Tuarascáil Mhíosúil um Dhaoine gan Dídean Mheitheamh 2023
- Foilsithe: 28 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- Taifeadadh go raibh rochtain ag 12,600 duine ar chóiríocht éigeandála i mí an Mheithimh – sin méadú 1.3% ar an mhí roimhe sin
- As an iliomad cúiseanna casta a cuireadh síos do dhaoine a bheith gan dídean ba iad an dá chúis ba choitianta a tugadh i R2 ná cliseadh caidrimh / imthosca teaghlaigh (28.2%) agus Fógra Foirceanta (28.8%).
- I R2 2023 tháinig méadú 8% ar líon na ndaoine fásta, agus ar líon a gcleithiúnaithe, a chur cóiríocht éigeandála díobh, nó ar cuireadh cosc orthu, a dhul isteach ann i R1 2023
- Tá áit chónaithe agus tacaíocht á gcur ar fáil ag an Scéim Tús Áite um Thithíocht do 923 duine a bhfuil ardtacaíocht de dhíth orthu (daoine a bhí ina gcodladh taobh amuigh roimhe seo nó iarúsáideoirí fadtéarmacha cóiríochta éigeandála)
Inniu, d'fhoilsigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien TD, (an 28 Iúil 2023) Tuarascáil Mhíosúil um Dhaoine gan Dídean Mheitheamh 2023 agus Tuarascáil Ráithiúil ar Dhul Chun Cinn um Dhaoine gan Dídean Ráithe 2 2023.
Tuarascáil Mhíosúil um Dhaoine gan Dídean Mheitheamh 2023
Léirítear i dTuarascáil Mhíosúil um Dhaoine gan Dídean Mheitheamh 2023 go raibh 12,600 duine i gcóiríocht éigeandála, ar méadú 159 (1.3%) ar iomlán mhí na Bealtaine 2023 é. Bhí 5,880 duine fásta singil agus 1,804 teaghlach i gcóiríocht éigeandála sa mhí, 3,765 leanbh (faoi bhun 18 mbliana d'aois) ina measc.
Tuarascáil Ráithiúil ar Dhul Chun Cinn um Dhaoine gan Dídean Ráithe 2 2023
Léirítear sa tuarascáil gur fhág san iomlán 1,572 duine fásta agus a gcleithiúnaithe, i R2 2023, cóiríocht éigeandála nó gur cuireadh stop leo de bheith i gcóiríocht éigeandála de thoradh gur cruthaíodh tionóntacht. Is ionann sin agus méadú 8% ar Ráithe 1 2023.
Léirítear sa tuarascáil Ráithiúil ar Dhul Chun Cinn freisin líon na dteaghlach nua a thagann ar lorg seirbhísí do dhaoine gan dídean agus líon na dteaghlach atá ag dul isteach agus ag fágáil cóiríocht éigeandála ar bhonn náisiúnta.
Go náisiúnta, mhéadaigh an teacht isteach teaghlaigh 24.5% ar R1 (ó 669 go 833). As an 833 teaghlach a tháinig isteach, cuireadh stop le 352 (42%) de na teaghlaigh sin a bheith i gcóiríocht éigeandála de thoradh cruthú tionóntachta. Bhí 207 teaghlach amuigh as cóiríocht éigeandála agus istigh i dtionóntacht sa ráithe, sin laghdú 3.7% ar an 215 teaghlach a chur a bheith gan dídean díobh in R1.
Léirítear sa Tuarascáil Ráithiúil freisin go raibh 44.7% de theaghlaigh aonair a bhí i gcóiríocht éigeandála ar an oíche dheireanach den ráithe i gcóiríocht éigeandála le níos lú ná 6 mhí (sin 2,552 as 5,715 teaghlach singil).
Léirítear sa tuarascáil freisin an dul chun cinn atá déanta maidir leis an bPlean Forfheidhmithe Náisiúnta um Thús Áite do Thithíocht 2022-2026 a chur i bhfeidhm, príomhfhreagairt chun deireadh a chur le fadhb fhadtéarmach na ndaoine gan dídean i measc daoine a bhfuil riachtanais chasta sláinte agus mheabhairshláinte acu. Cuireann an Clár Tús Áite do Thithíocht áit chónaithe ar fáil do na daoine is leochailí inár ndaonra atá gan dídean chomh maith le timchúram tacaíochta sláinte agus sóisialta.
