Cartlannaí Grád III - An Chartlann Náisiúnta a cheapadh sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 12 Nollaig 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- An Ról
- Na Príomhdhualgais
- Conas Iarratas a Dhéanamh
- Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí
- Foirm Iarratais
- Ráiteas Príobháideachais
Tá iarratais á lorg ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ó iarratasóirí oiriúnacha chun folúntais a d'fhéadfadh teacht chun cinn do phost mar Chartlannaí Grád III - An Chartlann Náisiúnta a líonadh. Cuirfear iarratasóirí a n-éiríonn leo sa chomórtas seo ar phainéal, in ord fiúntais. Bainfear úsáid as an gcomórtas reatha chun cartlannaithe a cheapadh chuig poist bhuana bhunaithe.
An Ról
Trína freagracht reachtúil a chomhlíonadh i ndáil le taifid an rialtais láir, déanann an Chartlann Náisiúnta maoirseacht ar chur i bhfeidhm leanúnach fhorálacha an Achta um Chartlann Náisiúnta, 1986 (agus Rialacháin agus Treoirlínte Reachtúla bainteacha) agus an tAcht um Chartlann Náisiúnta (Leasú), 2018, maidir le caomhnú nó diúscairt taifead agus a n-aistriú chuig an gCartlann Náisiúnta. Faigheann sí taifid freisin ó fhorais stát-urraithe, gnólachtaí gnó, agus daoine aonair, eagraíochtaí agus institiúidí príobháideacha d’fhonn a gcaomhnú a chinntiú.
Bíonn cartlannaithe atá ag obair sa Chartlann Náisiúnta i mbun réimse de dhualgais ghairmiúla maidir le caomhnú na gcartlann agus rochtain orthu a éascú. Rachfar i mbun oibre faoi threoir agus faoi údarás Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta, agus ní mór dul i mbun na hoibre sin i gcomhréir le treoirlínte, caighdeáin agus nósanna imeachta na Cartlainne Náisiúnta agus de réir mar a ordóidh an bhainistíocht. Ní dhéanann an tAcht um Chartlann Náisiúnta aon idirdhealú idir thaifid pháipéir agus taifid leictreonacha agus is féidir le cartlannaithe a bheith ag súil dul i mbun a gcuid dualgas i gceachtar den dá mhodh.
Na Príomhdhualgais
Áirítear ar dhualgais Chartlannaí - An Chartlann Náisiúnta sa Roinn na dualgais seo a leanas ach gan bheith teoranta dóibh:
• Taifid atá á gcoinneáil ag Ranna Rialtais, ag na Cúirteanna agus comhlachtaí atá faoi réir an Achta um Chartlann Náisiúnta a scrúdú d’fhonn moltaí a dhéanamh don Stiúrthóir maidir lena gcaomhnú nó a ndiúscairt;
• Obair sheachtrach, lena n-áirítear suirbhé a dhéanamh ar thaifid i ranna, gníomhaireachtaí agus saoráidí stórála an rialtais ar fud an Stáit agus catalógú a dhéanamh orthu.
• Comhairle a thabhairt i leith bhainistiú na dtaifead agus na gcartlann, cláir oiliúna agus cláir bainistithe cartlann agus taifead eile a fhorbairt; freagra a thabhairt ar cheisteanna ó Ranna Rialtais, ó na Cúirteanna agus comhlachtaí atá faoi réir an Achta um Chartlann Náisiúnta;
• Aistriú na dtaifead chuig an gCartlann Náisiúnta a eagrú lena n-áirítear a bheith páirteach i dtraenáil agus comhairle a thabhairt i leith na hoibre a bheidh i gceist chun na taifid a ullmhú lena n-aistriú;
• Taifid agus cartlanna a eagrú, a liostú agus a phacáistiú/a athlonnú;
• Réimse d’áiseanna fála cartlainne a chruthú i gcomhréir le caighdeáin inghlactha náisiúnta agus idirnáisiúnta agus i gcomhréir le treoirlínte agus nósanna imeachta na Cartlainne Náisiúnta, agus áiseanna fála a sheiceáil agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu chun go mbeifear ábalta iad a úsáid sa Seomra Léitheoireachta Poiblí agus chun iad a fhoilsiú ar láithreán gréasáin na Cartlainne Náisiúnta;
• Cuidiú leis an bhfeitheoireacht sa Seomra Léitheoireachta Poiblí agus le hoibriú an tSeomra; ceisteanna ó dhaoine den phobal ar an láthair a fhreagairt, glaoiteoirí ar an teileafón agus comhfhreagras;
• Cuidiú chun cláir oideachais agus for-rochtana a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear tionscadail digitithe.
• Cuidiú le hobair a bhaineann le bainistiú ár stór, lena n-áirítear stóráil, bogadh, aisghabháil agus lonnú na gcartlann atá coinnithe ag an gCartlann Náisiúnta, ar an láthair agus den láthair araon;
• Cuidiú le hobair a bhaineann le cartlanna a chaomhnú, lena n-áirítear soláthar, feistiú, sábháilteacht agus oiriúnacht áitribh; iniúchadh a dhéanamh ar áitribh nó ar eagraíochtaí eile atá ceadaithe nó a d’fhéadfadh a bheith ceadaithe ina n-ionaid taisce do chartlanna;
• Cuidiú leis an obair a bhaineann le cóipeáil agus atáirgeadh na gcartlann atá coinnithe ag an gCartlann Náisiúnta, lena n-áirítear seirbhís cóipeanna deimhnithe a chur ar fáil don phobal agus seirbhís aisghairithe oifigiúil a chur ar fáil do Ranna Rialtais agus comhlachtaí eile atá faoi réir reachtaíocht na Cartlainne Náisiúnta;
• Cuidiú leis an obair a bhaineann le scaoileadh Dhaonáireamh 1926 agus thaifid an Ionaid Náisiúnta do Thaighde agus Cuimhneachán;
• Dul i gcomhairle le baill foirne eile agus, nuair is cuí, oiliúint a chur ar bhaill foirne eile a mbaineann a gcuid dualgas le haon cheann de na gníomhaíochtaí atá luaite thuas;
• Comhfhreagras a fhreagairt, freastal ar chruinnithe, tuarascálacha a scríobh etc. a bhaineann le feidhmeanna agus gníomhaíochtaí a bhfuil tagairt déanta thuas dóibh agus cuidiú tuarascálacha bliantúla, ráitis straitéise, pleananna gnó, próifílí róil, cláir oiliúna, iarrataí ar thairiscintí a ullmhú, etc,;
• Aon dualgais eile a d’fhéadfadh Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta a shannadh.
Conas Iarratas a Dhéanamh
Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh ar ríomhphost chuig
personnel@tcagsm.gov.ie faoin Dáta Deiridh: 5.00pm, 13 Eanáir 2023
Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí
Íoslódáil an leabhrán faisnéise ceangailte le haghaidh eolais maidir le hincháilitheacht agus riachtanais.
Foirm Iarratais
Chun iarratas a dhéanamh ar phost an Cartlannaí Grád III. Íoslódáil agus comhlánaigh an fhoirm iarratais ceangailte agus seol ríomphost chuig personnel@tcagsm.gov.ie faoi 5.00pm, 13 Eanáir 2023.
Ráiteas Príobháideachais
Féach an ráiteas príobháideachais ceangailte maidir le sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil i dtaca leis an gcomórtas seo.