Tionscadail THRIVE fógartha: cómhaoiniú rialtais agus AE luach €90 milliún bronnta chun foirgnimh oidhreachta thréigthe i gceantair uirbeacha a athchóiriú
- Foilsithe: 9 Eanáir 2026
- An t-eolas is déanaí: 13 Eanáir 2026
D’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, go bhfuil maoiniú luach €90 milliún bronnta ar údaráis áitiúla trí THRIVE – Scéim Athbheochana Oidhreachta Thús Áite do Lár an Bhaile.
Arna chómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach, cuireann THRIVE ar chumas údarás áitiúil foirgnimh oidhreachta a athshamhlú agus a oiriúnú chun moil chultúrtha agus phobail atá úsáideach, bríomhar agus inbhuanaithe a chruthú. Níl sé mar aidhm ag THRIVE díreach díriú ar fhoirgnimh a athchóiriú, tá sé dírithe ar éiteas dearaidh nua a chothú in athghiniúint bailte Éireannacha, trí fhís ghlas na hEorpa a nascadh le fuinneamh agus uaillmhian áitiúil.
Léiríonn THRIVE an tslí is féidir le hinfheistíocht straitéiseach dlús a chur le hathghiniúint áitiúil, dearadh, nuálaíocht agus fís pobail a thabhairt le chéile faoi bheartas Thús Áite do Lár an Bhaile an rialtais agus tacú le cur chuige Bauhaus Eorpach Nua.
Trí ghlao ar chistí iomaíoch, léirigh údaráis áitiúla an tslí ar chinn rannpháirtíocht saoránach agus pobail an úsáid deiridh is tairbhí le haghaidh na bhfoirgneamh sin. I measc na dtionscadal maoinithe beidh forbairt á dhéanamh ar leabharlanna, beairicí, hallaí, bainc neamhúsáidte agus áiteanna eile mar spásanna cosúil le moil phobail ilfheidhmeacha, músaeim agus spásanna d’imeachtaí, agus i spásanna áirithe beidh gairdíní dín ar féidir leis an bpobal taitneamh a bhaint astu.
Tá maoiniú bronnta ar na tionscadail seo a leanas:
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Browne le linn dó fáiltiú roimh an maoiniú atá bronnta:
“Tá sé mar aidhm leis an maoiniú seo cuma an 21ú haois a chuir ar ár bhfoirgnimh oidhreachta – an tacaíocht a theastaíonn uathu a thabhairt d’údaráis áitiúla chun na sócmhainní tábhachtacha seo a chaomhnú agus a chosaint, agus chun a n-athúsáid inbhuanaithe i measc na nglúnta amach anseo a chinntiú. Cuireann na cineálacha tionscadal athghiniúna seo le beocht ár mbailte agus cathracha – athnuann siad ár spásanna uirbeacha agus cinntíonn siad gur áiteanna níos fearr iad chun cónaí iontu, chun oibriú iontu agus chun cuairt a thabhairt orthu.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Christopher O’Sullivan, Aire Stáit don Dúlra, don Oidhreacht agus don Bhithéagsúlacht:
“Is sócmhainn nádúrtha ríthábhachtach iad ár bhfoirgnimh oidhreachta – saibhríonn siad ár sráidbhailte, bailte agus cathracha, agus níl aon chúis ann nach féidir linn úsáid a bhaint as na sainchomharthaí seo fad is atá a luach stairiúil á chosaint. Dá réir sin, is cúis áthais dom go bhfuilimid ag cabhrú chun tacú le húdaráis áitiúla agus le saoránaigh áitiúla chun cuid de na foirgnimh iontacha seo a athbheochan chun tairbhe gach duine sa phobal.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag John Cummins, Aire Stáit don Rialtas Áitiúil agus Pleanáil:
“Tá an rialtas tiomanta do dhul i ngleic le folúntas inár mbailte agus cathracha. Tacóidh maoiniú THRIVE le hathghiniúint oidhreachta agus cabhróidh sé lenár mbeartas Tús Áite do Lár an Bhaile a chur i gcrích. Is é an aidhm atá le Tús Áite do Lár an Bhaile cabhrú le húdaráis áitiúla oibriú lena bpobail chun pleananna nua a fhorbairt chun foirgnimh oidhreachta thearcúsáidte a athrú agus a cheiliúradh chun tairbhe gach duine sa cheantar áitiúil – beocht nua a thabhairt isteach i mbailte agus in ionaid uirbeacha ar fud na tíre.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag David Kelly, Stiúrthóir Thionól Réigiúnach an Deiscirt:
