Scéim Deontais an Gheilleagair Oíche chun Torann a Laghdú 2023 (NMGS 2023): Freagraí ar bhur gCeisteanna
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 18 Iúil 2023
- An t-eolas is déanaí: 25 Lúnasa 2023
- Iarratas a dhéanamh ar an Scéim Deontais chun Torann a Laghdú 2023
- Critéir chun bheith cáilithe don Scéim Deontais chun Torann a Laghdú 2023
- Cad atá i gceist le Geilleagar Oíche?
- Cad atá i gceist le siamsaíocht bheo oíche?
- Cé nach bhfuil cáilithe chun iarratas a dhéanamh?
- Cad a bheidh cáilithe le maoiniú a fháil?
- Cad nach mbeidh cáilithe le maoiniú a fháil?
- An t-iarratas a fhormheas
- Cá huair a gheobhaidh tú an íocaíocht má dhéantar d’iarratas a fhormheas?
- Cá mhéad a gheobhaidh tú?
- Íocaíocht an deontais
- Doiciméid ábhartha a choinneáil mar fhianaise den chaiteachas cáilitheach
- An Próiseas Iarratais
- Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach (TCAN)
- Foilsiú tairbhithe
- Dáta deiridh na scéime
- Doiciméid is gá a uaslódáil in éineacht leis an iarratas
- An fhoirm a shíniú
- Achomhairc
- Teagmháil
Iarratas a dhéanamh ar an Scéim Deontais chun Torann a Laghdú 2023
Beifear ag glacadh le hiarratais do Scéim Deontais an Gheilleagair Oíche chun Torann a Laghdú (NMGS 2023) – Stáidse 1 anseo ó 16.00 ar an 18 Iúil 2023 go dtí an 31 Nollaig 2023 nó go dtí go mbeidh an ciste ídithe, cibé acu is túisce a tharlóidh.
Léigh treoirlínte na Scéime anseo go cúramach roimh iarratas a dhéanamh.
Critéir chun bheith cáilithe don Scéim Deontais chun Torann a Laghdú 2023
Sa scéim seo dírítear ar ionaid dhéanacha, mar chlubanna oíche, beáir dhéanacha agus ionaid dhéanacha a bhfuil gá acu le bearta maolaithe torainn chun torann a thagann ó shiamsaíocht dhéanach a bhaineann leis an áitreabh a laghdú. Tá ceol de gach seánra, damhsa agus taibhiú beo i gceist leis seo in ionaid a bhíonn oscailte go dtí go mall.
Féadfaidh gnólachtaí iarratas a dhéanamh (trádálaithe aonair, comhpháirtíochtaí nó eintitis chorpraithe) más rud é go bhfuil siad ag feidhmiú ó áitreabh nach áit chónaithe atá ann agus a mbíonn lucht féachana/éisteachta nó an pobal i gcoitinne istigh ann go minic. Is gá Deimhniú Iniúchóra/Litir sínithe ag Cuntasóir a úsáid leis seo a dheimhniú. Is gá sonraí maidir leis na nithe seo a leanas a bheith sa Deimhniú Iniúchóra/Litir sínithe ag Cuntasóir;
a) Deimhniú ar an Láimhdeachas ábhartha ar leith ó CBL. Ní dhéanfar ach láimhdeachas a bhaineann le siamsaíocht bheo in earnáil an gheilleagair oíche a mheas, cé go mb’fhéidir go mbeadh láimhdeachas sa ghnólacht a bhaineann le hearnálacha eile.
b) Deimhniú go bhfuil an chuideachta á feidhmiú ó áitreabh ainmnithe nach áit chónaithe é agus a mbíonn lucht féachana, ranganna nó an pobal i gcoitinne ann go minic.
c) Deimhniú go bhfuil an gnólacht tar éis cloí lena oibleagáidí i dtaca le clárú cánach, íocaíochtaí cánach agus tuairisceáin chánach a thíolacadh.
d) Deimhniú nach raibh an t-iarratasóir mar pháirt de ghnóthas atá i gcruachás (is é sin nach bhfuil an t-iarratasóir tar éis dul isteach in imeachtaí dócmhainneachta) ar an 31 Nollaig 2022 nó roimhe sin.
e) Deimhniú nach bhfuil aon mhaoiniú poiblí á fháil ag an iarratasóir chun íoc as na costais chaipitiúla lena mbaineann an t-iarratas seo faoin scéim seo.
f) Deimhniú nach bhfuil an t-iarratasóir tar éis Státchabhair a fháil ar leibhéal níos airde ná teorainneacha de minimis, luach an deontais san iarratas seo san áireamh.
• Ní foláir don ghnólacht a bheith lonnaithe sa Stát.
• Caithfidh na brabúis ón trádáil nó gníomhaíochtaí trádála an ghnólachta a bheith inchánach faoi Chás I nó II de Sceideal D.
• Ní mór do ghnólachtaí Deimhniú Ríomh-Imréitigh Cánach reatha a bheith acu ó na Coimisinéirí Ioncaim tráth a ndéanfar an t-iarratas a fhormheas maidir le maoiniú agus tráth a ndéanfar an maoiniú a tharraingt anuas.
• Ní foláir láimhdeachas de €35,000 gan CBL a áireamh nó os a chionn a bheith ag an ngnólacht agus é sin ag baint le siamsaíocht sa gheilleagar oíche.
Cad atá i gceist le Geilleagar Oíche?
Tá an Geilleagar Oíche ilsrathach, agus clúdaíonn se raon leathan earnálacha agus geallshealbhóirí le gníomhaíochtaí éagsúla cosúil le gníomhaíocht chultúrtha, siamsaíocht, fáilteachas, spórt agus gníomhaíocht mhiondíola, agus é mar aidhm leis spás sábháilte agus slán le hobair nó le bualadh le daoine a chur ar fáil.
Cumasaítear Geilleagar Oíche bríomhar trí réimse poiblí atá deartha go maith, réitigh taistil éifeachtacha agus gníomhaíochtaí difriúla ag tarlú ag amanna difriúla taobh istigh de chreat ama an Gheilleagair Oíche, 6in go 6rn.
Mar pháirt de Gheilleagar Oíche maith ba cheart réimse gníomhaíochtaí atá oiriúnach do gach aois agus spéis a bheith ann, le timpeallacht fháilteach sholúbtha le bheith i mbun gnó agus cruthaitheachta inti.
Cad atá i gceist le siamsaíocht bheo oíche?
Tá an scéim seo dírithe ar ionaid oíche, cosúil le clubanna oíche agus beáir dhéanacha atá bearta laghdaithe astaíochtaí torainn de dhíth orthu chun torann atá ag teacht ó shiamsaíocht dhéanach san áitreabh a laghdú. Tá ceol de gach sheánra, damhsa, agus taibhiú beo a chruthaíonn astaíochtaí torainn i ndiaidh 11in san áireamh leis seo.
Cé nach bhfuil cáilithe chun iarratas a dhéanamh?
Ní bheidh na cineálacha seo a leanas gnólachtaí cáilithe:
• Gnólachtaí nach bhfuil ag feidhmiú as áitreabh atá ar oscailt don phobal.
• Áiteanna cónaithe príobháideacha.
• Gnólachtaí nach bhfuil lonnaithe sa Stát.
• Gnólacht nach mbíonn ag obair go hiondúil mar chuid de gheilleagar na hoíche.
• Gnólachtaí a bhfuil láimhdeachas €35,000 gan CBL a áireamh nó níos lú acu atá ag baint le siamsaíocht sa gheilleagar oíche.
• Gnólachtaí miondíola mar shampla siopaí ealaíon agus ceardaíochta, etc.
• Casaíní nó hallaí biongó.
• Coláistí tríú leibhéal, Boird Oideachais agus Oiliúna agus scoileanna.
• Gnólachtaí a fhaigheann maoiniú poiblí eile faoi chomhair na gcostas caipitiúil lena mbaineann an t-iarratas.
• Gnólachtaí a fuair maoiniú cheana féin faoin Scéim Tacaíochta Caipitil Siamsaíochta Tráchtála 2021 agus/nó 2022 as bearta laghdaithe torainn.
• Gnólachtaí a fhaigheann (nó a gheobhadh) Státchabhair de minimis os cionn €200,000 in aon tréimhse fhioscach trí bliana.
• Deontaithe reatha scéimeanna atá á reáchtáil ag an Roinn nach bhfuil ag cloí faoi láthair leis na Comhaontuithe Seirbhíse atá eisithe ná leis na nósanna imeachta maidir leis an tarraingt anuas.
Cad a bheidh cáilithe le maoiniú a fháil?
Tá siad seo a leanas cáilithe chun maoiniú a fháil, gan bheith teoranta dóibh:
• Bearta chun torann a laghdú in áitreabh le sábháilteacht agus compord a fheabhsú i gcás custaiméirí, baill foirne agus daoine eile sa cheantar. D’fhéadfadh na bearta seo a bheith ann, ach gan bheith teoranta dóibh:
- Córais le torann a chosc a shuiteáil/a athsholáthar
- Séalaí fuinneoige agus dorais a fheabhsú/a athsholáthar
- Cineálacha formheasta doirse agus fuinneog fuaime a chur isteach seachas na doirse agus fuinneoga atá ann faoi láthair
- Insliú fuaime i mballaí, síleálacha agus urláir
- DSPanna agus/nó córais callairí a athsholáthar le go mbeifear in ann callairí a rialú ar shlí níos fearr
- Ionsúirí fuaime a thógáil
• Áiseanna/struchtúir a chur isteach chun cuidiú a thabhairt i gcás bainistiú sluaite nó maoirsiú daoine a fhágfaidh go mbeidh torann níos lú ann lasmuigh den áitreabh (i.e. i scuainí).
• Struchtúir a shuiteáil atá deartha le torann a laghdú in áiteanna taobh amuigh i gcúirtealáiste an áitribh (e.g. bacainní torainn chun an torann ó gharraithe beorach a laghdú).
• An táille as tuarascáil a choimisiúnú ó shainchomhairleoir fuaimeolaíochta a dhéanann na critéir thuas maidir le ballraíocht ghairmiúil a shásamh.
Cad nach mbeidh cáilithe le maoiniú a fháil?
Níl siad seo a leanas cáilithe chun maoiniú a fháil, gan bheith teoranta dóibh:
- tailte nó foirgnimh a cheannach
- árachas
- táillí dlí
- trealamh pearsanta TF, ríomhairí pearsanta, ríomhaire Apple Mac agus na pacáistí bogearraí a ghabhann leo
- uirlisí ceoil
- feithiclí
- tomhaltáin
- conarthaí bliantúla cothabhála
- cíos
- costais foirne
- costais leanúnacha nó gnáthchostais eile
- aon áiseanna/struchtúir a shuiteáil nach bhfuil beartaithe go díreach le torann a laghdú agus nach moltar iad i dtuarascáil an tsainchomhairleora fuaimeolaíochta
- oibreacha ar áitreabh atá thart ar an áit nó áitreabh tríú páirtí
- oibreacha a dhéantar agus/nó ábhar a cheannaítear sula bhfaightear formheas
An t-iarratas a fhormheas
Beidh an scéim ag feidhmiú agus ciste teoranta €2 mhilliún ann. Ós rud é go meastar go mbeidh líon ard iarratas ann, tá seans ann nach mbeifear in ann maoiniú a thabhairt do gach iarratasóir cáilithe. Déanfaidh an Roinn iarratais a mheas in ord bunaithe go docht ar an dáta agus am a gheofar iad.
Cá huair a gheobhaidh tú an íocaíocht má dhéantar d’iarratas a fhormheas?
Íocfar an deontas le hiarratasóirí formheasta nuair a bheidh sonraisc agus fianaise ar íocaíocht trí ríomhaistriú airgid as na hoibreacha laghdaithe torainn ar fad curtha faoi bhráid na Roinne as 100% de na costais cháilithe gan CBL a áireamh.
Tabhair do d’aire: Níl réamh-mhaoiniú ar fáil don Scéim seo. Déanfar íocaíochtaí deontais bunaithe ar shonraisc íoctha a chuirfear isteach (dliteanais aibithe).
Cá mhéad a gheobhaidh tú?
Déanfar 70% den chostas a mhaoiniú as oibreacha chun torann a laghdú (na hábhair san áireamh) agus as tuarascáil sainchomhairleora fuaimeolaíochta suas le €70k ar a mhéad. Ní bheidh ach na hoibreacha a mholtar i dtuarascáil an tsainchomhairleora fuaimeolaíochta cáilithe i dtaobh maoiniú a fháil.
Mar shampla:
An costas iomlán as na hoibreacha a dhéanamh, ábhair san áireamh, agus as tuarascáil ó shainchomhairleoir fuaimeolaíochta a choimisiúnú = €100,000
70% de €100,000 = €70,000
Ba cheart don iarratasóir iarratas a dhéanamh ar €70,000 de mhaoiniú.
Caithfidh an t-iarratasóir féin an 30% eile a mhaoiniú, i.e. €30,000.
Is féidir €70,000 ar a mhéad a íoc faoin scéim seo. Má táthar chun €70,000 de mhaoiniú a fháil, ní mór do na costais iomlána a bheith cothrom le €100,000 nó os a chionn.
Caithfear sonraisc agus ríomhaistriú bainc a chur isteach maidir leis an gcostas iomlán as na hoibreacha a dhéanamh.
I gcás iarratasóirí a dhéanann tuarascáil a choimisiúnú ó shainchomhairleoir fuaimeolaíochta agus a shocraíonn gan leanúint ar aghaidh leis na hoibreacha chun torann a laghdú, féadfaidh na hiarratasóirí sin iarratas a dhéanamh le maoiniú a tharraingt anuas chun 70% de chostas na tuarascála a chlúdach.
Íocaíocht an deontais
Nuair a bheidh na hoibreacha curtha i gcrích agus iarratas chun maoiniú a tharraingt anuas curtha isteach, úsáidfear Ríomhaistriú Airgid leis an deontas a íoc le cuntas bain an ghnólachta bunaithe ar na sonraí bainc ar fhoirm an iarratais.
Doiciméid ábhartha a choinneáil mar fhianaise den chaiteachas cáilitheach
Mar atá leagtha amach i dtreoirlínte an NMGS, tá an scéim á feidhmiú ar bhonn sonraisc íoctha a chur isteach. Ní mór do ghnólachtaí an fhianaise agus na doiciméid ar fad atá mar thacaíocht don éileamh faoin Scéim mar go bhféadfaidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (R/TCEGSM) a leithéid a iarraidh i seiceálacha cáilitheachta amach anseo.
Déanfaidh an Roinn spotseiceálacha a shocrú lena chinntiú go bhfuiltear ag cloí leis na critéir cháilithe agus chun críocha iniúchta.
An Próiseas Iarratais
Léigh Treoirlínte na Scéime (NMGS) roimh duit tús a chur leis an iarratas. Beidh tairseach an iarratais don Scéim seo ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag 13.00 ar an 11 Iúil 2023.
Más mian le hiarratasóirí iarratas a dhéanamh anseo, níl le déanamh acu ach cuntas a chruthú agus cliceáil ar an gcnaipe “Nua” le Céim 1 den fhoirm a líonadh. Déanfar iarratais a mheas i dtaca le cáilitheacht le linn na céime seo bunaithe ar an ord ina bhfuarthas iad ó thaobh dáta agus ama de. Tabharfar cuireadh d’iarratasóirí cáilithe ansin a dtogra a chur isteach i gCéim 2 ar choinníoll go mbeidh maoiniú fós ar fáil ansin.
Agus na hoibreacha chun torann a laghdú curtha i gcrích, féadfaidh iarratasóirí tairseach an iarratais a úsáid leis an deontas a tharraingt anuas.
Agus an t-iarratas á chur isteach, beidh an t-iarratasóir ag deimhniú go gcomhlíonann an t-iarratas na critéir i dTreoirlínte na Scéime.
Ní dhéanfar dréachtaí ná iarratais neamhiomlána a mheas.
Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach (TCAN)
Má táimidne chun an stádas atá agat maidir le himréiteach cánach a sheiceáil, beidh ort Uimhir Rochtana Imréitigh Cánach (TCAN) a chur ar fáil maille leis an aitheantas cánach atá agat (mar a iarradh i réimse roimhe seo). Tabharfar TCAN duit má dhéanann tú iarratas sásúil ar Imréiteach Cánach a fháil ó na Coimisinéirí Ioncaim. Caithfidh an Roinn a bheith ábalta stádas imréitigh cánach na n-iarratasóirí ar fad a n-éireoidh leo a dheimhniú chun íocaíocht a dhéanamh leo. Déanfar do stádas féin ó thaobh imréiteach cánach de a sheiceáil agus cáilitheacht don scéim á meas agus arís sula ndéanfar an íocaíocht leat a fhormheas. Ní hionann an TCAN agus aitheantas cánach.
Foilsiú tairbhithe
Tá seans ann go ndéanfar sonraí i dtaobh deontais faoi leith a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin na Roinne, lena n-áirítear: an t-ainm faoina ndéantar obair an ghnólachta, an contae a bhfuil an tairbhí lonnaithe ann agus méid an deontais.
Dáta deiridh na scéime
Is é an 31 Nollaig 2023 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais Stáidse 1. Tabhair do d’aire: D’fhéadfadh sé go ndúnfaí an Scéim ní ba luaithe ná sin má bhíonn an maoiniú ídithe.
Beidh an scéim ag feidhmiú agus ciste teoranta €2m ann. Déanfar iarratais a mheas in ord bunaithe go docht ar an dáta agus am a gheobhaidh an Roinn iad.
Doiciméid is gá a uaslódáil in éineacht leis an iarratas
Céim 1: Measúnú ar cháilitheacht
Caithfidh iarratasóirí na doiciméid seo a leanas a uaslódáil:
• Na cuntais iniúchta is déanaí/cuntais arna n-ullmhú ag cuntasóir.
• Deimhniú Iniúchóra/Litir sínithe ag Cuntasóir.
Céim 2: Togra le maoiniú a fháil i gcomhair Oibreacha chun Torann a Laghdú
Caithfidh iarratasóirí na doiciméid seo a leanas a uaslódáil:
• Tuarascáil an tSainchomhairleora Fuaimeolaíochta
• Meastachán as oibreacha chun torann a laghdú a chur i gcrích
Iarratas ar mhaoiniú a tharraingt anuas:
• Sonraisc íoctha (iad marcáilte mar ‘Íoctha’ nó admháil ann chun tacú leo)
• Gach cás den ríomhaistriú bainc a bhaineann leis na hidirbhearta go léir a bhfuil éileamh á dhéanamh ina leith
• Grianghraif de na bearta chun torann a laghdú má cuireadh i bhfeidhm iad ‘Roimh ré agus ina dhiaidh’
An fhoirm a shíniú
Ba chóir síniú clóscríofa a thabhairt san áit a n-iarrtar é sin ar an leathanach deireanach den fhoirm iarratais. Gheobhaidh tú teachtaireacht ríomhphoist ó submit.com ansin agus nasc ann. Beidh ort cliceáil ar an nasc sin leis an síniú a fhíordheimhniú.
Achomhairc
Féadfaidh iarratasóir achomharc a dhéanamh má mheasann an t-iarratasóir sin nár cloíodh leis an bpróiseas atá ann i dtaobh athbhreithniú a dhéanamh ar Chéim 1 den iarratas.
Féadfaidh iarratasóir achomharc a dhéanamh fosta má mheasann an t-iarratasóir nár cloíodh leis an bpróiseas measúnaithe in aon chéim den phróiseas iarratais.
Ní mór ríomhphost maidir le cinneadh a bheith faighte ag an iarratasóir le hachomharc a dhéanamh. Ní mór achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ón dáta ar ríomhphost an chinnidh.
Ní ghlacfar le hachomhairc a chuirfear isteach tar éis an dáta seo.
Tá tuilleadh eolais ar achomhairc anseo
Teagmháil
Is féidir gach ceist a sheoladh ar an ríomhphost chuig NMGS@tcagsm.gov.ie. Má tá uimhir iarratais agat, luaigh an uimhir sin sa chomhfhreagras go léir.
Má tá tús curtha agat leis an iarratas ar líne agus é curtha isteach agat nó sábháilte mar dhréacht, is féidir an rogha ‘Mail’ ar thairseach an iarratais chun teagmháil a dhéanamh le foireann an Gheilleagair Oíche.
Féadfar uasdátú a dhéanamh ar an doiciméad seo ó am go chéile.