English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Deontais Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine Scothaosta agus do Dhaoine faoi Mhíchumas (Tithe Príobháideacha)

Cuirtear maoiniú ar fáil d’údaráis áitiúla i leith na nDeontas Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine Scothaosta agus do Dhaoine faoi Mhíchumas chun cabhrú le daoine incháilithe a bhfuil cónaí orthu i dtithe príobháideacha a n-áit chónaithe a dhéanamh níos oiriúnaí dá riachtanais.

Tá an tsraith deontas atá ar fáil d’úinéirí tithe príobháideacha maoinithe 85% ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, le ranníocaíocht 15% ó acmhainní na n-údarás áitiúil ar fad. Tá trí chineál deontais ar leith ar fáil mar seo a leanas:

  • Cabhraíonn an Deontas Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas le daoine faoi mhíchumas chun oiriúnuithe riachtanacha, nó oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh, chun a n-áit chónaithe a dhéanamh níos oiriúnaí dá riachtanais
  • Tá an Deontas Áiseanna Soghluaisteachta ar fáil chun tosaíocht a thabhairt do dheontais chun sraith bhunúsach oibreacha a chlúdach chun aghaidh a thabhairt ar bhall den teaghlach a bhfuil fadhbanna soghluaisteachta aige. I measc na n-oibreacha cáilithe tá soláthar cathaoireacha staighre, cithfholcadán boinn leibhéalta, crocháin riain shuite, rampaí rochtana, greimráillí agus roinnt mionoibreacha oiriúnaithe; agus
  • Cabhraíonn an Deontas Cúnaimh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta le daoine scothaosta a bhfuil cónaí orthu i ndroch-choinníollacha tithíochta deisiúcháin nó feabhsúcháin riachtanacha a dhéanamh. I measc na n-oibreacha atá incháilithe don deontas tá deisiúcháin nó feabhsúcháin struchtúracha, athshreangú, soláthar uisce agus áiseanna sláintíochta, deisiú nó soláthar teasa agus deisiúcháin nó athsholáthar fuinneoga agus doirse.

Ar an 26 Meán Fómhair 2024, d’fhoilsigh an tAire O’Brien agus Dillon an Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar na Deontais Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine Scothaosta agus do Dhaoine faoi Mhíchumas. Tá an Tuarascáil ar an Athbhreithniú ar na Deontais Oiriúnaithe Tithe do Dhaoine Scothaosta agus do Dhaoine faoi Mhíchumas ar fáil ag an nasc seo a leanas:

Fógraíonn an tAire O’Brien agus an tAire Dillon athchóirithe tar éis athbhreithniú ar na Deontais Oiriúnaithe Tithíochta