English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Scéim Deontais Atosaithe na dTaibhithe Beo: Treoirlínte


Tabharfar cuireadh d’iarratais ar mhaoiniú deontais faoin scéim seo ó 1i.n. Dé Máirt, an 22 Márta 2022. Dúnfar an scéim d’iarratais ag 1pm Dé Céadaoin, an 20 Aibreán 2022.

Ní féidir le hiarratasóirí ach iarratas amháin a dhéanamh faoin scéim seo.

Cuirfear an fhoirm iarratais ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag 1i.n. Dé Máirt, an 22 Márta 2022.

Tabhair faoi deara, le do thoil:

  • feidhmeoidh an Scéim seo le ciste €15m, mar gheall ar an líon ard iarratas a bhfuiltear ag súil leis, seans nach mbeifear in ann maoiniú a leithdháileadh ar gach iarratasóir incháilithe
  • déanfar iarratais a mheas go docht de réir an dáta agus an tráth a bhfaighidh an Roinn iad

Réamhrá

Deontas nua is ea Scéim Deontais Atosaithe na dTaibhithe Beo (LPRGS) do ghnólachtaí atá i mbun imeachtaí beo a chur ar siúl in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir léirithe beo. Tá sé mar aidhm ag an scéim buntacú le téarnamh earnáil na dTaibhithe Beo trí dheontais atosaithe gnó a sholáthar do chuideachtaí/ionaid/táirgeoirí agus tionscnóirí.

Tá an scéim mar chuid de shraith tacaíochtaí €50m don earnáil Siamsaíochta Beo in 2022.

Cuirfear deontais suas le €100,000 ar fáil do ghnólachtaí incháilithe.

Osclófar an scéim le haghaidh iarratais Dé Máirt, an 22 Márta ag 1i.n. agus is gá iad a sheoladh chuig LPRGS@tcagsm.gov.ie


Aidhmeanna na Scéime

Tacóidh an scéim seo le hearnáil na siamsaíochta beo trí dheontais atosaithe gnó a chur ar fáil chun an riosca a bhaineann le pleanáil imeachtaí a laghdú le linn earrach agus shamhradh na bliana 2022 agus chun cabhrú leis na costais a bhaineann le hathoscailt.

Ní mór do ghnólachtaí a bheith ag trádáil arís le bheith incháilithe iarratas a dhéanamh faoin scéim seo.


Incháilitheacht

Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?

  • táirgeoirí, tionscnóirí agus ionaid, lena n-áirítear clubanna oíche a bhfuil cuntas teiste seanbhunaithe acu i léirithe beo ealaíon/cultúir a léiriú agus a fhógraítear mar sin. Caithfidh na himeachtaí seo a bheith faoi stiúir ealaíontóirí den chuid is mó mar atá sainmhínithe san Acht Ealaíon 2003, is é sin:

ciallaíonn “ealaíona” aon léiriú cruthaitheach nó léiritheach (cibé acu traidisiúnta nó comhaimseartha) i cibé foirm, agus folaíonn sé, go háirithe, amharcealaíona, amharclannaíocht, litríocht, ceol, rince, ceoldrámaíocht, scannán, sorcas agus ailtireacht, agus folaíonn sé aon mheán nuair a úsáidtear é chun na críche sin”.

  • deontaithe reatha a chloíonn go hiomlán lena gComhaontú Seirbhíse reatha agus a nósanna imeachta íostarraingthe. Sainmhínítear deontaithe reatha mar: Deontaithe scéim Phíolótach LPSS, LPSS 2021, LPSS 2, LPSS 3 nó ESCSS (Sruth A amháin) a chomhlíonann go hiomlán a gcomhaontuithe seirbhíse
  • tabhair faoi deara le do thoil: meastar go bhfuil a gcuntas teiste léirithe cheana féin ag na deontaithe atá ann cheana féin, níl aon eolas breise maidir le cuntas teiste ag teastáil do na hiarratasóirí sin
  • más iontrálaí nua é an iarratasóir ie. nach deontaí reatha é, caithfidh an t-iarratasóir a bheith in ann na nithe seo a leanas a léiriú;

- cuntas teiste cruthaithe ar feadh 2 bhliain ar a laghad maidir le himeachtaí le ticéad a sheachadadh in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir;

-láimhdeachas gan CBL san áireamh a gineadh sa Stát seo de €100,000 ar a laghad nó os a chionn in aghaidh na bliana in 2018 agus 2019;

-caithfidh an gnó a bheith lonnaithe sa Stát

  • ní mór do gach iarratasóir, i.e. deontaithe reatha agus iontrálaithe nua, a bheith in ann a léiriú nach raibh a láimhdeachas gan CBL san áireamh, d’aon tréimhse 12 mhí as a chéile ó 1 Eanáir 2020 – 31 Nollaig 2021, níos mó ná 40% dá láimhdeachas roimh thabhairt isteach srianta Covid, arna léiriú trí cuntais a sholáthar dá mbliain tagartha (2018, 2019 nó 2020). Láimhdeachas gan CBL gan tacaíochtaí COVID-19 a áireamh, mar shampla: PUP, MEBAS, SBACS, CRSS, LPSS, ESCSS, EWSS
  • ní mór caillteanas an láimhdeachais a dhearbhú trí Theastas/Litir Iniúchóra sínithe ag Cuntasóir/Iniúchóir
  • ceanglófar ar gach iarratasóir freisin a gCuntas Iniúchta/Cuntasóirí is déanaí arna n-ullmhú ag cuntasóir agus Cuntais dá mbliain tagartha (2018, 2019 nó 2020) a sholáthar
  • caithfidh an gnó a bheith comhlíontach maidir le cúrsaí cánach

Tabhair faoi deara le do thoil: Ní féidir le gnó ach iarratas amháin a dhéanamh ar mhaoiniú faoin scéim seo.

Cé nach bhfuil i dteideal iarratas a dhéanamh?

Tá na hiarratasóirí seo a leanas neamh-incháilithe;-

  • iontrálaithe nua nach bhfuil cuntas teiste 2 bhliain acu le linn 2018 agus 2019 maidir le léirithe beo le ticéad in earnáil na n-ealaíon
  • iontrálaithe nua nach bhfuil láimhdeachas gan CBL san áireamh de €100,000 nó os a chionn acu mar thoradh ar léirithe beo in 2018 agus 2019
  • aon iarratasóir deontaithe reatha agus iontrálaithe nua nach féidir a léiriú nach raibh a láimhdeachas gan CBL san áireamh (gan tacaíochtaí COVID-19 san áireamh) níos mó ná 40% dá láimhdeachas gan CBL san áireamh don bhliain tagartha (2018, 2019 nó 2020) le haghaidh aon Tréimhse 12 mhí as a chéile ón 1 Eanáir 2020 – 31 Nollaig 2021
  • ionaid/ionaid ealaíne atá faoi úinéireacht, á rith nó á maoiniú go suntasach ag Údaráis Áitiúla
  • ionaid/ionaid ealaíne a fhaigheann maoiniú straitéiseach/ionaid ealaíon ón gComhairle Ealaíon nó ionad gnó/ealaíon a bhfuil a gcuid oibríochtaí maoinithe go substaintiúil ag an gComhairle Ealaíon
  • deontaithe reatha nach bhfuil ag comhlíonadh a gComhaontuithe Seirbhíse ná na nósanna imeachta íostarraingthe gaolmhara faoi láthair

Méid an deontais

Beidh 3 shruth maoinithe ag an scéim seo.

  • Sruth A – Deontaithe scéim phíolótach LPSS nó LPSS 2021 a chomhlíonann a gComhaontuithe Seirbhíse go hiomlán, agus ar mian leo iarratas a dhéanamh ar dheontas suas le 75% de dheontas scéim Phíolótach LPSS nó LPSS 2021 a thairgtear, faoi réir uasmhéid €100,000.
  • Sruth B – Deontaithe Reatha: Deontaithe LPSS/ESCSS (Sruth A amháin) a chomhlíonann go hiomlán a gComhaontuithe Seirbhíse, agus ar mian leo iarratas a dhéanamh ar dheontas bunaithe ar 15% dá Láimhdeachas gan CBL san áireamh don bhliain tagartha (2018, 2019 nó 2020), faoi réir uasmhéid €100,000.
  • Sruth C – Iontrálaithe Nua: Iarratasóirí nach bhfuair deontas trí Scéim Deontais Atosaithe na dTaibhithe Beo nó Scéim Tacaíochta Covid Earnáil na nImeachtaí (Sruth A amháin) roimhe seo, agus ar mian leo iarratas a dhéanamh ar dheontas bunaithe ar 15% de láimhdeachas gan CBL san áireamh an ghnóthais don bhliain tagartha suas go dtí uasmhéid €100,000, faoi réir ag cuntas teist cruthaithe ar a laghad 2 bhliain de sheachadadh imeachtaí le ticéad in earnáil na n-ealaíon agus láimhdeachas gan CBL a áireamh a bheith ginte sa Stát seo de €100,000 nó níos mó in aghaidh na bliana in 2018 agus 2019.

Tabhair faoi deara le do thoil: Is é uasmhéid an deontais a thairgfear faoin scéim seo ná €100,000.


Coinníollacha eile na scéime

Tráthúlacht na scéime

Glacfar le hiarratais ar an scéim ó 1i.n. Dé Máirt, an 22 Márta agus glacfar leo go dtí 1i.n. Dé Céadaoin, an 20 Aibreán 2022. Ní ghlacfar le hiarratais tar éis an dáta seo.

