Tá tuairimí á lorg ag an Aire O’Sullivan ón bpobal faoin Athbhreithniú Meántéarma ar Oidhreacht Éireann 2030, an straitéis náisiúnta oidhreachta
- Foilsithe: 7 Aibreán 2026
- An t-eolas is déanaí: 7 Aibreán 2026
Sheol an tAire Stáit don Dúlra, Oidhreacht agus Bithéagsúlacht, Christopher O’Sullivan TD, comhairliúchán poiblí inniu (7 Aibreán) mar chuid den Athbhreithniú Meántéarma ar Oidhreacht Éireann 2030, straitéis náisiúnta oidhreachta na hÉireann.
Leagtar amach in Oidhreacht Éireann 2030, a foilsíodh ar dtús in 2022, creat chun oidhreacht na hÉireann a chosaint, a chaomhnú agus a bhainistiú go dtí deireadh na ndeich mbliana. Faoina thrí phríomhthéama ‘Pobail’, ‘Ceannaireacht’ agus ‘Comhpháirtíochta’, cuireann sé an oidhreacht go daingean i gcroílár spásanna, áiteanna, scéalta agus sochaí áitiúla agus náisiúnta.
Mar a gealladh faoin bplean, tá athbhreithniú meántéarma á dhéanamh ag an Roinn ar an straitéis agus tá an tAire ag lorg ionchur an phobail agus na bpáirtithe leasmhara anois chun an obair seo a threorú. Is é aidhm an athbhreithnithe a chinntiú go bhfuil an straitéis, mar aon lena spriocanna agus a gníomhaíochtaí, fós ábhartha agus go leanann sí de bheith ag léiriú cuspóirí, tosaíochtaí agus díograis don oidhreacht thógtha agus nádúrtha ar fud na tíre.
Agus é ag impí ar an bpobal dul i mbun an phróisis chomhairliúcháin, dúirt an tAire O’Sullivan:
“I ndomhan atá ag athrú go tapa, tá oidhreacht na hÉireann ar cheann dár sócmhainní náisiúnta is mó atá againn. Tugann sí carachtar agus beatha dár gceantair thuaithe, dár mbailte agus dár gcathracha, cothaíonn sí na naisc idir pobail agus glúnta, tacaíonn sí le folláine agus cuireann sí le geilleagair áitiúla. Sin é an fáth gur cloch mhíle chomh tábhachtach seo an deis chun dul i ngleic leis an bpobal ar an dréacht-Athbhreithniú Meántéarma seo ar Oidhreacht Éireann 2030.
“Tháinig ár straitéis oidhreachta náisiúnta chun chinn as comhairliúchán poiblí an-leathan in 2021 a fuair breis agus 2,000 aighneacht agus a léirigh cé chomh mór is a chuireann pobail luach ar an oidhreacht. Anois, agus muid ag machnamh ar an méid atá bainte amach ó foilsíodh í in 2022 agus ag féachaint chun cinn, tá sé ríthábhachtach go gcloisfimid ón bpobal arís, go ndéanfaimid athbhreithniú agus go mbreithneoimid na tosca a mhúnlóidh cur i bhfeidhm na straitéise thar an gcuid eile dá saolré. Ba mhaith liom gach duine a bhfuil suim acu in oidhreacht na hÉireann a spreagadh d’fhonn an deis seo a thapú chun a dtuairimí a roinnt agus cabhrú linn a chinntiú go gcloistear an raon is leithne dearcthaí is féidir.”
Tríd an gcomhairliúchán poiblí, tá aiseolas á lorg ag an Roinn ar thorthaí an athbhreithnithe agus ar an dréachtphlean gníomhaíochta leasaithe d’Oidhreacht Éireann 2030.
Beidh an doiciméad athbhreithnithe méantéarma deiridh foilsithe taobh le taobh le hOidhreacht Éireann 2030. Beidh na torthaí ag teacht leis na prionsabail, na haidhmeanna agus na tuiscintí atá leagtha amach sa straitéis. Úsáidfear aiseolas agus tuairimí chun an leagan deiridh den phlean a fhorbairt, a fhoilseofar roimh dheireadh na bliana. Beidh plean gníomhaíochta athbhreithnithe ina bhonn le tuairisciú faoin straitéis le linn a shaolré atá fágtha, agus beidh tús le tuairisciú in 2027 ar ghníomhaíochtaí a rinneadh in 2026.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí / Tuilleadh Eolais
Is féidir aighneachtaí a dhéanamh trí úsáid a bhaint as foirm chomhairliúcháin phoiblí EUSurvey ar líne ag https://ec.europa.eu/eusurvey/runner/Heritage_Ireland_2030_Mid-Term_Review_Public_Consultation_2026.
Is é an spriocdháta le haghaidh tuairimí agus aiseolais ná 5pm Dé hAoine, 15 Bealtaine 2026.
Oidhreacht Éireann 2030
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Oidhreacht Éireann 2030 féach https://www.gov.ie/en/department-of-housing-local-government-and-heritage/campaigns/heritage-ireland-2030/
Príomhéachtaí Oidhreacht Éireann 2030
Tá sé mar aidhm ag athbhreithniú Oidhreacht Éireann 2030 athbhreithniú a dhéanamh ar príomhéachtaí ar fud na hearnála ó 2022 i leith, lena n-áirítear:
- Tacaíocht mhéadaithe ón rialtas don oidhreacht ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil, lena n-áirítear bronnadh níos mó ná 2,000 deontas chun tacú le séadchomharthaí áitiúla agus struchtúir stairiúla, agus tacaíocht do bhreis agus 500 tionscadal bithéagsúlachta;
- Tacaíochtaí méadaithe agus gníomh oidhreachta ag údaráis áitiúla chun an oidhreacht áitiúil agus phobail a fhorbairt agus a cheiliúradh. Tá forbairt leanúnach foirne oidhreachta Údaráis Áitiúil mar bhonn taca leis an obair ríthábhachtach sin sna 31 údarás áitiúil go léir;
- Líon méadaithe imeachtaí lena ndéantar an oidhreacht a cheiliúradh agus a roinnt ar fud na tíre, lena n-áirítear breis agus 6,000 imeachtaí de chuid Sheachtain Náisiúnta na hOidhreachta ó bhí 2022 ann;
- Rochtain mhéadaithe ar oidhreacht i scoileanna, le méadú bliain i ndiaidh bliana go dtí thart ar 90,000 leanbh a bhain an Clár Oidhreachta i Scoileanna amach in 2024;
- Rochtain mhéadaithe ar oidhreacht fhisiceach agus chultúrtha. Chomh maith le fás ar rochtain ar líne agus ar rochtain dhigiteach, áirítear leis sin cuairteanna a thug 5.5 milliún duine ar pháirceanna náisiúnta agus ar anaclanna dúlra in 2023 agus in 2024.
- Comhpháirtíochtaí neartaithe a thacaíonn le cosaint, caomhnú agus bainistiú na hoidhreachta. Léiríonn na comhpháirtíochtaí sin éiceachóras casta na hoidhreachta a neartaíonn agus a chosnaíonn an oidhreacht ar fud na tíre. Tá an t-éiceachóras sin tógtha ar líonraí na ngrúpaí, na gclár agus na dtionscadal oidhreachta. Tugann sé comhlachtaí poiblí agus príobháideacha, pobail, eagraíochtaí oidhreachta, institiúidí taighde, pobail ghnó agus feirmeoireachta le chéile.
- Reáchtáladh ceithre Chruinniú Mullaigh bliantúla Oidhreacht Éireann 2030 go dtí seo. Beidh Cruinniú Mullaigh Oidhreachta Éireann 2030 na bliana seo ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 30 Deireadh Fómhair 2026. Is ceiliúradh iontach é an Cruinniú Mullaigh Bliantúil ar oidhreacht na hÉireann agus orthu siúd a mholann ar a son, a thugann aire di agus a bhaineann taitneamh aisti. Freastalaíonn gairmithe oidhreachta i Ranna Rialtais, gníomhaireachtaí, údaráis áitiúla, grupaí pobail agus oidhreachta agus baill den phobal ar an ócáid bhliantúil seo.