Faoiseamh Cánach A.482
- Foilsithe: 21 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 25 Aibreán 2022
Cad is Faoiseamh Cánach A.482 ann
Le hAlt 482 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, cuirtear faoiseamh cánach ar fáil d’úinéir nó d’áitritheoir foirgnimh fhormheasta (an gairdín mórthimpeall san áireamh), nó gairdín formheasta (a sheasann leis féin), i ndáil le caiteachas a tabhaíodh ar é a dheisiú, a chothabháil nó a athchóiriú.
Conas cáiliú
Déanann an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta réadmhaoin a mheas faoi na critéir seo a leanas:
- Ailtireacht
- Aeistéitic
- Eolaíocht
- Stairiúil
Déantar iarratais ghairdín a mheas faoi na critéir thuas agus ní mór iad a mheas mar:
- Gairneoireacht
D’fhéadfadh na Coimisinéirí Ioncaim foirgnimh a fhormheas a bhfuil rochtain éasca ag an bpobal orthu nó a chuireann lóistín ar fáil do thurasóirí.
Déan iarratas
Is féidir Foirmeacha Iarratais a íoslódáil thíos.
Tuilleadh eolais
Deimhniú Foirgneamh Formheasta agus/nó Gairdíní Formheasta:
Réadmhaoin Alt 482 Oscailte don Phobail:
Féach ar réadmhaoin oidhreachta agus/nó gairdíní formheasta Alt 482 atá oscailte don phobal.
Bileog Eolais na gCoimisinéirí Ioncaim:
Féach ar eolas agus ar fhoirmeacha a bhaineann le caiteachas ar fhoirgnimh agus ar ghairdíní formheasta.