Freastalaíonn an Taoiseach agus na hAirí ar an bhFóram Comhchomhairleach tionscnaimh idir Méara Luimnigh agus an Rialtas
- Foilsithe: 28 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 29 Aibreán 2025
- éascófar rannpháirtíocht idir an Méara agus an rialtas náisiúnta ag an bhfóram
- fógraíodh €6.5 milliún chomh maith le haghaidh tithe nua ag an gCnoc, Bóthar na hInse
Bhí an chéad chruinniú den Fhóram Comhchomhairleach idir Méara Luimnigh agus an Rialtas ar siúl in oifigí Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh i Luimneach inniu (Dé hAoine an 28 Márta). Bhí an Taoiseach Micheál Martin mar Chathaoirleach ar an gcruinniú agus bhí an Méara John Moran, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, agus an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan i láthair aige.
Agus é ag labhairt faoi, dúirt an Taoiseach:
“Rud thar a bheith suntasach is ea an chéad chruinniú seo den Fhóram Comhchomhairleach idir Méara Luimneach agus an Rialtas, agus tá áthas orm a bheith i mo chathaoirleach ar an gcruinniú tionscnaimh seo.
“Tá roinnt míreanna tábhachtacha le plé ag an bhfóram inniu a bhfuil tionchar acu ar shaol mhuintir Luimnigh, tithíocht agus fás réigiúnach san áireamh. Cuirtear meicníocht shárluachmhar ar fáil ag an bhfóram seo ionas gur féidir leis an rialtas láir dul i dteagmháil le Méara Luimnigh, John Moran, arb é an chéad mhéara dírthofa in Éirinn, maidir leis na deiseanna éagsúla agus na dúshláin roimh an réigiún.”
Bunaíodh an Fóram Comhchomhairleach faoin Acht Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2024 agus beidh príomhról aige chun teagmháil idir an Méara agus an rialtais náisiúnta a éascú, go háirithe maidir le reachtaíocht mholta agus tionscnaimh beartais rialtais agus a dtionchar ar Luimneach.
Agus iad ag tabhairt cuairte ar Luimneach, d’fhógair an Taoiseach agus an tAire Browne chomh maith ceadú maoinithe ar luach beagnach €6.5 milliún ón rialtas chun tús a chur le tógáil scéime tionachtaí measctha ag an gCnoc, Bóthar na hInse, Luimneach. Comhoibriú idir an Comhlacht Ceadaithe Tithíochta Clúid agus Comhairle Contae Luimnigh is ea an scéim lena soláthrófar 50 teach - 32 teach sóisialta, 12 theach ar cíos de réir costais agus 6 theach ceannacháin inacmhainne. Beidh 42 teach sa bhreis ar an láthair chomh maith a sholáthrófar mar thithe príobháideacha.
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne:
"Tá áthas orm a bheith in ann maoiniú le haghaidh tithe nua i Luimneach a fhógairt inniu. Tuigtear dom go mbeidh na tithe ceannacháin inacmhainne sa sruth gan mhoill agus go seachadfar na tithe sóisialta agus na tithe ar cíos de réir costais sa chéad leath den bhliain seo chugainn. Tá an maoiniú sin mar léiriú ar an mbéim a chuirimid ar níos mó tithe de gach cineál agus de gach tionacht a sheachadadh i Luimneach agus, mar is cuí, tá tithíocht ar cheann de na príomhcheisteanna a ndéanaimid plé orthu ag an bhfóram inniu.
"Nuálaíocht daonlathais shuntasach is ea an Fóram féin ó thaobh na rannpháirtíochta de idir an rialtas láir agus an rialtas áitiúil, agus táim ag tnúth le hoibriú leis an Méar agus le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh tríd an struchtúr seo. Bhí raon leathan réimsí beartais ar chlár oibre an Fhóraim le plé inniu, fás réigiúnach, seachadadh tithíochta agus athchóiriú rialtais áitiúil san áireamh. Thar ceann an rialtais láir, beidh ról ceannasach ag mo roinn maidir le hobair an Fhóraim a chomhordú agus a éascú, agus creidim go mbainfidh muintir Luimnigh leas as an gcomhoibriú sin a sholáthraíonn sé.”
Tabharfaidh an Fóram comhairle agus déanfaidh sé moltaí chomh maith maidir le forbairt an róil amach anseo, lena n-áirítear aon fheidhmeanna nua agus breise, agus maoiniú, le haghaidh sannadh don Mhéara. Ina theannta sin, déanfaidh an Fóram athbhreithniú ar conas a oibríonn feidhmeanna nua an Mhéara agus struchtúir oifige agus tabharfaidh sé comhairle fúthu.
