Scéim Liúntais Morgáiste
- Foilsithe: 19 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 2 Feabhra 2021
Cad í an Scéim Liúntais Morgáiste
Tugadh an Scéim Liúntais Morgáiste isteach chun cabhrú le sealbhóirí tí is tionóntaí nó tionóntaí-ceannaitheoirí tithe cónaithe de chuid údaráis áitiúil iad a bheith ina n-úinéirí-áitritheoirí ar áitribh eile.
Tá liúntas suas le €11,450 iníoctha go díreach leis an ngníomhaireacht iasachtaí thar thréimhse 5 bliana agus laghdaítear d’aisíocaíochtaí dá réir sin don chéad 5 bliana den mhorgáiste. Féadfaidh do mhorgáiste a bheith ó ghníomhaireacht iasachta tráchtála nó ó údarás áitiúil.
Conas cáiliú
D’fhéadfá a bheith i dteideal an liúntais:
- más tionónta údaráis áitiúil nó tionónta-ceannaitheoir tú agus go bhfuil sé i gceist agat teach príobháideach a cheannach agus do theach reatha a thabhairt ar ais don údarás áitiúil. Má tá tú ag ceannach tí faoin Scéim Úinéireachta Roinnte, áfach, níl tú incháilithe don Scéim Liúntais Morgáiste
- más tionónta le breis is bliain tú de theach a cuireadh ar fáil faoin Scéim um Fhordheontais Chíosa agus go bhfuil sé i gceist agat do thionóntacht a thabhairt suas agus morgáiste a fháil chun teach príobháideach a cheannach nó a thógáil
Ní mór don teach a bheith oiriúnach do do riachtanais, bunchaighdeáin áirithe a chomhlíonadh agus ní mór don údarás áitiúil a bheith sásta leis. Caithfidh méid an mhorgáiste a bheith €38,092.14 ar a laghad.
Rátaí
Íoctar an liúntas díreach leis an ngníomhaireacht iasachtaí agus laghdaítear d’íocaíochtaí morgáiste don chéad 5 bliana mar seo a leanas:
Bliain 1 | €3,560 |
Bliain 2 | €2,800 |
Bliain 3 | €2,040 |
Bliain 4 | €1,780 |
Bliain 5 | €1,270 |
Iomlán | €11,450 |
Ní féidir leis an liúntas a íoctar in aon bhliain a bheith níos mó ná méid na n-aisíocaíochtaí morgáiste.
Próiseálann an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta tráthchodanna den íocaíocht Liúntais Morgáiste lena n-íoc go díreach le cuntais mhorgáiste daoine aonair.
Déan iarratas
Chun iarratas a dhéanamh ní mór duit teagmháil a dhéanamh le d’Údarás Áitiúil.