Tá an Bille um Pleanáil agus Forbairt 2023 foilsithe
- Foilsithe: 21 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Ag breis is 700 leathanach ar fad, cuireann an tAire O’Brien síos ar an reachtaíocht mar “chloch choirnéil na pleanála in Éirinn do na blianta atá le teacht”.
- Rinneadh an Dréacht-Bhille a foilsíodh i mí Eanáir faoi roinnt míonna de ghrinnscrúdú an Oireachtais agus rannpháirtíocht le geallsealbhóirí.
- Tá an Bille ina bhuaic ar athbhreithniú dian arna stiúradh ag Oifig an Ard-Aighne.
- Tá ‘seiceáil oiriúnachta iomlán’ déanta ar an Acht Reatha, atá i bhfeidhm ó 2000, chun athchóirithe a aithint chun príomh-bhonneagar a sholáthar i dtithíocht, iompar agus fuinneamh in-athnuaite.
I measc na bpríomhleasuithe tá:
- Comhsheasmhacht agus ailíniú feabhsaithe ar fud gach sraithe pleanála;
- Athstruchtúrú suntasach agus acmhainní a chur ar fáil don Bhord Pleanála, a athainmneofar mar An Coimisiún Pleanála;
- Cinnteacht mhéadaithe ar fud an chórais phleanála trí línte ama reachtúla a thabhairt isteach le haghaidh cinnteoireachta, lena n-áirítear den chéad uair, don Choimisiún Pleanála;
- Pleananna Forbartha straitéiseacha deich mbliana nua d'Údaráis Áitiúla;
- Leasú ar Phleanáil Athbhreithniú Breithiúnach, lena n-áirítear tabhairt isteach Scála Táillí agus Meicníocht Cúnaimh Airgeadais Costas Dlí Comhshaoil; rochtain ar cheartas a fheabhsú agus costais dlí iomarcacha a rialáil;
- Forálacha nua do Chriosanna Forbartha Uirbeacha, a thacaíonn le príomhréimsí fáis.
Ag labhairt dó ar fhoilsiú an Bhille, dúirt an tAire O’Brien:
“Tá lúcháir orm, tar éis dianphróiseas athbhreithnithe dlí, rannpháirtíocht geallsealbhóirí agus grinnscrúdú ag an Oireachtas, go bhfuil an Bille um Pleanáil agus Forbairt 2023 á fhoilsiú againn inniu. Tá tábhacht ag baint leis an mBille seo, ní hamháin ó thaobh méide ach lena thábhacht do bheagnach gach gné de shaol na ndaoine ó bhonneagar go dtí dul i ngleic leis an aistriú aeráide.
Bíonn tionchar ag an mBille seo ar an oiread sin réimsí ó thithíocht go bóithre; ó fhuinneamh in-athnuaite go caomhnú comhshaoil agus ailtireachta; tá sé ríthábhachtach go n-oibreodh gach duine le chéile chun a chinntiú go rachaidh an reachtaíocht bhunchloch seo ar aghaidh trí Thithe an Oireachtais ionas gur féidir léi bonn a chur faoi fhás agus rathúnas leanúnach na hÉireann sna blianta amach romhainn.”
Tá Treoir nuashonraithe don Bhille um Pleanáil agus Forbairt 2023 ar fáil anseo: Treoir don Bhille um Pleanáil agus Forbairt 2023.
Tá Anailís Tionchair Rialála don Bhille um Pleanáil agus Forbairt 2023 ar fáil anseo: Anailís Tionchair Rialála an Bhille um Pleanáil agus Forbairt 2023