Dúirt Méara Luimnigh, John Moran:
“Cuirim fáilte roimh an Taoiseach agus na hAirí eile agus na foirne dá gcuid go Luimneach le haghaidh an Fhóraim. Chun leanúint lenár ngníomhartha laistigh den Chlár Méara a chur chun cinn, beidh sé ríthábhachtach teacht le chéile le comhaltaí den Rialtas go rialta. Ag an gcruinniú inniu, bhí deis dúinn atá i gComhairle Cathrach & Contae Luimnigh forbhreathnú a thabhairt ar ár dtosaíochtaí i Luimneach.
“Bhí mé in ann príomhthionscadail a shainaithint nach mór an bac a bhaint díobh chomh maith. Cuirim fáilte roimh thiomantas an Taoisigh agus na nAirí eile agus comhlachtaí rialtais, a chabhróidh linn bealaí a aimsiú chun dul chun cinn a dhéanamh i dtithíocht agus i bpríomhréimsí eile. Bíonn dúshláin i gceist le deiseanna móra agus, leis an bhfóram seo, tá deis againn leanúint le móiminteam a mhéadú dár bhfís do Luimneach níos sláintiúla inar féidir maireachtáil agus a bheith faoi bhláth ar bhealach níos fearr.”
Dúirt an tAire Ealaíon, Meán, Cumarsáide, Cultúir agus Spóirt, Patrick O’Donovan:
“Is é Luimneach an chéad chontae ag a bhfuil Méara dírthofa in Éirinn. Táim ag tnúth le dul i dteagmháil leis an bhFóram seo agus le tacaíocht a thabhairt dó chun a acmhainneacht a uasmhéadú thar ceann mhuintir Luimnigh.”
Cé go raibh an Taoiseach mar chathaoirleach ar an gcruinniú tionscnaimh inniu, is iad an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a bheidh mar Chathaoirleach, chomh maith le hAirí eile de chuid an rialtais agus an Méara, lena mbuailfidh an Fóram Comhchomhairleach dhá uair sa bhliain.
Tuilleadh eolais
Méara Dírthofa le haghaidh Luimnigh
I mí na Bealtaine 2019, vótáil muintir chathair agus chontae Luimnigh ar son togra le haghaidh Méara dírthofa ag a bhfuil feidhmeanna feidhmiúcháin.
Tar éis dó a bheith tofa, bhí John Moran ina chéad Mhéara dírthofa in Éirinn agus chuaigh sé i mbun oifige an 14 Meitheamh 2024, agus é ag tabhairt faoi raon feidhmeanna feidhmiúcháin, ar leibhéal straitéiseach nó beartais, i raon réimsí, lena n-áirítear forbairt straitéiseach, tithíocht agus tógáil, iompar ar bóthar agus sábháilteacht ar bhóithre agus seirbhísí comhshaoil.
An Fóram Comhchomhairleach idir Méara Luimnigh agus an Rialtas
Foráiltear san Acht Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) agus Forálacha Ilghnéitheacha, 2024 do bhunú socruithe agus struchtúr nua rialachais, lena n-áirítear Fóram Comhchomhairleach idir Méara Luimnigh agus an Rialtas, a thionólfar dhá uair sa bhliain agus ag a mbeidh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta (mar Chathaoirleach), Airí eile de chuid an rialtais agus an Méara. Beidh an Taoiseach mar chathaoirleach ar an gcruinniú tionscnaimh den Fhóram Comhchomhairleach.
Déanfaidh an Fóram na nithe seo a leanas a mheas agus tabharfaidh sé moltaí don Aire maidir leo:
- saincheisteanna a eascraíonn as bunú oifig an Mhéara nó as oibríochtaí an Achta
- feidhmeanna breise le bronnadh chun oibriú éifeachtach oifig an Mhéara a éascú
- an tionchar ar Luimneach a bheidh ag reachtaíocht mholta nó ag beartas rialtais
- aon ábhar eile maidir le Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh, agus
- maoiniú Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh chun críocha na n-ábhar sin
Soláthróidh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta seirbhísí tacaíochta rúnaíochta agus riaracháin don Fhóram Comhchomhairleach, mar aon le seirbhísí comhairle nó taighde, de réir mar is gá.