English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

An Scéim Tacaíochta um an Geilleagar Oíche - Próiseas achomhairc



Cé tá in ann achomharc a dhéanamh

Is féidir le hiarratasóir achomharc a dhéanamh má bhreithníonn an t-iarratasóir nár cloíodh leis an bpróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar a iarratas. Ní mór don Iarratasóir ríomhphost a bheith faighte aige ina bhfuil cinneadh atá déanta ag foireann an Gheilleagair Oíche chun achomharc a dhéanamh.


An tslí chun achomharc a dhéanamh

Ní mór achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ón dáta a luaitear sa ríomhphost ina dtugtar an cinneadh. Is gá na forais atá le d’achomharc a leagan amach go soiléir i ríomhphost a cheart a sheoladh chuig an Oifigeach Achomharc um an Geilleagar Oíche ar NTESS.APPEALS@tcagsm.gov.ie ina luaitear “Achomharc” in éineacht le d’uimhir iarratais i líne ábhair an ríomhphoist.


Na sonraí a cheart a bheith i d’achomharc

Nuair a dhéantar achomharc in aghaidh cinneadh a rinneadh i ndáil le hiarratas ar STGO ní mór na sonraí seo a leanas a thabhairt:

• sonraí iomlána teagmhála don iarratasóir agus uimhir iarratais

• na forais ar a gcreideann an t-iarratasóir nár cloíodh leis an bpróiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar a iarratas. Ní mór don iarratasóir cúiseanna sonracha nó cruthúnas chun tacú leis an achomharc a chur san áireamh

Is féidir tuilleadh eolais maidir leis an scéim a fháil i The Night Time Economy Support Scheme (NTESS) 2022 Guidelines


Próiseas athbhreithnithe d’achomhairc

Gheobhaidh an t-iarratasóir ríomhphost admhála ó Oifigeach Achomharc STGO nó ó dhuine a roghnaíodh chun ionadaíocht a dhéanamh air má tá siad as láthair laistigh de 5 lá oibre. Breithneofar an t-achomharc ansin agus eiseofar cinneadh chuig an iarratasóir laistigh de 20 lá oibre i ndiaidh an admháil a fháil. Beidh an cinneadh seo ina cheangal agus ní bheidh sé faoi réir aon achomhairc bhreise. I gcás ina meastar moill a bheith ann, cuirfear an t-iarratasóir ar an eolas i scríbhinn maidir leis an amscála níos faide.