Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Scéim Iasachta Tithíochta de chuid Atógáil na hÉireann

Cad í an Scéim Iasachta um Cheannach Tí de chuid Atógáil Éireann

Morgáiste le tacaíocht ón rialtas ab ea an Iasacht um Cheannach Tí de chuid Atógáil Éireann roimhe seo chun ligean do cheannaitheoirí céaduaire réadmhaoin nua nó dara láimhe a cheannach, nó a dteach fhéin a thógáil. Gnáthmhorgáiste caipitil agus úsmhar is ea an iasacht a aisíoctar trí dhochar díreach ar bhonn míosúil.

Amhail an 4ú Eanáir 2022, glacfaidh Scéim Iasachta um Cheannach Tí De Chuid an Údaráis Áitiúil áit na Scéime Iasachta um Cheannach Tí de chuid Atógáil Éireann.

Níl aon tionchar ar aon iasachtaí, iarratais ar iasachtaí atá idir lámha nó ceadanna atá fós le réiteach faoin Scéim Iasachta um Cheannach Tí de chuid Átógáil Éireann agus leanfar lena bpróiseáil faoin scéim seo.

Amhail an 4ú Eanáir 2022, ní ghlacfar níos mó le hiarratais ar Scéim Iasachta um Cheannach Tí de chuid Atógáil Éireann. Déanfar gach iarratas nua a phróiseáil faoi Scéim Iasachta um Cheannach Tí an Údaráis Áitiúil.

Is féidir tuilleadh eolais agus mionsonraí iomlána faoin iasacht nua a fháil ar láithreán greasáin um Cheannach Tí an Údaráis Áitiúil.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat