Chéatadáin don Ealaín
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 27 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 8 Márta 2023
Tionscnamh rialtais í an scéim an Chéatadáin don Ealaín a tugadh isteach den chéad uair i 1978, faoinar féidir 1% den chostas a bhaineann le haon fhorbairt caipitil, bonneagair agus tógála atá maoinithe go poiblí a leithroinnt ar shaothar ealaíne a choimisiúnú. Ón mbliain 1997, tá an scéim seo á cur ar fáil do gach tionscadal caipitil ar fud na ranna rialtais ar fad.
Áirítear ar chláir chaipitil ar féidir leas a bhaint as Scéim an Chéatadáin don Ealaín:
• tionscadail tithíochta poiblí (scéimeanna sóisialta agus inacmhainne)
• iompar agus bóithre
• scéimeanna timpeallachta mar scéimeanna draenála, stáisiúin pumpála agus taiscumair
• foirgnimh phoiblí mar leabharlanna, oifigí poiblí, scoileanna, ospidéil, ionaid leighis, príosúin, foirgnimh ealaíon - pictiúrlanna, amharclanna, ionaid ealaíne
• obair chaomhnúcháin atá le déanamh ar fhoirgnimh agus láithreáin phoiblí
• scéimeanna athnuachana uirbigh agus bailte
I mí Iúil 2019, d'fhógair an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta bandaí agus uasteorainneacha nua.
Ón 1 Eanáir 2020, is iad na bandaí agus teorainneacha infheistíochta nua:
• tionscadail faoi bhun €5,000,000: 1% de chostas an tionscadail go huasmhéid €50,000 (1% den teorainn uachtair);
• tionscadail idir €5,000,000 agus €20,000,000: 1% de chostas an tionscadail go huasmhéid €125,000 (1% den airmheán);
• tionscadail idir €20,000,000 agus €50,000,000: 1% de chostas an tionscadail go huasmhéid €350,000 (1% den airmheán);
• tionscadail os cionn €50,000,000: Suas go €500,000 is é sin 1% den scála is ísle agus an ráta sin ag titim de réir mar a bheidh scála na dtionscadal ag méadú
Tá Coiste idir-Ranna bunaithe i ndáil leis an Scéim a fhorbairt, na treoirlínte a athbhreithniú agus eolas maidir le tionscadail faoin Scéim a chur i dtoll a chéile. Tiocfaidh an grúpa sin le chéile go luath.
Is féidir tuilleadh sonraí a fháil ar an Scéim anseo agus is féidir na treoirlínte reatha a fháil anseo.
- Tabhair ar aird go dtagraíonn na treoirlínte seo do pharaiméadair roimhe seo agus go bhfuil siad sin as dáta anois.