An Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo 2021, Snáithe II Amharclannaíocht Shéasúrach Ceoil agus Geamaireacht Treoirlínte
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 24 Samhain 2021
- An t-eolas is déanaí: 5 Meán Fómhair 2022
- Réamhrá
- Aidhmeanna na Scéime
- Cé nach bhfuil i dteideal iarratas a dhéanamh
- Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh
- Maoiniú atá ar fáil
- Costais Incháilithe
- Costais Neamh-Incháilithe
- Coinníollacha Eile na Scéime
- 7 Nósanna Imeachta Faofa
- Monatóireacht
- Ginearálta
- Conas iarratas a dhéanamh
- Achomhairc
- Cúnamh Stát AE
- Ceisteanna
LÉIGH NA TREOIRLÍNTE SEO A LEANAS GO CÚRAMACH LE DO THOIL SULA GCOMHLÁNAÍONN TÚ AN FHOIRM IARRATAIS
• Glacfar le hiarratais ar mhaoiniú deontais faoin scéim seo go luath.
• Cuirfear an fhoirm iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag 1 i.n. Dé Luain, an 29 Samhain agus glacfar le hiarratais go dtí 1 i.n. Dé Luain, an 13 Nollaig 2021.
• Ní féidir le hiarratasóirí ach iarratas amháin a dhéanamh faoin scéim seo.
• Ní féidir ach iarratas amháin a dhéanamh ar gach clár.
Tabhair faoi deara, le do thoil:
- Oibreoidh an Scéim seo le ciste €2m agus seans nach mbeidh sé indéanta maoiniú a leithdháileadh ar gach iarratasóir incháilithe. D’fhéadfadh go mbeadh méid na dtairiscintí maoinithe d’iarratasóirí rathúla ní ba lú ná an méid a d’iarr an t-iarratasóir.
- Déanfaidh an Roinn iarratais a mheas in ord fála agus ní bhreithneofar aighneachtaí déanacha.
Réamhrá
Tá tionchar nach bhfacthas riamh cheana ag géarchéim COVID-19 ar earnálacha na n-ealaíon agus an chultúir. Ag tógáil ar an rath agus ar an éileamh as cuimse a bhí ar an Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo 2021, cuirfear snáithe eile den scéim ar fáil chun tacú le himeachtaí amharclannaíocht shéasúrach ceoil agus geamaireachta i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2021. Is tacaíocht spriocdhírithe í an snáithe nua seo d’ionaid agus do phoiblitheoirí a reáchtálfaidh amharclannaíocht shéasúrach ceoil agus geamaireacht thar Nollaig 2021 agus nach raibh in ann iarratas a dhéanamh ar thacaíocht faoi Snáithe I toisc go raibh ar gach imeacht críochnú ar nó roimh an 31 Deireadh Fómhair 2021.
Beidh ciste €5 mhilliún ar fáil sa snáithe nua (An Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo 2021 - Snáithe II) le tacú le hamharclannaíocht shéasúrach ceoil agus geamaireacht ar scála mór in 2021. Tá sé mar aidhm ag an scéim cuidiú leis an earnáil taibhithe beo deiseanna fostaíochta a chruthú thar thréimhse na Nollag 2021 d’ealaíontóirí, taibheoirí, teicneoirí agus foireann tacaíochta trí amharclannaíocht shéasúrach ceoil agus geamaireacht ar ardchaighdeán a sholáthar.
Áiríodh ar thorthaí dearfacha na Scéime chun Tacú le Taibhiú Beo 2021 go dtí seo;
- Na mílte lá fostaíochta do na céadta ceoltóir, aisteoir, criú agus teicneoir trí chláir shaibhre agus nuálacha siamsaíochta a sheachadadh;
- Léirithe a thaitin leis an bpobal ar an láthair agus ar líne, in Éirinn agus thar lear. Chuir na léirithe seo siamsaíocht ar fáil do lucht féachana ó mhí an Mheithimh 2021 go dtí mí Dheireadh Fómhair 2021 ag soláthar tairbhí folláine don phobal, d’ealaíontóirí agus do chriúnna.
Is féidir sonraí tionscadal a maoiníodh tríd an Scéim chun Tacú le Taibhiú Beo 2021 go dtí seo a fheiceáil anseo.
Aidhmeanna na Scéime
Seo a leanas aidhmeanna na scéime tacaíochta:
• Tacú le cruthú aschur amharclannaíocht shéasúrach ceoil agus geamaireachta ar ardchaighdeán don phobal i gcoitinne, le linn mhí na Samhna agus na Nollag 2021;
• Deiseanna léirithe a sholáthar d’ealaíontóirí gairmiúla, ceoltóirí, criú agus baill foirne eile a bhfuil baint acu le taibhithe amharclannaíocht shéasúrach ceoil / geamaireachta le linn mhí na Samhna agus na Nollag 2021.
Tabhair na pointí eolais seo a leanas faoi deara:
- Oibreoidh an Scéim seo le ciste €5m agus b’fhéidir nach mbeidh sé indéanta maoiniú a leithdháileadh ar gach iarratasóir incháilithe.
- Breithneoidh an Roinn iarratais in ord fála agus ní bhreithneofar aighneachtaí déanacha.
- Ní chinntíonn incháilitheacht amháin go bhfaighidh iarratas maoiniú deontais.
- D’fhéadfadh go mbeadh méid na dtairiscintí maoinithe d’iarratasóirí rathúla ní ba lú ná an méid a d’iarr an t-iarratasóir.
- Is é polasaí na Roinne a chinntiú go gcaitear go cothrom agus go neamhchlaonta le gach iarratas.
Ba chóir d’iarratasóirí measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar a gcuid gníomhaíochtaí maidir leis na bearta agus na treoirlínte sláinte poiblí leanúnacha. Bunaithe ar a measúnú, ba cheart d’iarratasóirí cinneadh a dhéanamh an mbeidh siad in ann oibriú go sábháilte agus ar aon dul le bearta sláinte poiblí i gcónaí.
Cé nach bhfuil i dteideal iarratas a dhéanamh
Tá na léirithe/imeachtaí seo a leanas i measc na léirithe/imeachtaí neamh-incháilithe:
• Ionaid, léiritheoirí, poiblitheoirí a fhaigheann maoiniú ó fhoras poiblí eile i dtreo chostais léiriúcháin imeacht/imeachtaí a bhfuil an t-iarratas á ndéanamh ina leith;
• Ionaid, léiritheoirí agus poiblitheoirí nach bhfuil dhá bhliain ar a laghad acu le linn 2018-2020 caite ag léiriú amharclannaíocht shéasúrach ceoil agus geamaireacht ar scála mór ar an láthair.
• Ionaid, léiritheoirí agus poiblitheoirí nach bhfuil láimhdeachas gan CBL san áireamh de €300,000 nó os a chionn acu le haghaidh dhá cheann ar a laghad de na 3 bliana anuas (2018-2020) mar thoradh ar amharclannaíocht shéasúrach ceoil/ar gheamaireacht;
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh
Léiritheoirí, tionscnóirí agus ionaid aitheanta a chruthaíonn léirithe amharclannaíocht shéasúrach ceoil agus geamaireachta.
Beidh feidhm ag na critéir incháilitheachta seo a leanas freisin:
• Léirithe beo amharclannaíocht shéasúrach ceoil/geamaireachta curtha ar stáitse acu a rinneadh in dhá cheann ar a laghad de na 3 bliana anuas (2018-2020) atá beartaithe do lucht féachana beo ar an láthair;
• Ionaid, léiritheoirí agus poiblitheoirí nach bhfuil láimhdeachas de €300,000 nó os a chionn acu gan CBL san áireamh mar thoradh ar amharclannaíocht shéasúrach ceoil/ar gheamaireacht le haghaidh dhá cheann ar a laghad de na 3 bliana anuas (2018-2020) le bheith curtha san áireamh sa scéim seo;
• Pleanáil chun léirithe beo amharclannaíocht shéasúrach ceoil/geamaireachta a chur ar stáitse i bPoblacht na hÉireann le linn Shamhain agus Nollaig 2021, ullmhaithe do lucht féachana beo ar an láthair;
• Is é €75,000 an deontas íosta agus mar sin níor chóir go mbeadh íoschostas léirithe incháilithe an imeachta/na n-imeachtaí níos lú ná €150,000.
• Caithfidh an gnó a bheith lonnaithe sa Stát agus ní féidir láimhdeachas atá incháilithe don scéim seo a ghiniúint ach trí ghníomhaíochtaí sa Stát.
• Caithfidh an gnó a bheith comhlíontach maidir le cúrsaí cánach.
Méid an Deontais a Iarrtar
Clúdóidh an deontas uasmhéid 50% de chostais léiriúcháin incháilithe suas go huas-dheontas de €500,000. Is é €75,000 an deontas íosta agus mar sin níor chóir go mbeadh íoschostas léiriúcháin incháilithe an imeacht/na n-imeachtaí ní ba lú ná €150,000. Is é €500,000 an deontas uasta a chuirfear ar fáil beag beann ar na costais léiriúcháin iomlána, ach d’fhéadfadh go mbeadh tairiscintí maoinithe d’iarratasóirí rathúla ar mhéid ní ba lú ná an méid a iarrann an t-iarratasóir.
Mar chuid den phróiseas iarratais, iarrfar ar iarratasóirí an t-eolas seo a leanas a sholáthar:
- Sonraí faoin taibhiú atá beartaithe in 2021 a lorgófar maoiniú ina leith (Amharclannaíocht shéasúrach ceoil agus/nó imeachtaí geamaireachta AMHÁIN):
• Líon na gconarthaí le haghaidh seirbhíse a theastaíonn don léiriú beo
• Líon na dtaibhithe/seónna léirithe beo atá beartaithe san iomlán
• Suíomh an taibhithe (caithfidh sé seo a bheith i bPoblacht na hÉireann)
• Más ticéadú atá i gceist, líon na dticéad atá ar fáil agus líon na dticéad a bhfuiltear ag súil go ndíolfar le haghaidh an taibhithe
• Dátaí taibhithe beartaithe
• Costas measta iomlán an léiriúcháin, miondealaithe go háirithe trí:
• Cur síos ar chonradh
• Luach conartha
• Costais Ealaíontóra agus Criú mar chéatadán den chostas iomlán léiriúcháin
Tabhair faoi deara, le do thoil:
Ní mheasfar ach imeacht/clár amháin.
Maoiniú atá ar fáil
Tairgfear tacaíocht trí dheontas aonuaire suas le huasmhéid 50% de chostais léiriúcháin incháilithe. Is é €500,000 an deontas is mó a bheidh ar fáil d’ionaid, do léiritheoirí agus do phoiblitheoirí atá tar éis éacht a dhéanamh maidir le léiriú amharclannaíocht shéasúrach ceoil agus geamaireacht. Is é €75,000 an deontas íosta agus mar sin níor chóir go mbeadh íoschostas léiriúcháin incháilithe an imeachta/na n-imeachtaí ní ba lú ná €150,000.
D’fhéadfadh go mbeadh tairiscintí maoinithe d’iarratasóirí rathúla ar mhéid ní ba lú ná an méid a d’iarr an t-iarratasóir.
Costais Incháilithe
Beidh maoiniú bunaithe ar ranníocaíocht a dhéanamh do chostais incháilithe a bhaineann le cruthú/léiriú beo amharclannaíocht shéasúrach ceoil/geamaireachta, a bheidh ar stáitse i mí na Samhna agus i mí na Nollag 2021, lena n-áireofar:
• Costais ionaid le aghaidh an imeachta, costais criú / forchostais / costais foirne (a thabhaítear mar thoradh ar an léiriú agus ar feadh ré an léiriúcháin amháin) san áireamh;
• Conarthaí seirbhíse do
• Táillí ealaíontóra/taibheora
• Táillí ceoltóra
• Táillí criú
• Seirbhísí ó earnálacha cruthaitheacha (lena n-áirítear seirbhísí dearthóirí seit / éadaí)
• Costais shruthú beo
• Costais a bhaineann le héadaí le haghaidh léiriúcháin amharclainne
• Costais a bhaineann le fógraíocht agus caidrimh phoiblí don imeacht
• Fruiliú threalamh speisialta atá ag teastáil don imeacht go sonrach
• Costais sláinte, sábháilteachta agus slándála
Costais Neamh-Incháilithe
Ní bheidh na costais seo a leanas incháilithe le haisíoc faoin scéim seo:
• Ceannach trealaimh
• Rátaí Údaráis Áitiúil
• Conarthaí fostaíochta nach mbaineann leis an léiriúchán
• Táillí dlí agus cuntasaíochta
• Costais Árachas Imeachta (seachas árachas le haghaidh an imeachta)
Nótaí
• Déanfar íocaíochtaí deontais ar bhonn sonraisc íoctha a chuirtear isteach (bunús dliteanas aibithe).
