Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tosaíodh ar 33,784 áit chónaithe sa chéad sé mhí de 2024

D’fhoilsigh an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta a sonraí míosúla ar líon na bhFógraí Tosaithe (tosuithe tógála cónaithe) do mhí an Mheithimh 2024.

Cuireadh tús le 1,663 áit chónaithe i Meitheamh 2024. Sa chéad sé mhí de 2024 (Eanáir – Meitheamh), tosaíodh ar 33,784 áit chónaithe, níos mó ná dhá oiread an 15,561 aonad (ardú 117%) a tosaíodh sa chéad leath de 2023.

Tá líon na dtosuithe don chéad leath de 2024 níos airde anois ná an líon a tosaíodh sa bhliain 2023 ar fad (32,801).

Le 12 mhí anuas (Iúil 2023 go dtí Meitheamh 2024), tosaíodh ar 51,024 aonad, ardú 80% ar an 28,369 aonad a tosaíodh sna 12 mhí roimhe sin (Iúil 2022 go dtí Meitheamh 2023).

As na 1,663 áit chónaithe ar cuireadh tús leo i Meitheamh 2024, is áiteanna cónaithe scéime iad 37%, is árasáin iad 51%, agus baineann 12% le haonaid aonuaire. As na háiteanna cónaithe ar fad ar cuireadh tús leo i Meitheamh, bhí 45% díobh sna ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath.

Is féidir teacht ar an eolas ar fad ar líon na n-aonad a tosaíodh, ar fhógraí agus ar áiteanna cónaithe aonuaire ar bhonn náisiúnta agus údaráis áitiúil ó 2014 go dtí Meitheamh 2024 anseo:

Fógraí Tosaithe Cónaithe - Meitheamh 2024