“Bhí an tslí ar freagraíodh do ghairm THRIVE eisceachtúil, fianaise ar an bhfonn atá ar dhaoine sna réigiúin ar fad déileáil le folúntas agus foirgnimh oidhreachta a thabhairt chun beochta arís. Is ionann THRIVE agus cor cinniúnach sa tslí a bhfuilimid ag díriú ar athghiniúint inár réigiúin. Tugann sé le chéile maoiniú Eorpach, maoiniú náisiúnta agus saineolas áitiúil chun treoirphlean a chruthú d’athchóiriú oidhreachta inbhuanaithe. Ní hamháin go n-athróidh an cur chuige seo bailte aonair ó bhonn, múnlóidh sé an tslí a mbímid ag smaoineamh ar athghiniúint ar scála náisiúnta.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Conall McGettigan, Stiúrthóir Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair:
“Tacaíonn na Tionóil Réigiúnacha le forbairt réigiúnach chothrom agus le hathbheochan ár mbailte mar atá sonraithe inár Straitéisí Réigiúnacha Spásúla agus Eacnamaíocha. Is sampla dearfach é fógra an lae inniu d’úsáid a bheith á baint as maoiniú CFRE chun cabhrú le tionscadail athghiniúna oidhreachta i gcuid de na príomhionaid uirbeacha inár gContaetha, trí chur ar chumas údarás áitiúil agus pobal roinnt sócmhainní oidhreachta sainchomhartha ar fud ár réigiúin a athbheochan.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Cathaoirleach Thionól Réigiúnach an Deiscirt, an Comhairleoir Andrew McGuinness:
“Is cuid d’fhéiniúlacht ár mbailte iad foirgnimh oidhreachta, tá cuimhní agus scéalta atá tábhachtach in intinn daoine áitiúla fréamhaithe iontu. Ciallaíonn an infheistíocht shuntasach seo i Réigiún an Deiscirt agus Réigiún an Oirthir agus Lár na Tíre, go bhfuil pobail i gcroílár athghiniúint lár an bhaile. Tugann sé deis do dhaoine áitiúla a dtuairimí maidir le hathearraíocht foirgneamh oidhreachta a roinnt, agus cinntítear go bhfreastalaíonn siad ar riachtanais an tsaoil chomhaimseartha fad is atá ceiliúradh á dhéanamh ar a luach stairiúil.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Cathaoirleach Thionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair, an Comhairleoir Michéal Frain:
“Fáiltím roimh an maoiniú suntasach a fógraíodh inniu a chuirfidh ar chumas údarás áitiúil inár réigiún foirgnimh stairiúla a athbheochan i lár bailte, caomhnú a mheascadh le riachtanais an lae inniu agus a ráthú go mbeidh na láithreáin luachmhara seo úsáideach do na glúnta amach anseo. Déanfaidh na Tionscadail Thrive ar tagraíodh dó i bhfógra maoinithe an lae inniu difríocht dháiríre.”
Tá THRIVE ag múnlú todhchaí inbhuanaithe agus ionchuimsitheach do lár bailte na hÉireann agus spreagann sé cur chuige bunaithe ar an saoránach agus ar an bpobal maidir le pleanáil, dearadh agus roghnú tionscadail laistigh de chreat Tús Áite do Lár an Bhaile. Díríonn sé ar dhul i ngleic le folúntas agus dearóiliú agus díríonn sé ar chosaint fhadtéarmach ár sócmhainní oidhreachta.
Táthar ag súil go gcuirfear tús leis na tionscadail a fógraíodh inniu ag deireadh 2025 agus go gcruthóidh siad buntáistí fadtéarmacha do na pobail áitiúla.
Tá THRIVE á chómhaoiniú ag Rialtas na hÉireann agus ag an Aontas Eorpach trí Chlár Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair CFRE agus Clár Réigiúnach an Deiscirt, an Oirthir agus Lár na Tíre CFRE 21-27. Tá an scéim comhdheartha ag na Tionóil Réigiúnacha agus ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, chun díriú ar chuspóirí beartais Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha.
Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.nwra.ie agus ag www.southernassembly.ie.