• Mar sin féin, d’fhéadfadh an Roinn cinneadh a dhéanamh suas le 60% den deontas a thairgtear a sholáthar mar réamhíocaíocht faoi choinníollacha áirithe.
• I gcás nach bhfuil iarratasóir incháilithe CBL a éileamh ar ais dá thionscadal, beidh sé seo in-aisíoctha.
Coinníollacha Eile na Scéime
• Uainiú na Scéime
Glacfar le hiarratais ar an scéim ó 1 i.n. Dé Luain, an 29 Samhain agus glacfar leo go dtí 1 i.n. Dé Luain, an 13 Nollaig 2021. NÍ GHLACFAR LE HIARRATAIS TAR ÉIS AN DÁTA SEO
• Soláthar
Caithfidh gach eagraíocht a fhaigheann cúnamh deontais treoirlínte sholáthar poiblí a chomhlíonadh:
Féach ar ogp.gov.ie/public-procurement-guidelines-for-goods-and-services/
• Admháil ar mhaoiniú
Beidh oibleagáid ar phoiblitheoirí tionscadail cúnamh na Roinne a aithint maidir le:
• Ráitis Bhliantúla Airgeadais do gach bliain ina bhfuil an deontas le híoc
• Ábhar poiblíochta nuair is féidir trí lógó na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a áireamh ar a suíomh gréasáin/ar a gcláir/ar a bpóstaeir. Ba cheart go ndéanfadh póstálacha ar na meáin shóisialta a bhaineann le léirithe tagairt do mhaoiniú na Roinne agus ba cheart go mbeadh admháil i scríbhinn i ngach tuarascáil/foilseachán agus ábhar poiblíochta eile.
• Caitear gach ealaíontóir agus ball foirne a ghlacann páirt in imeachtaí a mhaoinítear faoin scéim seo a chur ar an eolas go maoinítear an imeacht faoin scéim seo.
7 Nósanna Imeachta Faofa
• Déanfar gach iarratas ar mhaoiniú faoin scéim seo a gheobhaidh an Roinn faoin dáta deiridh a mheas chun incháilitheacht a chinntiú.
• Gheobhaidh iarratasóirí rathúla na scéime seo tairiscint deontais i bprionsabal, faoi réir maoiniú leordhóthanach a bheith ar fáil. Ní ráthaíonn incháilitheacht tairiscint maoinithe agus d'fhéadfaí deontais a thairiscint ar mhéid ní ba lú ná mar a iarrtar san iarratas.
• Ceanglófar ar iarratasóirí rathúla Comhaontú Leibhéal Seirbhíse a shíniú ina leagfar amach coinníollacha ábhartha an deontais. Mura gcomhlíontar na coinníollacha go léir, d’fhéadfaí an deontas go léir nó cuid de a tharraingt siar/a choinneáil siar.
• Ceanglófar ar iarratasóirí rathúla cóip dá sraith cuntas iniúchta is déanaí a sholáthar agus an Comhaontú Leibhéal Seirbhíse sínithe á sheoladh ar ais chucu le go scaoilfear íocaíocht.
