English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Na hEalaíona Cruthaitheacha: Deontais agus Maoiniú


Scéimeanna Caipitil atá ann cheana

Sruth E – Scéim Caipitil Cultúir

Tá iarratais oscailte anois do Shruth breise maoinithe faoin Scéim Caipitil Cultúir – Sruth E. Ag teacht le gníomh an Rialtais maidir le hathrú aeráide, cuirtear maoiniú ar fáil sa Scéim seo do thionscadail a laghdaíonn lorg carbóin eagraíochta agus, don chéad uair, beidh maoiniú ann d’iniúchóireacht fuinnimh eagraíochtúil. Tabharfar tacaíocht freisin do thionscadail a chuireann spás sa bhreis ar fáil d’ealaíontóirí agus do táirgeadh ealaíne, chomh maith leo siúd a théann i ngleic le ceisteanna rochtana. Sonraí go léir ar fáil sa treoirlínte ceangailte.

- Treoirlínte - Sruth E na Scéime Caipitil Cultúir

- Foirm Iarratais - Sruth E

- Ceisteanna Coitianta - Sruth E

Treoirlínte - Sruth E na Scéime Caipitil Cultúir
Amharc amharc
Foirm Iarratais - Sruth E
Download link for Íoslódáil
Ceisteanna Coitianta - Sruth E
Amharc amharc

Scéim Chaipitiúil Spásanna Oibre Ealaíontóirí

Táthar ag glacadh le hiarratais anois ó Údaráis Áitiúla faoin Scéim Phíolótach Spásanna Oibre d’Ealaíontóirí chun cur le soláthar spásanna oibre ealaíontóirí ar fud na hÉireann.

Tá an scéim phíolótach dírithe go príomha ar mhaoiniú a chur ar fáil d’Údaráis Áitiúla ionas go mbeidh siad in ann tuilleadh spásanna oibre a sholáthar d’ealaíontóirí ina gceantair féin ar bhonn inbhuanaithe, chomh maith le rochtain níos fearr a bheith ar na spásanna. Faoin scéim seo, tugtar cuireadh d'Údaráis Áitiúla tionscadail a mholadh a bheadh in ann freastal ar an éileamh atá ar spásanna oibre d'ealaíontóirí ina gceantair féin agus spásanna oibre a chur ar fáil atá oiriúnach don fheidhm agus atá dírithe ar an dearadh agus ar inrochtaineacht. Is féidir sonraí iomlána na Sceime a léamh sna Treoirlínte sa cheangaltán.

Foirm Iarratais - Scéim Spásanna Oibre d'Ealaíontóir
Download link for Íoslódáil
Treoirlínte don Scéim Spásanna Oibre d'Ealaíontóirí 2024
Amharc amharc