Coimeádaí – Seirbhísí Poiblí agus Bailiúcháin, Cartlann Náisiúnta na hÉireann
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 18 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
An Ról
Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag iarraidh Coimeádaí – Seirbhísí Poiblí agus Bailiúcháin a earcú i gCartlann Náisiúnta na hÉireann.
Is post bainistíochta sinsearaí é seo laistigh den Chartlann Náisiúnta ag obair leis an Stiúrthóir agus leis an bhfoireann bainistíochta sinsearaí chun treo straitéiseach na hinstitiúide a chomhlíonadh chomh maith le cuidiú le feidhmeanna reachtúla na Cartlainne Náisiúnta a sheachadadh.
Na Príomhdhualgais:
Áireofar ar dhualgais an Choimeádaí–Seirbhísí Poiblí agus Bailiúcháin, an Chartlann Náisiúnta, sa Roinn, ach níl siad teoranta do:
• Cur le bainistíocht straitéiseach agus ceannaireacht ghinearálta na Cartlainne Náisiúnta
• Cur le forbairt beartais sa Chartlann Náisiúnta de réir threoir straitéiseach ghinearálta na hinstitiúide agus maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm plean oibre rannáin atá ag teacht leis an straitéis ghinearálta;
• Comhordú agus monatóireadht a dhéanamh ar chaomhnú, cúram agus stóráil cartlann a aistrítear faoin Acht um Chartlann Náisiúnta agus an obair iarmhartach a chomhordú agus monatóireacht a dhéanamh uirthi, i gcomhar le Cartlanna agus Seirbhísí Rialtais;
• Comhordú agus maoirseacht a dhéanamh ar gach gné d’obair rannpháirtíochta poiblí na Cartlainne Náisiúnta, soláthar seirbhíse poiblí san áireamh, lena n-áirítear oibriú an tseomra léitheoireachta, seirbhísí athghrafaíochta agus cóipchirt, cláir oideachais agus for-rochtana, maoirseacht agus forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí úsáideoirí trí ardáin ar líne agus leathnú agus forbairt a dhéanamh ar acmhainn dhigiteach obair phoiblí na Cartlainne Náisiúnta ar an láthair agus ó chian;
• Acmhainneacht na mbailiúchán a fhorbairt ó thaobh taighde, taispeántais agus anailíse sonraí de;
• Ag obair leis an mbainistíocht shinsearach, comhordú a dhéanamh ar chóiríocht agus ar stóráil lasmuigh den láthair atá ann cheana agus tacú le gach taifead atá lasmuigh den láthair faoi láthair a thabhairt ar ais go Sráid an Easpaig tar éis chur i gcrích an tionscadail stór cartlainne;
• Ag obair leis an mbainistíocht shinsearach, comhordú a dhéanamh ar bheartais agus nósanna imeachta ullmhachta maidir le tubaiste do bhailiúcháin lena n-áirítear athbhreithnithe bliantúla, measúnuithe riosca, riachtanais sláinte agus sábháilteachta chomh maith le sábháilteacht agus slándáil ó dhóiteán;
• Comhordú agus monatóireacht a dhéanamh ar obair chaomhnaithe agus straitéis a fhorbairt do chláir oibre ar leith gach bliain sa réimse seo i gcomhar le comhpháirtithe seachtracha nuair is cuí;
• Tionscadail dhigiteacha a thosú agus a bhainistiú atá dírithe ar rochtain a fheabhsú, níos mó deiseanna a chruthú don phobal, do thaighdeoirí agus don domhan acadúil a bheith ag plé le bailiúcháin na Cartlainne Náisiúnta, lena n-áirítear cur le tionscadail sheachtracha agus tús a chur leo;
• Tacaíocht a thabhairt agus cúnamh a thabhairt do ranna rialtais, oifigí cúirte agus comhlachtaí atá faoi réir Acht na Cartlainne Náisiúnta, 1986 chun a gcuid oibleagáidí faoin Acht a chomhlíonadh;
• Ionadaíocht a dhéanamh don Chartlann Náisiúnta ar raon foras agus le páirtithe leasmhara seachtracha nuair is cuí;
• Aon dualgais eile a leagann Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta ar an gCoimeádaí a dhéanamh.
Leabhrán Eolais
Íoslódáil an Leabhrán Eolais faoi iamh, le do thoil, le haghaidh tuilleadh eolais ar incháilitheacht agus riachtanais.
FOIRM IARRATAIS
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar an bpost seo mar Choimeádaí, íoslódáil an Fhoirm Iarratais faoi iamh, le do thoil.
Nuair atá an fhoirm iarratais comhlíonta, is féidir é a sheoladh i ríomhphost chuig Personnel@tcagsm.gov.ie
Caithfidh iarratais a sheoladh chuig an Roinn roimh
5.00i.n. ar an 20 Nollaig 2021.