An Chomhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga / Alliance for Language Technologies (ALT-EDIC) ¬– Stiúrthóir le hearcú
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 1 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 7 Bealtaine 2024
ALT-EDIC
Faoin Deacáid Dhigiteach an Aontais Eorpaigh, tá an Coimisiún Eorpach agus na Ballstáit ag obair le chéile anois ar thionscadail dhigiteacha, trí shásra nua ar a dtugtar EDICanna, Cuibhreannais don Bhonneagar Digiteach Eorpach (European Digital Innovation Consortia). Trí bhíthin EDIC, is féidir comhar a chothú idir gníomhaithe poiblí agus príobháideacha agus is féidir cistí airgid agus acmhainní eile a chomhthiomsú ó fhoinsí éagsúla (AE/náisiúnta/áitiúil/príobháideach) d’fhonn aidhmeanna digiteacha a chur chun cinn.
I margadh atá faoi cheannas gnólachtaí ollmhóra idirnáisiúnta agus a bhformhór fréamhaithe lasmuigh den Aontas Eorpach, níor bhain an tAontas Eorpach féin, go dtí seo, lánúsáid as a chuid sonraí teanga féin. De réir faisnéis ó DG CONNECT, tá 50% de na sonraí teanga (i bhfoirm scríofa, labhartha nó chlosamhairc) a chomhroinntear san AE “neamhstruchtúrtha”. Ceann de na dúshláin atá roimh an Aontas ia ea na sonraí teanga sin a láimhseáil, iad a fheabhsú agus leas níos fearr a bhaint astu. Baineann an dúshlán seo leis an gceannasacht dhigiteach (digital sovereignty), le cur chun cinn luachanna an AE agus leis an éagsúlacht teanga.
Chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin, tá glactha ag an Roinn, thar ceann an Stáit, le ballraíocht fhoirmiúil in EDIC nua dar teideal ‘Alliance for Language Technologies – European Digital Innovation Consortium’ (‘ALT-EDIC’) atá á bhunú i gcomhar le Ballstáit eile de chuid an Aontais Eorpaigh.
Faoi ALT-EDIC tiocfaidh ionad teicneolaíochta uile-Eorpach chun tosaigh ina bhféadfar bonneagar coiteann a fhorbairt i réimse na próiseála teanga nádúrtha agus na mórshamhlacha teanga (LLMs – Large Language Models) chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas sonraí traenála i dteangacha na hEorpa, an Ghaeilge ina measc. De thoradh ALT-EDIC a bhunú, ba cheart go n-éireodh leis an Aontas Eorpach a cheannasacht dhigiteach sa réimse a neartú sna blianta atá le teacht.
Ballraíocht
Tá dhá Bhallstát déag — an Bhulgáir, an Chróit, an Fhrainc, an Ghréig, Éire, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, an Ísiltír, an Pholainn, an tSlóivéin agus an Spáinn — ina mbaill de ALT-EDIC faoi láthair. Tá an Ostair, an Bheilg agus an Réigiún Pléimeannach, an Danmhairg, an Eastóin, Málta, an Phortaingéil, an Rómáin agus an tSlóvaic ina mbreathnóirí faoi láthair. Táthar ag leanúint den phlé d’fhonn go nglacfaidh Ballstáit eile páirt sa tionscnamh amach anseo.
Stiúrthóir le hearcú
Le tacaíocht ó údaráis phoiblí Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, tá struchtúr ALT-EDIC á chur ar bun anois agus tá Stiúrthóir á earcú aige.
Feidhmeoidh an Stiúrthóir mar ionadaí dlíthiúil ALT-EDIC i gceannáras na heagraíochta in Villers-Cotterêts sa Fhrainc. Beidh de dhualgas ar an Stiúrthóir foireann na heagraíochta a earcú agus struchtúr riaracháin na heagraíochta a chur ar bun.
Glacfar le hiarratais i leith phost an Stiúrthóra go dtí an 31 Bealtaine 2024. Tá an fhaisnéis go léir i dtaobh earcú an Stiúrthóra le fáil anseo.