Deontas Comhairle Saineolaithe

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Deontas Comhairle Saineolaithe


Céard é den Deontas Sainchomhairle le haghaidh Athoiriúnú Réadmhaoin Fholamh Os Cionn an tSiopa agus Athoiriúnú Iarfhoirgneamh Tráchtála / Úsáide Poiblí go dtí aonaid chónaithe?

Soláthraíonn an Deontas Sainchomhairle íocaíocht de suas le €5,000 chun tairbhe a bhaint as gairmí cuícháilithe chun sainchomhairle a chur ar fáil d’úinéir aon cheann acu seo a leanas;

  • Foirgneamh lena mbaineann gné thráchtála agus spás folamh os cionn an tsiopa a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as an Deontas do Réadmhaoin Fholamh Os Cionn an tSiopa chun an spás folamh a athoiriúnú nó a athchóiriú mar aona(i)d c(h)ónaithe, agus an ghné thráchtála a fhágáil mar atá.
  • Iarfhoirgneamh tráchtála / úsáide poiblí folamh a d’fhéadfadh tairbhe a bhaint as an Deontas d’Athchóiriú Réadmhaoine Foilmhe - Athoiriúnú Iarfhoirgnimh Thráchtála / Úsáide Poiblí, chun an foirgneamh iomlán a athoiriúnú mar dhá aonad chónaithe nó níos mó.

Conas Cáiliú don Deontas

Chun cáiliú don deontas, ní mór duit:

  • Cruthúnas maidir le húinéireacht an fhoirgnimh. Ní féidir ach le daoine ainmnithe iarratais a dhéanamh. Níl an deontas ar fáil do chuideachtaí cláraithe.

Conas a bheidh a fhios agat an bhfuil Réadmhaoin Incháilithe don scéim

Foirgnimh atá cáilithe;

Athoiriúnuithe / athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh Os Cionn an tSiopa - foirgnimh ina mbeidh an ghné thráchtála á fágáil

  • Ní mór go mbeadh an foirgneamh tógtha roimh 2008.
  • Ní mór go mbeadh an foirgneamh lonnaithe i gcathair, baile nó sráidbhaile.
  • Ní mór go mbeadh gné thráchtála san fhoirgneamh agus spás folamh os cionn an tsiopa nó iar-aonaid chónaithe fholmha.
  • Ní mór go mbeadh spás an tsiopa folamh i gcomhair tréimhse 2 bhliain ar a laghad roimh dháta an iarratais.
  • Ní ceanglas atá ann go mbeadh gné thráchtála na réadmhaoine folamh i gcomhair tréimhse dhá bhliain. D’fhéadfadh an ghné thráchtála a bheith in úsáid faoi láthair nó folamh.
  • Ní mór go mbeadh gné thráchtála an fhoirgnimh fós i bhfeidhm.

Iarfhoirgneamh tráchtála / úsáide poiblí – sa chás go bhfuil an foirgneamh iomlán á athoiriúnú mar dhá aonad chónaithe nó níos mó

  • Ní mór go mbeadh an foirgneamh tógtha roimh 2008.
  • Ní mór go mbeadh an foirgneamh lonnaithe i gcathair, baile nó sráidbhaile nó ceantar tuaithe.
  • Ní mór go mbeadh aicme úsáide an fhoirgnimh ag teacht le críocha tráchtála/úsáide poiblí.
  • Ní mór go mbeadh an foirgneamh folamh i gcomhair tréimhse 2 bhliain nó níos mó ar dháta an iarratais.
  • Ní mór go mbeadh sé beartaithe / go mbeadh sé indéanta dhá aonad chónaithe nó níos mó a chruthú san fhoirgneamh.

Fianaise agus doiciméid eile nach mór duit a sholáthar

Doiciméid atá riachtanach chun tacú leis an bhfoirm iarratais:

  1. Cruthúnas ar úinéireacht.
  2. Fianaise ar fholúntas.
  3. Léarscáil de shuíomh an láithreáin.
  4. Cruthúnas gur tógadh an foirgneamh roimh 2008.
  5. Grianghra(i)f s(h)oiléir(e) agus reatha den fhoirgneamh. Ba cheart go mbeadh radharc ginearálta ar an taobh amuigh (aghaidh agus cúl) le feiceáil; tithe lasmuigh gaolmhara; radharc ginearálta ar an láithreán/comhthéacs chun teacht ar thuiscint ar an suíomh ginearálta etc.; sonraí taobh istigh, cosúil leis an úsáid atá á baint as an bhfoirgneamh agus spás i láthair na huaire.
  6. Meastachán don Tuarascáil Sainchomhairle, le cur i gcrích ag gairmí ábhartha.
  7. Cruthúnas ar cháilíochtaí ábhartha an ghairmí roghnaithe, curtha san áireamh mar dheimhnitheoir sannta.

Rátaí íocaíochta

Cuirfear íocaíocht suas le €5,000 ar fáil chun íoc as an Tuarascáil Sainchomhairle a fhaigheann tú. Ní féidir leis an deontas iomlán a lorgaítear a bheith cothrom le níos mó ná 67% den chostas foriomlán, CBL san áireamh.

Déan Iarratas

Tá an Deontas Sainchomhairle á riar ag údaráis áitiúla. Is féidir leat iarratas a sheoladh chuig an údarás áitiúil ina bhfuil an foirgneamh lonnaithe.

Doiciméid

Expert Advice Scheme Outline - Irish version 1-4-26
Amharc amharc
Expert Advice Grant Applcation form Irish version
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat