English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Scéim Deontais um Leasúchán Luaidhe Baile



Cad í an Scéim Deontais um Leasúchán Luaidhe Baile

Cabhraíonn an Scéim Deontais um Leasúchán Luaidhe Baile le teaghlaigh na costais a bhaineann le píobánra luaidhe nó feistis ghaolmhara atá suite laistigh den chóras dáileacháin inmheánach, atá nasctha le soláthar uisce tí a fhreastalaíonn ar theach, a athsholáthar.

Sonraítear raon feidhme an deontais agus na sainmhínithe ábhartha i Rialacháin na dTithe (Deontas um Leasúchán Luaidhe Baile), 2022 (I.R. Uimh. 519 de 2022), a tháinig i bhfeidhm ar an 1 Nollaig 2022.


Conas a cháilíonn tú

Féadfaidh tú a bheith i dteideal iarratas a dhéanamh ar dheontas chuig d'údarás áitiúil, má chomhlíonann tú na critéir atá leagtha amach sna Téarmaí agus Coinníollacha seo.

Chun cáiliú don deontas, ní mór duit an teach atá i gceist a áitiú mar do ghnátháit chónaithe. Más tionónta fadtéarmach den réadmhaoin tú, ní mór cead an úinéara a bheith agat chun na hoibreacha a dhéanamh.

Chun críocha na scéime deontais seo, ní mór gur áit chónaithe baile í an réadmhaoin. Eisiatar tithe saoire príobháideacha agus réadmhaoine a fheidhmítear ar bhonn tráchtála (mar shampla: ligean saoire gearrthéarmach, réadmhaoin féinfhreastail, carbháin/tithe soghluaiste, láithreáin carbháin/tí soghluaiste). Níl réadmhaoin atá faoi úinéireacht ag údarás áitiúil, comhlachas tithíochta, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) incháilithe.

Sula ndéanann tú iarratas ar dheontas, ní mór duit a chinntiú go bhfuil fianaise agat go bhfuil gá píopaí luaidhe agus feistis ghaolmhara a athsholáthar agus ní mór an fhianaise sin a chur san iarratas chuig d’údarás áitiúil ábhartha. Caithfidh an fhianaise sin a bheith i bhfoirm:

  • fógra ó sholáthraí uisce ag cur in iúl gur dócha go bhfuil píopaí luaidhe agus feistis ghaolmhara laistigh de chóras dáileacháin inmheánach an tí lena mbaineann,
  • deimhniú a eisíodh laistigh de na sé mhí díreach roimh dháta an iarratais ag saotharlann atá creidiúnaithe ag Bord Náisiúnta na hÉireann um Chreidiúnú, ag deimhniú go bhfuil luach paraiméadrach luaidhe sa soláthar uisce óil don teach lena mbaineann, a sháraíonn an teorainn reachtúil, 10μg/L faoi láthair (10 micreagram in aghaidh an lítir),
  • fógra ó ghairmí tógála cláraithe ag cur in iúl go bhfuil píopaí luaidhe agus feistis ghaolmhara suite laistigh de chóras dáileacháin inmheánach an tí lena mbaineann

Iarratas a dhéanamh

Leanfaidh na húdaráis áitiúla ar aghaidh ag riaradh na scéime thar ceann na Roinne Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Beidh feidhm ag an nós imeachta seo a leanas maidir le próiseáil na ndeontas go léir faoi Rialacháin na dTithe (Deontas um Leasúchán Luaidhe Baile), 2022:

  • ba chóir éilimh ar íocaíocht a chur faoi bhráid an údaráis áitiúil ina bhfuil an teach, ábhar an iarratais, lonnaithe
  • ní mór éilimh a chur isteach ar an bhfoirm DLRG 1a. Féadfaidh tú an fhoirm seo a fháil ó d’údarás áitiúil
  • má theastaíonn cúnamh leis an bhfoirm a chomhlánú, déan teagmháil leis an údarás áitiúil ábhartha le do thoil
  • ina dhiaidh sin, cuirfidh an t-údarás áitiúil ábhartha comhairle ar an iarratasóir i scríbhinn (nó trí ríomhphost) má mheastar go bhfuil an t-iarratas incháilithe (faoi réir téarmaí agus coinníollacha) nó neamh-incháilithe
  • nuair a fhaightear agus a fhíoraítear na doiciméid go léir a theastaíonn, mar atá sonraithe sna Téarmaí agus Coinníollacha seo, déanfaidh an t-údarás áitiúil iarracht an t-éileamh a phróiseáil chomh tapa agus is féidir
  • forchoimeádann an t-údarás áitiúil an ceart chun aon fhiosrúcháin a mheasann sé a bheith riachtanach a dhéanamh, chun faisnéis nó doiciméid tacaíochta a chuirtear ar fáil mar chuid d'éileamh ar chúnamh deontais a fhíorú, agus féadfaidh sé a eisiamh ó bhreithniú ar chúnamh deontais aon iarratasóir a sholáthraíonn faisnéis nó doiciméid bhréagacha nó mhíthreoracha

Téarmaí agus Coinníollacha