Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SIOT)
- Foilsithe: 26 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 23 Eanáir 2026
An Scéim Infheistíochta don Oidhreacht 2026
Tá An Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2026 (SIOT) ann chun deisiú agus caomhnú a dhéanamh ar struchtúir atá faoi chosaint faoi na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt.
Tá mar aidhm ag an scéim seo tacú le
- líon suntasach tionscadal caomhantais dhlúthshaothair de scála beag ar fud na tíre
- a fhostaíonn gairmithe caomhantais agus ceardaithe oilte a bhfuil taithí acu leis an timpeallacht thógtha stairiúil a dheisiú.
Tá deontais idir €2,500 agus €50,000 ar fáil.
Cuimsíonn an scéim sruthanna le haghaidh foirgneamh dúchasacha agus aghaidheanna siopaí stairiúla freisin, a bhí mar chuid den Chiste Struchtúr Stairiúil roimhe seo, chomh maith le sruth deontais ‘micrea’ le haghaidh oibreacha cothabhála rialta agus deisiúcháin bheaga.
Tá an scéim á riar go ginearálta tríd na húdaráis áitiúla.
Déan teagmháil linn
Déanann iarratasóirí a n-iarratais tríd a nÚdarás Áitiúil.
Tá am na n-iarratas thart anois. Faoi réir maoiniú, féidfear iarratais a chur isteach don scéim seo i mí Iúil 2026.
Tá sonraí na scéime agus treoracha ar conas iarratas a dhéanamh le fáil sna doiciméid seo a leanas: