Sruth um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla
- Foilsithe: 7 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 23 Eanáir 2026
Cuspóir na Scéime
- Luach oidhreachta foirgneamh ceann tuí ar fud na hÉireann a chosaint, lena n-áirítear teaghaisí agus struchtúir eile
- Tacaíocht airgeadais a thabhairt d’úinéirí fhoirgneamh ceann tuí chun a gcuid oibleagáidí chun na struchtúir seo a chosaint a chomhlíonadh
- Cothromaíocht a chinntiú idir riachtanais airgeadais iarratasóirí agus riachtanais chaomhnaithe na bhfoirgneamh, chun cabhrú le húinéirí tús áite a thabhairt do theicnící caomhantais dea-chleachtais chun torthaí oidhreachta barrmhaithe a bhaint amach le haghaidh na bhfoirgneamh ábhartha.
- Tacú le húinéirí chun díonta ceann tuí a choimeád i bhfianaise thionchar ísealcharbóin an ábhair seo
- Iarracht a dhéanamh leibhéal dóthanach tacaíochta a chur ar fáil do gach réadmhaoin i bhfianaise an chostais tuíodóireachta níos airde agus an gá atá le tacú leis an oiread réadmhaoine agus is féidir in aghaidh na bliana
Deontas
Braithfidh an deontas uasta atá ar fáil ar an gcineál foirgnimh agus an cineál iarratasóra (suas le €20,000). Níl aon ráthaíocht ann go bhfaighidh aon iarratasóir méid socraithe maoinithe faoi scéim in aon bhliain ar leith.
Iarratais Incháilithe
Aon struchtúr stairiúil ceann tuí, lena n-áirítear réadmhaoin chónaithe nó thráchtála.
Déan Iarratas
Déanann iarratasóirí a n-iarratais tríd a nÚdarás Áitiúil.
Tá am na n-iarratas thart anois. Faoi réir maoiniú, féidfear iarratais a chur isteach don scéim seo i mí Iúil 2026.
Tá sonraí na scéime agus treoracha ar conas iarratas a dhéanamh le fáil sna doiciméid seo a leanas: