English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Caomhnóir Grád III (Cartlann Náisiúnta na hÉireann)

Tá iarratais á lorg ag Cartlann Náisiúnta na hÉireann ó iarrthóirí oiriúnacha don phost mar Chaomhnóir Grád III. Cuirfear iarrthóirí rathúla sa chomórtas seo ar phainéal in ord fiúntais chun folúntais a d’fhéadfadh teacht chun cinn don phost seo a líonadh.

Comhlacht reachtúil laistigh den Státseirbhís is ea an Chartlann Náisiúnta atá freagrach as taifid chartlainne an rialtais láir, lena n-áirítear Ranna Stáit, na cúirteanna agus réimse comhlachtaí Stáit eile, a chaomhnú agus a chur ar fáil don phobal. Bunaíodh í sa bhliain 1988, nuair a tháinig an tAcht um Chartlann Náisiúnta, 1986 i bhfeidhm. Feidhmíonn an Chartlann Náisiúnta faoi rialú agus bainistiú an Stiúrthóra, a cheapann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus a fhreagraíonn di.

Nuair a bunaíodh an Chartlann Náisiúnta, ghlac sí freagracht as feidhmeanna agus bailiúcháin dhá oifig níos sine: Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann (a bunaíodh sa bhliain 1867) agus Oifig na Stát-Pháipéar (a bunaíodh sa bhliain 1702).

Den chuid is mó, baineann na cartlanna a choimeádtar sa Chartlann Náisiúnta leis an 19ú agus an 20ú haois, cé go dtéann cuid acu chomh fada siar leis an 14ú haois. Cuirtear cartlanna ar fáil don phobal lena n-iniúchadh sa seomra léitheoireachta ina cheanncheathrú ag Sráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8. Déantar cartlanna a stóráil ar an láthair ag Sráid an Easpaig agus lasmuigh den láthair.

Déantar faisnéis maidir le bailiúcháin agus seirbhísí na Cartlainne Náisiúnta a scaipeadh ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear trí fhoilseacháin ar a láithreán gréasáin. Chomh maith leis sin, cuirtear cartlanna ar fáil i riocht dhigiteach trí réimse láithreáin ghréasáin thiomnaithe.

Is féidir tuilleadh eolais faoin gCartlann Náisiúnta a léamh ag: https://nationalarchives.ie/ga/

Is tréimhse thábhachtach í seo don Chartlann Náisiúnta agus í ag féachaint lena feidhmeanna reachtúla suntasacha a chomhlíonadh i ndáil le taifid a fháil agus a chaomhnú agus iad a chur ar fáil don phobal.

The Role of Conservator Grade III

Áirítear an méid a leanas le Feagracht an Chaomhnóra Grád III sa Chartlann Náisiúnta ach níl sé teoranta dóibh:

  • Obair chaomhnaithe a aithníodh sa chlár oibre bliantúil a dhéanamh ar aon dul le spriocanna agus cuspóirí straitéiseacha;
  • Moltaí cóireála a fhorbairt, agus nósanna imeachta a chur i gcrích de réir caighdeáin ghairmiúla;
  • Deisiúchán caomhantais a dhéanamh ar chartlanna a iarrtar le haghaidh digitithe, grianghrafadóireacht dhigiteach agus obair scannánaíochta;
  • Obair chaomhnaithe a dhéanamh lena n-áirítear suirbhéireacht a dhéanamh ar bhailiúcháin agus measúnú caomhantais ar fhorshealbhúcháin chartlainne;
  • Gníomhaíochtaí caomhnaithe a dhéanamh, lena n-áirítear pacáil; agus oiliúint láimhseála agus caomhnaithe doiciméad a sheachadadh don fhoireann;
  • Oibriú leis an gCaomhnóir Sinsearach chun plean athshlánaithe tubaiste na Cartlainne Náisiúnta a nuashonrú agus a chothabháil;
  • Oibriú le Caomhnóir Sinsearach chun monatóireacht timpeallachta a dhéanamh ar áitreabh na Cartlainne Náisiúnta agus ar stórála lasmuigh den láthair d’fhonn idirghabháil a mholadh agus a dhéanamh de réir mar is gá;
  • A bheith mar ionadaí maidir le hobair na roinne trí láithreán gréasáin na Cartlainne Náisiúnta agus ardáin na meán sóisialta, agus oibriú le heagraíochtaí gairmiúla ábhartha;
  • Cur leis an gCartlann Náisiúnta ar líonraí/tionscadail sheachtracha agus ionadaíocht a dhéanamh uirthi nuair is cuí;
  • Aon dualgais eile a aithníonn an Caomhnóir Sinsearach.

An Bealach le hIarratas a Dhéanamh

Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur isteach chuig

personnel@tcagsm.gov.ie faoi 3.00 i.n. ar an Déardaoin, 19ú Meitheam, 2025

Information Booklet
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Foirm Iarratais Caomhnóir Grád III
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil
Ráiteas Príobháideachais
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil