Na hEalaíona Cruthaitheacha
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 4 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá na healaíona ina gcuid lárnach de shaol na hÉireann i gcónaí. Is é cuspóir na Roinne seo creatlach cuí acmhainní, polasaí agus reachtaíochta a chur ar fáil chun tacú le spreagadh agus forbairt na nEalaíon in Éirinn, chun go mbainfear a mhéid agus is féidir as torthaí eacnamaíocha agus as fostaíocht, agus chun go mbeidh an rochtain agus an rannpháirteachas is fearr ar na healaíona ag gach cuid de shochaí na hÉireann.
Oibríonn an Roinn seo go dlúth leis an gComhairle Ealaíon agus le Bord Scannán na hÉireann chun a chinntiú go gcuirfear straitéisí cuí agus éifeachtúla i bhfeidhm do na healaíona i gcomhar leis an bpobal ealaíonta agus an tionscal scannán.
Bíonn obair a bhaineann leis na hEalaíona á déanamh ag ceithre aonad ar leith laistigh den Roinn.
An tAonad Ealaíon
Is é cuspóir na Roinne seo creatlach cuí acmhainní, polasaí agus reachtaíochta a chur ar fáil chun tacú le spreagadh agus forbairt na nEalaíon in Éirinn.
De ghnáth, cuirtear maoiniú an Rialtais do na healaíona ar fáil trí mheán na Comhairle Ealaíon; cé go bhfuil an Chomhairle Ealaíon maoinithe ag an Roinn seo, tá sí go hiomlán neamhspleách maidir le maoiniú a leithroinnt agus ní ghlacann an tAire aon pháirt ina maoiniú ná ina cinntí feidhmiúcháin. Cuireann an tAcht Ealaíon 2003 bonn faoi neamhspleáchas na Comhairle sa chomhthéacs seo.
An tAonad Scannán
Is é polasaí na Roinne léiriú scannán na hÉireann a fhorbairt agus a leathnú ar bhealach a mhéadaíonn chomh mór agus is féidir an toradh don gheilleagar, a chuireann fostaíocht ar fáil, agus a léiríonn ár n-ionannas cultúrtha trí mheán na scannán.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar dheimhniúchán faoi Alt 481 d’Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, cliceáil anseo.
An tAonad Ceoil
Cuireann an Scéim Méadaithe Gnó do Cheol faoiseamh cánach ar fáil d'infheisteoirí in ealaíontóirí agus grúpaí nua ceoil tráchtála atá ag teacht chun cinn.
Cultúr Éireann
Tá Cultúr Éireann, rannóg de chuid na Roinne, freagrach as cur chun cinn ealaíona na hÉireann ar fud an domhain.
Tugann Cultúr Éireann an deis agus an tacaíocht d’ealaíontóirí agus do chuideachtaí as Éirinn chun a saothair a chur i láthair ag taispeántais, féilte, ionaid agus margaí ealaíon tábhachtacha idirnáisiúnta. Tacaíonn Cultúr Éireann le healaíontóirí ar fud réimse leathan de na healaíona, lena n-áirítear na hamharcealaíona, amharclannaíocht, litríocht, ceol, damhsa, ceoldrámaíocht agus scannán.
Tá tuilleadh eolais ar Chultúr Éireann agus ar a chlár deontais ar fáil ar www.cultureireland.ie.