Scéim Deontais um Chomhairle Chaomhnaithe do Thithe Traidisiúnta
- Foilsithe: 28 Meitheamh 2024
- An t-eolas is déanaí: 25 Márta 2026
Tá an Scéim Deontais um Chomhairle Chaomhnaithe do Thithe Traidisiúnta oscailte anois d’iarratais le haghaidh 2026.
Is scéim mhaoinithe leathnaithe í an Scéim Deontais um Chomhairle Chaomhnaithe do Thithe Traidisiúnta chun deontais le haghaidh sainchomhairle chaomhnaithe a sholáthar d'úinéirí tithe traidisiúnta atá ag baint leasa as an Deontas um Athchóiriú Réadmhaoine Folmha, nó atá ag smaoineamh ar an Deontas sin.
Cuireann an Scéim Deontais um Chomhairle Caomhantais deontais ar fáil chun 67% de na costais (suas le huasdeontas €5,000) a bhaineann le saineolaí caomhantais a bhfuil saineolas cruthaithe agus cuí aige/aici a chlúdach:
- cuairt a thabhairt ar fhoirgneamh traidisiúnta
- suirbhé a dhéanamh, agus
- comhairle chaomhnaithe shaincheaptha a thiomsú d'úinéir na réadmhaoine.
Cuimseoidh an chomhairle shaineolach seo tuarascáil a thabharfaidh breac-chuntas ar riocht an fhoirgnimh agus a shainaithneoidh feabhsuithe caomhnaithe a chuirfeadh ar ais in úsáid é agus ag in am céanna a chuirfeadh lena charachtar, a éifeachtúlacht fuinnimh, a shláine agus a thaitneamhacht.
Ó 2026 i leith, leathnaíodh raon feidhme na scéime deontais seo chun liúntas a chur san áireamh le haghaidh comhairle sábháilteachta dóiteáin d’ilaonaid áitíochta i dtithe traidisiúnta. Baineadh an ceanglas go mbeadh an teach folamh freisin, agus, ar an gcaoi sin, spreagtar úinéirí cónaithe chun an scéim deontais a úsáid d’fhonn feidhmíocht fuinnimh a dtithe traidisiúnta a uasghrádú (féach an Leabhrán Treorach d’Iarratasóirí le haghaidh tuilleadh sonraí).
Tacaíonn an scéim seo le haidhmeanna an Tithe a Sheachadadh, Pobail a Thógáil 2025-2030, agus an Plean Náisiúnta Iarfheistithe Cónaithe.
Cineálacha foirgneamh a cháilíonn
Tacaíonn an Scéim Deontais um Chomhairle Caomhantais le hathchóiriú réadmhaoine faoi dhá shruth.
Sruth 1
Tá Sruth 1 den scéim oscailte d’úinéirí tithe traidisiúnta i sráidbhailte, i mbailte agus i gcathracha ina bhfuil an foirgneamh ina Struchtúr Cosanta agus/nó ina struchtúr stairiúil laistigh de Limistéar Caomhantais Ailtireachta.
Cáilíonn foirgnimh a úsáideadh roimhe seo chun críoch tráchtála don scéim freisin sa chás go bhfuil an úsáid atá beartaithe mar theaghais aonair nó mar theaghais aonair/ilteaghais os cionn an tsiopa.
Sruth 2
Tá Sruth 2 den scéim oscailte d’úinéirí Tithe Feirme Traidisiúnta ina a bhfuil an foirgneamh ina Struchtúr Cosanta agus/nó ina theach feirme stairiúil suite laistigh de Limistéar Caomhantais Ailtireachta agus/nó teach feirme dúchasach nach bhfuil aon chosaint reachtúil aige.
Is éard atá i dtithe feirme dúchasacha ná tithe measartha a thóg daoine gan teagasc foirmiúil de réir traidisiúin tíre fadbhunaithe, ag baint úsáide as ábhair mar:
- tuí
- cloch
- slinn
- cré
- caolach
- adhmad neamhghearrtha.
Iarratais
Seol an fhoirm chríochnaithe, grianghraif agus doiciméid ábhartha a ghabhann leis an iarratas go conservationadvicegrants@housing.gov.ie roimh an spriochdháta 5 i.n. ar an 8ú lá de Mhí Bealtaine 2026. Ná bíodh iarratais níos mó ná 10mb
Líne an ábhair: CAS26_1 nó CAS26_2 (i.e. Sruth 1 nó Sruth 2), agus seoladh an fhoirgnimh.
Ba chóir iarratais chomhlánaithe poist a sheoladh chuig: “Iarratas - Scéim Deontais um Chomhairle Chaomhnaithe do Thithe Traidisiúnta”, Seomra G.59, An tSeirbhís Náisiúnta maidir Oidhreachta Tógtha, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1, D01 W6X0