Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá araidí agus leithris bhreise le soláthar ag Údaráis Áitiúla chun tacú lenár samhradh faoin spéir

D’fháiltigh na hAirí Darragh O’Brien agus Peter Burke roimh araidí agus áiseanna breise a sholáthar taobh amuigh fud fad na tíre an deireadh seachtaine seo agus isteach sa samhradh.

Tá cistiú á sholáthar ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta d’údaráis áitiúla chun tacú lena n-obair chun a spásanna taobh amuigh a choimeád glan, agus le cabhrú leo an bonneagar agus na háiseanna a sholáthar a theastaíonn lena chinntiú go mbaintear taitneamh sábháilte as ár spásanna poiblí. Áirítear leis seo leithris phoiblí bhreise i lár na gcathracha agus fud fad na tíre ag láithreacha eile cosúil le tránna. Tá níos mó araidí á soláthar ag údaráis áitiúla freisin i bpríomhlimistéir agus tá an mhinicíocht a dhéantar iad a fholmhú á méadú acu le tacaíocht ón lárchiste.

Dúirt an tAire Burke:

Tá ról ceannais ag ár n-údaráis áitiúla chun ár spásanna poiblí a bhainistiú agus tá siad ag oibriú go han-dian chun déileáil leis na dúshláin a chruthaíonn an díriú an samhradh seo ar shamhradh faoin spéir ar bhealach freagrúil agus cothrom.

Leanann siad, fud fad na tíre, le soláthar a dhéanamh do spásanna poiblí breise chun gur féidir bia a dháileadh lasmuigh. D’fhéadfadh páircíní breise a sholáthar lasmuigh d’áitreabh agus sráideanna a theorannú do choisithe a bheith i gceist leis seo. Déanann siad teagmháil rialta freisin le gnólachtaí áitiúla, an Garda Síochána agus páirtithe leasmhara áitiúla eile chun gach tacaíocht is féidir a sholáthar do shamhradh sábháilte faoin spéir ar féidir linn go léir taitneamh a bhaint as.”

Dúirt an tAire O’Brien:

“Luaigh an Rialtas go han-soiléir go ndíreofar an samhradh seo go tréan ar spásanna agus gníomhaíochtaí taobh amuigh, agus tá lúcháir orm gur féidir linn tacú lenár nÚdaráis Áitiúla fad a oibríonn siad lena chinntiú gur féidir le gach duine taitneamh a bhaint as ár spásanna poiblí ar bhealach sábháilte agus freagrach.

Is mian liom ómós a léiriú ar na foirne Údaráis Áitiúil a dhéanann na sráideanna a ghlanadh roinnt uaireanta gach lá agus spreagfainn daoine freagracht phearsanta a ghlacadh freisin – tá iompar aonair agus spreagfainn freagracht phearsanta ríthábhachtach, gan amhras, chun cabhrú linn go léir bheith sábháilte fad a bhainimid taitneamh as a bheith faoin spéir an samhradh seo.”

Crioch