Tá teorainneacha nua incháilitheachta ioncaim anois i bhfeidhm maidir le cíos ar chostas inacmhainne
- Foilsithe: 1 Lúnasa 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Glanteorainn ioncaim teaghlaigh €66,000 i mBaile Átha Cliath
- Glanteorainn ioncaim teaghlaigh €59,000 sa chuid eile den tír
Cuirfear i bhfeidhm teorainneacha nua incháilitheachta ioncaim le haghaidh Cíos Costais ón lá inniu, an 1 Lúnasa 2023. Fógraíodh na teorainneacha nua le déanaí mar chuid de sheoladh Scéim Infheistíochta um Thionóntachtaí Slána agus Cíos Inacmhainne (TSCI) an Rialtais.
De réir na dteorainneacha nua, beidh daoine a bhfuil glanioncam teaghlaigh de €66,000 nó níos lú acu incháilithe do thithíocht ar Cíos Costais i mBaile Átha Cliath ach sa chuid eile den tír is é €59,000 an teorainn. Gabhann seo ionad na teorann glanioncaim náisiúnta €53,000 a bhí ann roimhe seo.
Aithnítear sna tairseacha méadaithe gur tháinig méadú suntasach ar chíosanna atá i réim sa mhargadh príobháideach le blianta beaga anuas agus go bhfuil dúshláin mhóra inacmhainneachta roimh chohórt mór cíosóirí príobháideacha, go háirithe i mBaile Átha Cliath. Beidh feidhm ag na tairseacha nua ar gach sruth seachadta trasna na hearnála Cíos Costais – ag CCTanna, Údaráis Áitiúla, an GFT, agus aon tiarna talún de chuid Cíos Costais.
Dúirt an tAire O'Brien:
“Tá na hathruithe atá á ndéanamh againn ar na teorainneacha incháilitheachta ioncaim á ndéanamh againn toisc gur tháinig méadú suntasach ar bhoilsciú, ar rátaí úis agus ar chíosanna atá i réim sa mhargadh príobháideach. Mar thoradh ar na hathruithe seo beidh líon níos mó teaghlach agus daoine aonair in ann leas a bhaint as Cíos Costais.
“Is cineál nua tionachta tithíochta in Éirinn é Cíos Costais. Tá tacaíocht stáit aige agus tá na tionóntachtaí fadtéarmach, 40 bliain ar a laghad. Gearrtar méid ar thionóntaí a chlúdaíonn an costas a bhaineann le teach a sheachadadh, a bhainistiú agus a chothabháil agus sin amháin, rud a chiallaíonn nach bhfuil sé dírithe ar bhrabús agus go bhfuil sé níos inacmhainne don tionónta.
“Tá an Rialtas ag díriú ar líon na dtithe ar Cíos Costais a mhéadú, rud a mbeidh sa deireadh tionchar dearfach aige ar an margadh cíosa trí chéile. Ba mhaith linn na mílte sa bhreis tionóntachtaí cíosa sábháilte agus slána a fheiceáil i bhfeidhm agus cabhróidh fógra na seachtaine seo caite faoin scéim nua infheistíochta TSCI linn é sin féin a dhéanamh.”
CRÍOCH