English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Príomhoifigeach Cúnta (Caighdeánach ) (Gaeilge)

Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag iarraidh painéal de dhaoine a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu a bhunú chun folúntais Phríomhoifigeach Cúnta (Caighdeánach) le Gaeilge a líonadh in oifig an Choimisinéara Teanga atá lonnaithe sa Spidéal, Co. na Gaillimhe agus folúntais a d’fhéadfadh teacht chun cinn sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, go háirithe i réigiún na Gaillimhe, a líonadh. Ós rud é gurb í an Ghaeilge teanga oibre na hOifige/an Rannáin, ní mór d’iarrthóirí a bheith ábalta oibriú trí Ghaeilge.

An Ról

Is grád bainistíochta sinsearaí é Príomhoifigeach Cúnta sa Státseirbhís agus is ról ríthábhachtach bainistíochta é i gcur i bhfeidhm bheartas an rialtais sna réimsí eacnamaíocha, airgeadais, idirnáisiúnta, comhshaoil agus/nó sóisialta.

Cé go mbeidh freagrachtaí agus príomhspriocanna inghnóthaithe maidir le ról an Phríomhoifigigh Chúnta sa Státseirbhís éagsúil ag brath ar an earnáil agus ar an Roinn/Oifig ina n-eascraíonn an folúntas, de ghnáth áirítear orthu:

  • Foirmliú beartais agus straitéise maidir le saincheisteanna casta;
  • Múnlú réitigh bheartais atá inbhuanaithe ó thaobh buiséid de chun fás eacnamaíoch agus fostaíochta agus beartais shóisialta éifeachtacha a chur chun cinn;
  • Páirt a ghlacadh go héifeachtach le lucht féachana agus páirtithe leasmhara éagsúla, lena n-áirítear Airí, státseirbhísigh shinsearacha agus an córas polaitiúil níos leithne, lena n-áirítear maidir le saincheisteanna tras-rialtais;
  • Comhairle buiséadaithe ar ardchaighdeán a chur ar fáil agus comhlíonadh spriocanna fioscacha a chinntiú;
  • Cláir shuntasacha oibre a phleanáil agus a eagrú i dtimpeallacht faoi bhrú, laistigh de spriocdhátaí dochta;
  • An fhoireann a stiúradh agus a bhainistiú chun leibhéil arda feidhmíochta a sheachadadh;
  • Páirt a ghlacadh i dtionscadail leathana agus ceannaireacht a dhéanamh orthu chun cuspóirí iomlána an Rialtais a chur i gcrích;
  • Ceannaireacht a dhéanamh ar an tseirbhís phoiblí agus treoir agus nuálaíocht a chur ar fáil maidir leis an gclár oibre don athchóiriú;
  • Forbairt agus bainistiú na foirne;
  • Ionadaíocht a dhéanamh ar leasanna na hÉireann ar leibhéal an AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta.

Tabhair do d’aire nach liosta uileghabhálach é an liosta freagrachtaí thuas.

Leabhrán Faisnéise

Déan an leabhrán faisnéise atá ceangailte leis seo a íoslódáil chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hincháilitheacht agus riachtanais.

Leabhrán faisnéise d'iarrthóirí
Amharc amharc

Foirm Iarratais

Dá mba maith leat iarratas a dhéanamh ar phost an Phríomhoifigigh Chúnta, íoslódáil an fhoirm iarratais atá faoi iamh.

Foirm iarratais: Príomhoifigeach Cúnta (Caighdeánach) (Gaeilge)
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe agat, is féidir í a sheoladh ar aghaidh ar ríomhphost chuig personnel@tcagsm.gov.ie

Ní mór gach iarratas a bheith faighte ag an Roinn tráth nach déanaí ná 12:00 meán lae Dé Luain an 18 Deireadh Fómhair 2021.

.

Mura bhfuil tú ábalta cóip den fhoirm iarratais nó den leabhrán faisnéise a íoslódáil, seol iarraidh chuig an seoladh ríomhphoist thuas agus cuirfimid cóip chugat ar ríomhphost.

Ba chóir d'iarratasóirí a thabhairt ar aird go gcuirfear iarratasóirí a n-éireoidh leo san agallamh ar phainéal ónar féidir ceapacháin a dhéanamh de réir mar a thagann siad chun cinn.

Ráiteas Príobháideachais

Féach an ráiteas príobháideachais faoi iamh maidir le sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil i ndáil leis an gcomórtas seo.

Ráiteas Príobháideachais
Amharc amharc