Cuireadh tús le 64 tionóntacht nua tacaithe in R2 2023. De thoradh an chláir, tá 923 duine a raibh ardtacaíocht ag teastáil uathu, a bhíodh ina gcodladh taobh amuigh nó ina n-úsáideoirí fadtéarmacha cóiríochta éigeandála, ina gcónaí agus ag fáil tacaíochta ina dtithe féin.
Agus é ag trácht ar na tuarascálacha a foilsíodh inniu, dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O'Brien TD:
“Ar an drochuair tá méadú tagtha ar líon na ndaoine i gcóiríocht éigeandála. Tá an scéal an-dúshlánach ach tá an Rialtas, na húdaráis áitiúla agus iad siúd inár n-earnálacha neamhrialtasacha ag obair le chéile agus ag déanamh gach iarrachta líon na ndaoine atá gan dídean a laghdú. Is tosaíocht de chuid an Rialtais é dul i ngleic leis an gceist seo.
“Tá a fhios againn go bhfuil sé ríthábhachtach an soláthar tithe nua a mhéadú, go háirithe tithe sóisialta agus inacmhainne, chun dul i ngleic le heaspa dídine. Léiríonn figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh a foilsíodh Dé Céadaoin gur críochnaíodh 14,017 teach sa chéad sé mhí de 2023, sin méadú 5.8% ar an tréimhse chéanna in 2022 agus an líon is mó tithe a críochnaíodh sa chéad leath d'aon bhliain a taifeadadh ó cuireadh tús le sraith sonraí na Príomh-Oifige Staidrimh in 2011. Léiríonn figiúirí tosaithe, a d'fhoilsigh mo Roinn an tseachtain seo caite, gur tosaíodh ar 15,561 teach nua a thógáil sa chéad sé mhí de 2023 – sin an líon is airde ó cuireadh tús leis an tsraith sonraí sin in 2015. Dá bharr seo, tá a fhios againn go bhfuil an soláthar ag méadú agus go bhfuilimid ag dul sa treo ceart.
“An tseachtain seo caite, sheol mé an scéim infheistíochta um Chíos Inacmhainne Tionóntachta Sláine (CITS). Tá sé mar aidhm ag an Scéim suas le €750m a infheistiú i seachadadh os cionn 4,000 teach ar Cíos Costais a bhainfidh tairbhe as tionóntachtaí slána. D'fhógair mé bearta breise le déanaí chun níos mó tithe a thógáil agus a thógáil níos tapúla, lena n-áirítear tobhaigh forbartha a chaitheamh i dtraipisí chun níos mó gníomhaíochta tógála a spreagadh. Cuirfidh na bearta sin borradh eile arís faoin soláthar. Chuir muid an líon is mó tithe sóisialta ar fáil anuraidh – sin an líon is mó ó 1975. Cabhróidh sé seo ar fad le líon níos mó roghanna tithíochta a chur ar fáil, lena n-áirítear dóibh siúd atá i mbaol a bheith gan dídean.”
“Níl acmhainní agus maoiniú chun dul i ngleic le heaspa dídine ina mbac ar an obair phráinneach a theastaíonn chun dul i ngleic leis an easpa dídine. Chuir Buiséad 2023 maoiniú os cionn €215 milliún ar fáil, sin méadú 10% ar an mbliain seo caite, chun seirbhísí um dhaoine gan dídean a sholáthar. Cinntíonn sé seo ní amháin gur féidir le húdaráis áitiúla cóiríocht éigeandála a chur ar fáil ach bearta coiscthe do dhaoine gan dídean freisin. Lena chois, cinnteoidh sé a gcumas cabhrú le teaghlaigh aistriú go héifeachtach ó easpa dídine go tionóntachtaí slána.
“Chomh maith lenár bhfócas ar mhéadú an tsoláthair, thug mé isteach roinnt beart chun cabhrú leo siúd atá i mbaol a bheith gan dídean de réir mar a chuirtear deireadh de réir a chéile le Moratóir Díshealbhaithe an Gheimhridh. Áirítear leis seo díriú ar 1,000 eile aonad léasaithe a thabhairt isteach, rud a chinnteoidh 1,500 ceannach tionónta in situ ar a laghad sa bhliain 2023, agus méadú ar chóiríocht éigeandála de thoradh 2,000 leaba nua a ionchorprú.”
CRÍOCH