Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Síníonn an tAire Browne ordú a mhéadaíonn aisíocaíocht uasta chostais toghcháin na huachtaránachta

Shínigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne, ordú a mhéadaíonn uasmhéid na gcostas toghcháin is féidir a aisíoc le hiarrthóir i dtoghchán uachtaránachta ó €200,000 go dtí €250,000.

Aisíoctar costais toghcháin le hiarrthóir i dtoghchán uachtaránachta a thoghtar, nó mura dtoghtar, má sháraíonn a vótaí iomlána aon cheathrú den chuóta.

Forálann Alt 21A d’Acht Toghcháin, 1997, go bhfuil an t-uasmhéid de chostais toghcháin is féidir a aisíoc le hiarrthóir i dtoghchán uachtaránachta cothrom le €200,000. Faoin Acht, áfach, is féidir leis an Aire na méideanna sin a athrú ag féachaint d’athruithe ar an bPraghasinnéacs Tomhaltóirí, agus de ghnáth déantar athbhreithniú ar na méideanna roimh gach toghchán.

Ag teacht leis an gcur chuige sin, shínigh an tAire Browne ordú a mhéadaigh méid na haisíocaíochta uasta i dtoghchán Uachtaránachta ó €200,000 go dtí €250,000. Mar thoradh ar an méadú PIT a chur i bhfeidhm ó rinneadh athbhreithniú deiridh ar an méid, bhí méadú féideartha go €252,700 i gceist atá slánaithe síos go dtí €250,000.

Forálann Alt 53 (arna leasú) d’Acht Toghcháin, 1997, nach sáróidh caiteachas iarrthóra i dtoghchán uachtaránachta €750,000. Níl sé beartaithe an teorainn chaiteachais a mhéadóidh agus beidh an teorainn fós cothrom le €750,000.

Tá socruithe á ndéanamh anois chun Ordú um Acht Toghcháin, 1997, (Athrú Méideanna Airgid), 2025, a fhoilsiú agus chun é a chur ar fáil ar www.irishstatutebook.ie.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat