Deontais Tuíodóireachta
- Foilsithe: 18 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 21 Feabhra 2024
- An méid atá i gceist leis an Deontas Tuíodóireachta
- Conas Cáiliú
- Iarratas a dhéanamh
- Ag Fáil an Deontais
An méid atá i gceist leis an Deontas Tuíodóireachta
Tá an deontas tuíodóireachta ar fáil chun díonta tuí a athchóiriú ar thithe ina gcónaíonn úinéir an tí. Féadfar deontas suas le €3,810 nó dhá thríú den chostas ceadaithe (cibé acu is lú) a íoc i leith obair riachtanach chun díon tuí ar theach a réiteach nó a dheisiú. Féadfar deontas níos airde (suas le €5,714) a íoc i leith tithe atá lonnaithe ar Oileáin ar leith. I gcás úinéirí maoine cáilitheacha tuí, ar sealbhóirí Cárta Leighis iad freisin, is é an t-uasdeontas atá ar fáil ná €6,350, nó suas le 80% den chostas faofa (€8,252 do na hOileáin).
Conas Cáiliú
Ceadaítear an deontas a fhad agus a shásaítear na coinníollacha seo a leanas:
- caithfidh gur tógadh do theach ar a laghad 10 mbliana ó shin
- caithfidh struchtúr do thí a bheith slán
- go mbeidh an teach, ar an obair a thabhairt chun críche, ina ghnátháit chónaithe. [Níl tithe nach bhfuil cónaí iontu ach ar bhonn páirtaimseartha (m.sh. tithe saoire) incháilithe.]
- nach gcuirtear tús leis an obair go mbeidh cigireacht déanta ag cigire ón An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ar an teach.
- go dtugtar faoin obair de réir dea-chleachtas tuíodóireachta, go dtugtar chun críche go sásúil í agus go dtugtar faoi aon obair eile a mheasfadh an Roinn a bheith riachtanach.
- go bhfuil costas na hoibre ceadaithe os cionn €952
- caithfidh iarratasóirí a n-uimhreacha cáin ioncaim a thabhairt agus a dheimhniú go bhfuil a ngnóthaí cánach in ord.
Riachtanais Struchtúracha
Caithfidh an obair a dhéantar na riachtanais thíos a chomhlíonadh:
- lucht ceirde a bhfuil taithí acu agus na scileanna chun ábhar tuíodóireachta a úsáid is ceart an obair a dhéanamh
- tuí nó giolcach oiriúnach is ceart a úsáid.
- ní mór aon tuí atá lofa nó go dona a bhaint anuas agus gach poll domhain a dheisiú agus a chothromú
- sa chás is go bhfuil an díon á réiteach ar fad, ba chóir an tuí nua a bheith 350mm ar tiubhas ar a laghad agus é a bheith leagtha ar bhonn slán agus láidir
- ní mór mullaí, sceimhleacha, ciumhaiseanna a réiteach go cuí chun cosc a chur ar bhraon anuas.
- sa chás is go bhfuil tuí ag síneadh leis an simléir ba chóir ábhar fleasctha oiriúnach a chur ar fáil.
- ba chóir cosaint chuí a bheith ag an díon ó ionsaithe ó éin nó ó mhíolra.
Deontas a Dhiúltú
Is féidir do dheontas a dhiúltú sna cásanna seo a leanas:
- má íocadh deontas chun an tuí a athnuachan nó a dheisiú faoin scéim seo nó faoi scéim Roinn na Gaeltachta, murach go ndearnadh an deontas deireanach a íoc ar a laghad 7 mbliana ó shin
- ní raibh díon tuí ar an teach roimhe seo
Iarratas a dhéanamh
Cá háit a ndéanfaidh tú iarratas
Léigh an t-eolas tacaíochta a chuirtear san áireamh sa cháipéis Meabhrán Mínithe HA2T thíos agus líon an fhoirm iarratais thíos ansin.
Seol d’fhoirmeacha iarratais chomhlánaithe go hiomlán chuig:
Housing Grants Section
- Seoladh:
- Department of Housing, Local Government and Heritage, Government Buildings, Ballina, Co. Mayo, F26 E8N6
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
096 24283
Cathain is Ceart Iarratas a Dhéanamh
Ní mór iarratais a dhéanamh in am trátha lena chinntiú gur féidir iniúchadh a dhéanamh sula dtosaítear ar an obair. Moltar d’iarrthóirí gan tosú díreach tar éis an iniúchta ach fanacht go dtí go bhfaighidh tú cinneadh maidir le d’incháilitheacht agus ar mhéid an deontais a bhfuil tú i dteideal a fháil. Má chuirtear tús leis an obair sula ndéanfar iniúchadh, ní cheadófar deontas.
D’fhonn moilleanna a sheachaint, déan cinnte le do thoil go bhfreagraítear gach ceist ar an bhfoirm iarratais go hiomlán. Is féidir foirmeacha iarratais nach bhfuil comhlánaithe go hiomlán a sheoladh ar ais chuig iarrthóirí.
Ag Fáil an Deontais
Eiseofar Deimhniú Faofa tar éis na chéad iniúchta má cháilíonn an obair beartaithe le haghaidh deontas. Nuair a bheidh an obair críochnaithe, ba chóir an Deimhniú Faofa a thabhairt ar ais don Roinn arna shíniú ag an iarrthóir agus an tuíodóir a rinne an obair.
Tar éis dúinn an Deimhniú Faofa síníthe a fháil, déanfar iniúchadh agus íocfar an deontas ina dhiaidh sin, ar choinníoll go mbeidh an obair go léir ceadaithe agus aon deisiúcháin riachtanacha eile curtha i gcrích go sásúil.
Níl aon bharánta ag an Aire maidir le deontas a íoc maidir leis na hoibreacha a dhéantar nó fóntacht struchtúrach an tí.