Monatóireacht
Ceanglófar ar dheontaithe an caighdeán is airde trédhearcachta agus cuntasachta a chomhlíonadh mar a chuirtear in iúl é i gCiorclán 13/2014 an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe - Bainistíocht agus Cuntasacht Deontas ó Chistí Státchiste
Ginearálta
Tugann an t-eolas a chuirtear ar fáil sa doiciméad seo tuiscint d’iarratasóirí ar an bpróiseas trína ndéantar iarratais ar chúnamh a mheas agus a cheadú, ach níl sé ina léirmhíniú dlíthiúil.
An tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, d'fhéadfaí sonraí atá in iarratais agus i ndoiciméid tacaíochta a scaoileadh chuig tríú páirtí, má iarrann siad ar an Roinn é a thabhairt dóibh. Má tá eolas i d’iarratas atá íogair nó rúnda, cuir é sin iúl, le do thoil agus tabhair míniú ar cén fáth nár cheart é a nochtadh. Má fhaightear iarratas chun eolas íogair a scaoileadh faoin reachtaíocht, rachfar i gcomhairle leat sula ndéanfar cinneadh cibé ar cheart an t-eolas a scaoileadh nó nár cheart. Mar sin féin, mura chuirtear in iúl dúinn go bhfuil eolas áirithe íogair, d’fhéadfaí é a nochtadh gan dul i gcomhairle leat.
Iniúchadh
Coimeádann an Roinn an ceart aici féin iniúchadh a dhéanamh ar chaiteachas nó cigireacht a dhéanamh ó am go ham. Ina theannta sin, coimeádann Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste an ceart aici féin cáipéisí a iniúchadh de réir na gcoinníollacha i gCiorclán 13/2014 R/CPA dá dtagraítear faoi Alt 8 thuas.
Foilsiú
Foilseofar sonraí faoi dhámhachtainí aonair ar shuíomh gréasáin na Roinne lena n-áirítear ainm an deontaí; réigiún ina bhfuil an deontaí lonnaithe; méid deontais mar mhéid iomlán san airgeadra náisiúnta; údarás deontais; dáta deonaithe.
Cosaint Sonraí
Féach ar an nasc seo a leanas le haghaidh eolais faoi chosaint sonraí na Roinne: [external-link https://www.chg.gov.ie/help/legal-notices/data-protection/ | chg.gov.ie/help/legal-notices/data-protection/ ]
Séanadh
Ní bheidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán faoi dhliteanas i leith iarratasóra ná aon pháirtí eile as aon chaillteanas, damáiste nó costais de chineál ar bith a eascróidh go díreach nó go hindíreach as an iarratas nó as a ábhar nó as diúltú na Roinne don iarratas ar chúis ar bith.
Ní bheidh an Roinn, a seirbhísigh ná a ngníomhairí freagrach, tráth ar bith, as aon ábhar a bhaineann le forbairt, pleanáil, maoiniú, tógáil, oibriú, bainistiú agus/nó riar thionscadal aonair nó aon ábhar a bhaineann le cuid de na sonraisc a chuir deontaithe isteach a íoc.
Cuairteanna ar an Suíomh agus Suirbhé Meastóireachta
D'fhéadfadh an Roinn cuairteanna a thabhairt ar an suíomh le linn an léirithe. Iarrfar ort freisin tuairiscí rialta a sholáthar ar ghníomhaíocht/aschur cláir agus Suirbhé Meastóireachta a chomhlánú ar chríochnú do thionscadail.
Is féidir tuilleadh eolais a iarraidh
Coimeádann an Roinn an ceart tuilleadh eolais a iarraidh uait d’fhonn d’iarratas a mheas más gá.
Conas iarratas a dhéanamh
Beidh an fhoirm iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ó 1 i.n. Dé Luain, an 29 Samhain 2021. Ba chóir d’iarratasóirí a chinntiú go bhfuil a bhfoirm iarratais comhlánaithe go hiomlán agus go gcuirtear isteach Teastas/Litir an Iniúchóra leis an iarratas, sínithe ag Cuntasóir. Seolfar ríomhphost dearbhaithe chugat ina mbeidh d’uimhir thagartha.
Le tabhairt faoi deara – caitear an méid seo a leanas a shonrú/a dhearbhú i dTeastas/Litir Iniúchóra sínithe ag Cuntasóir;
1. Sonraí faoi léiriú séasúrach beo ceoil/geamaireachta a rinneadh le dhá bhliain anuas ar a laghad (2018-2020) do lucht féachana beo pleanáilte ar an láthair, lena n-áireofar ainm agus suíomh na hócáide, fad na hócáide agus líon an lucht féachana;
2. Go raibh láimhdeachas €300,000 nó os a chionn gan CBL san áireamh mar thoradh ar amharclannaíocht shéasúrach ceoil/geamaireachta ar feadh dhá cheann ar a laghad de na 3 bliana anuas (2018-2020) (caithfidh na blianta céanna agus a luadh le haghaidh taibhithe a bheith ann);
3. Go bhfuil an gnó ag pleanáil léirithe beo séasúracha ceoil / geamaireachta a chur ar stáitse i bPoblacht na hÉireann le linn Shamhain agus Nollaig 2021, beartaithe le haghaidh taibhithe do lucht féachana beo pearsanta;
4. Stádas CBL an Iarratasóra a dhaingniú;
5. Nach mbaineann na costais sin ach le himeachtaí atá ar siúl go dtí agus ar an 31 Nollaig 2021. (Má reáchtálfar an léiriú le linn 2022 chomh maith caitear na costais léiriúcháin a laghdú ar bhonn pro rata);
6. Dearbhú nár thionscain an t-iarratasóir imeachtaí dócmhainneachta ar an nó roimh an 31 Nollaig 2019;
7. Dearbhú nach bhfuil an t-iarratasóir ag fáil maoiniú ó chomhlacht poiblí eile le haghaidh na n-imeachtaí lena mbaineann an t-iarratas faoin scéim seo.
Ní mór na sonraí thuas a chur in iúl ar Theastas/Litir an Iniúchóra sínithe ag Cuntasóir d’fhonn d’iarratas a mheas. Caithfidh Teastas/Litir Iniúchóra sínithe ag Cuntasóir a bheith i ngach iarratas. Ní ghlacfar le cuntais mar chuid den fhoirm iarratais. Ceanglófar ar iarratasóirí rathúla sraith cuntas a chur isteach lena CLS sínithe d’fhonn a ndeontas a tharraingt anuas.
Ba cheart don iarratasóir an fhoirm iarratais a chomhlánú agus a sheoladh mar cheangaltán aonair ina bhfuil na cáipéisí tacaíochta ábhartha chuig LPSSstrand2@tcagsm.gov.ie.
Tabhair faoi deara le do thoil go gcaitear an fhoirm iarratais (comhlánaithe go hiomlán) agus na cáipéisí tacaíochta a chur isteach mar cheangaltán comhaid amháin i struchtúr inléite agus ní féidir é a chosaint le pasfhocal.
Ní ghlacfaidh an Roinn ach le hiarratais a sheoltar i ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist thuas. Eiseofar ríomhphost admhála agus uimhir thagartha iarratais nuair a gheofar d’iarratas. Ní sheiceálfar go bhfuil gach aon rud san iarratas go dtí tar éis an dáta deiridh. Tá sé tábhachtach go gcuirtear gach iarratas isteach ina iomláine.
Caitear go han-dáiríre le heolas bréagach nó mhíthreorach a chuirtear faoi bhráid na Roinne. D’fhéadfadh aon eagraíocht nach gcomhlíonann téarmaí agus coinníollacha Shraith 2 na Scéime chun Tacú le Taibhiú Beo - Amharclannaíocht Shéasúrach Ceoil/Geamaireachta a bheith faoi réir iniúchta, a ndeontas a aistarraingt, a cheangal uirthi deontas iomlán nó cuid de a aisíoc agus/nó a bheith toirmiscthe iarratais a dhéanamh ar feadh tréimhse ama. Tabharfar fógra don údarás ábhartha maidir le gach sárú tromchúiseach ar théarmaí agus ar choinníollacha na Scéime.
Tabhair faoi deara le do thoil gurb é an dáta deiridh d’iarratais an 13 Nollaig 2021 ag 1 i.n. (de réir stampa ama na Roinne ar an ríomhphost).
Molaimid go láidir d’iarratasóirí gan fanacht go dtí an lá deireanach chun iarratais a chur isteach ar eagla go mbeidh fadhbanna agat a bhaineann le TF.
Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an dáta deiridh.
Achomhairc
D’fhéadfadh iarratasóir achomharc a dhéanamh má mheasann an t-iarratasóir nár cloíodh leis an bpróiseas chun a iarratas a athbhreithniú.
Caithfidh an t-iarratasóir ríomhphost cinnidh a fháil ó fhoireann Snáithe 2 na Scéime d’fhonn achomharc a dhéanamh. **Ní mór achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ón dáta ar an ríomhphost cinnidh.
Ní ghlacfar le hachomhairc a chuirtear isteach tar éis an dáta seo.**
Féach ar thuilleadh eolais faoi phróiseas achomhairc Snáithe 2 na Scéime [Nasc].
Cúnamh Stát AE
Deimhníonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (R/TCEGSM) go gcomhlíonfaidh sí na hoibleagáidí monatóireachta agus tuairiscithe atá leagtha síos i gcuid 4 den Chreat Sealadach.
Is í R/TCEGSM an tÚdarás Cúnta Deontais don Scéim. Is é bunús dlí na Scéime an tAcht Airí agus Rúnaithe 1924 mar a leasaíodh é le hIonstraim Reachtúil Uimh. 403 ar an 29 Meán Fómhair 2020. Cuirtear deontais ar fáil de réir na gcritéar a leagtar amach thuas, faoi réir dhlí Chúnamh Stáit an AE.
Tá cúnamh a chuirtear ar fáil i leith na Scéime seo faoi réir fhorálacha Chreat Sealadach Chúnamh Stáit an Choimisiúin Eorpaigh mar a leasaíodh é.
Oibreofar an Scéim faoi Chreat Sealadach Chúnamh COVID-19 an AE (an ‘Creat Sealadach’)*. Le teacht faoin gCreat Sealadach caitear a fhorálacha a chomhlíonadh i ngach cás agus ar gach bealach mar a bhaineann siad le Cúnamh Stáit d’iarratasóir áirithe. Cé go bhfuil príomhfhreagracht ar R/TCEGSM na ceanglais sin agus rialacha eile um Chúnamh Stáit a chomhlíonadh, braitheann comhlíonadh freisin ar chomhoibriú na n-iarratasóirí, lena n-áirítear cloí leis na Treoirlínte seo, a ionracas maidir le hiarratais a dhéanamh chugainn agus, ar deireadh, comhlíonadh na dtéarmaí agus na gcoinníollacha a ghabhann leis an deontas, má éiríonn leis an iarratasóir.
Tá leagan comhdhlúite den Chreat Sealadach amhail an 28 Eanáir 2021 ar fáil ar: ec.europa.eu/competition/state_aid/what_is_new/TF_informal_consolidated_version_as_amended_28_january_2021_en.pdf.
Tá sé de fhreagracht ar an iarratasóir a chinntiú go bhfuil sé/sí ar an eolas faoi aon leasuithe ar an gCreat Sealadach agus tá saoirse ag iarratasóirí (agus moltar dóibh) comhairle dlí a ghlacadh mar is cuí maidir leis an gcaoi a bhfuil rialacha maidir le Cúnamh Stáit i bhfeidhm ina gcás áirithe. Tabhair faoi deara le do thoil gur riachtanas de chuid an Chreata Shealadaigh é go ndeonófar an chabhair tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2021 (faoi réir fhadú Choimisiún an AE). Tá bearta cúnaimh a fhorbraítear faoin gCreat Sealadach faoi réir Oibleagáide gan Leasú i gcomhréir le hAirteagal 108 (3) CSAE. Ciallaíonn sé seo nach féidir aon chabhair a dheonú nó a íoc sula dtugann an Coimisiún fógra agus cead.
Ceanglófar ar iarratasóirí sonraí faoi dheontais a fuarthas cheana faoi Chreataí Sealadacha eile a sholáthar mar chuid den phróiseas iarratais.
Ceisteanna
Is féidir ceisteanna a sheoladh i ríomhphost chuig: LPSSstrand2@tcagsm.gov.ie