaíonn an staidéar na gníomhartha atá á ndéanamh sa Treochlár um Ghlacadh níos mó le Modhanna Nua-Aimseartha Tógála i Soláthar Tithíochta Poiblí.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat