Oideachas Tríú Leibhéal
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 18 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- Oideachas Tríú Leibhéal in Éirinn
- Liosta na gcúrsaí atá ar bun in 2015/2016
- Oideachas Tríú Leibhéal Thar Lear
Oideachas Tríú Leibhéal in Éirinn
An Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge
Is é aidhm an Tionscnaimh Ardscileanna Gaeilge a chinntiú go mbeidh dóthain daoine cáilithe le scileanna Gaeilge ar fáil chun freastal ar riachtanais earcaíochta in Éirinn agus san AE. Faoin scéim seo, cuireann an Roinn maoiniú ar fáil do réimse sainchúrsaí tríú leibhéal Gaeilge ar nós aistriúchán, ateangaireacht agus dlí.
Liosta na gcúrsaí atá ar bun in 2015/2016
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
- MA/Dioplóma Iarchéime: Scríobh agus Cumarsáid na Gaeilge
Coláiste na hOllscoile Corcaigh
- BCL (Dlí agus Gaeilge)
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn
- MA/Dioplóma Iarchéime (Léann Teanga)
- Dianchúrsa i gCruinneas sa Ghaeilge Scríofa agus Scileanna Aistriúcháin
- MA/Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála)
Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
- MA/ Dioplóma Iarchéime (ar líne) san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht
Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
- MA i Staidéar an Aistriúcháin
Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
- MA sa Ghaeilge Fheidhmeach/Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach
Gaelchultúr / Coláiste na hÉireann
- Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán
Cumann Onórach Óstaí an Rí
- An tArd-Dioplóma sa Dlítheangeolaíocht agus san Aistriúchán Dlíthiúil
- An tArd-Dioplóma sa Dlí-Chleachtadh trí Ghaeilge
- An tArd-Dioplóma san Aistriúchán Dlíthiúil
Oideachas Tríú Leibhéal Thar Lear
Cuirtear maoiniú ar fáil faoin scéim seo do theagasc na Gaeilge in ollscoileanna thar lear. Is iad aidhmeanna an chiste dea-thoil i leith na Gaeilge a chothú agus a chur chun cinn taobh amuigh d'Éirinn agus ardán a chur ar fáil ionas gur féidir teacht ar an nGaeilge agus í a chur i lár an aonaigh mar theanga idirnáisiúnta.
Tá an ciste oscailte d'iarratais ó institiúidí tríú leibhéal thar lear ar mian leo cúrsaí Gaeilge a sholáthar mar chuid dá gclár acadúil. Ní mór go gcuirfí gach iarratas ar mhaoiniú ó institiúidí 3ú leibhéal lonnaithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus i gCeanada trí Choimisiún Fulbright agus trí Fhondúireacht Ollscoile Éireann Cheanada faoi seach.
Ar na critéir a úsáidtear agus iarratais á meas, tá:
- taithí na hinstitiúide ar chúrsaí Gaeilge a sholáthar agus ar chur chun cinn na Gaeilge go ginearálta
- caighdeán an Phlean Gnó
- an méid cómhaoinithe atá ar fáil ón institiúid agus/nó ó fhoinsí eile agus
- creidiúnú an chúrsa nó na gcúrsaí atá á s(h)oláthar