Soláthar

Ní mór do gach eagraíocht a fhaigheann cúnamh deontais cloí le Item was unpublished or removed.

Admháil maoinithe

Beidh ar dheonaithe cúnamh na Roinne a admháil i ráitis airgeadais bhliantúla do gach bliain a bhfuil an deontas á íoc.

Nósanna imeachta formheasa

  • déanfar measúnú ar gach iarratas ar mhaoiniú faoin scéim seo a fhaigheann an Roinn faoin dáta deiridh chun incháilitheacht a chinntiú
  • gheobhaidh iarratasóirí rathúla ar an scéim seo tairiscint i bprionsabal deontais, faoi réir maoiniú dóthanach a bheith ar fáil. Ní ráthaíonn incháilitheacht tairiscint la haghaidh maoiniú

Monatóireacht

Ceanglófar ar dheontaithe cloí leis an gcaighdeán is airde trédhearcachta agus cuntasachta mar atá doiciméadaithe gCiorclán 13/2014 na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe - Deontais ó Chistí Cúnaimh Stáit a Bhainistiú agus Cuntasacht a thabhairt orthu

Tá sé mar aidhm ag an bhfaisnéis a thugtar sa doiciméad seo tuiscint a thabhairt d’iarratasóirí ar an bpróiseas trína ndéantar iarratais ar chúnamh a mheas agus a fhaomhadh agus ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil é.


Téarmaí agus coinníollacha ginearálta

An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014, féadfar sonraí atá in iarratais agus i ndoiciméid tacaíochta a scaoileadh, ar iarratas, do thríú páirtithe. Má tá faisnéis i d’iarratas atá íogair nó rúnda ó thaobh nádúr, sonraigh le do thoil é agus tabhair míniú ar an údar nár cheart é a nochtadh. Má fhaightear iarratas ar fhaisnéis íogair a scaoileadh faoin reachtaíocht, rachfar i gcomhairle leat sula ndéanfar cinneadh an scaoilfear nó nach scaoilfear an fhaisnéis. Ach, sa chás nach bhfuil aon eolas ar leith sainaitheanta mar eolas atá íogair, ní gá dul i gcomhairle leat sula ndéanfar é a nochtadh.

Iniúchadh

Coimeádann an Roinn an ceart aici féin iniúchadh a dhéanamh ar an gcaiteachas nó scrúdú cigireachta a dhéanamh ó am go chéile. Chomh maith leis sin, coimeádtar de cheart ag Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste freisin cáipéisíocht a scrúdú de réir na gcoinníollacha a leagtar amach i gCiorclán 13/2014 na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe dá dtagraítear i gCuid 8 thuas.

Foilsiú

Déanfar sonraí maidir leis na deontais éagsúla a fhoilsiú ar láithreán gréasáin na Roinne, ina measc, ainm an deontaí; an réigiún ina bhfuil an tairbhí lonnaithe; suim an deontais arna lua mar shuim iomlán san airgeadra náisiúnta; an t-údarás a thugann an deontas; dáta an deontais.

Cosaint Sonraí

Féach anseo le haghaidh eolas maidir leis an Roinn agus cosaint sonraí

Séanadh

Ní bheidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán freagrach don iarratasóir ná d’aon pháirtí eile as aon chaillteanas, damáiste ná costais de chineál ar bith ag eascairt go díreach nó go hindíreach ón iarratas nó an t-ábhar atá ann nó as diúltú na Roinne don iarratas ar chúis ar bith.

Ní bheidh an Roinn, ná a cuid seirbhíseach nó a cuid gníomhairí freagrach ag tráth ar bith in aon imthosca as aon ní a bhaineann le forbairt, pleanáil, tógáil, feidhmiú, bainistiú agus / nó riaradh tionscadail aonair ná aon ní a bhaineann leis an bpáirtíocaíocht a dhéanann an Roinn ar shonraisc a chuireann iarratasóir ar dheontas isteach.

Suirbhé Measúnóireachta

Beidh de cheanglas ort Suirbhé Measúnóireachta a chomhlánú maidir le do rannpháirtíocht sa scéim seo, lena n-áirítear conas a fuarthas an deontas/tionchar an deontais ar do ghnó.

Breis eolais a iarraidh

Coimeádann an Roinn an ceart aici féin tuilleadh eolais a iarraidh uait chun d’iarratas a mheas más gá.


Conas iarratas a dhéanamh

Ní féidir iarratais a dhéanamh ach ag LPRGS@tcagsm.gov.ie

Ba cheart d’iarratasóirí a chinntiú go bhfuil a n-iarratas comhlánaithe ina iomláine agus go ndéantar na doiciméid seo a leanas a scanadh agus a chur isteach mar chuid de d’iarratas:

  • ba chóir Teastas/Litir Iniúchóra sínithe ag Cuntasóir a chur isteach leis an iarratas (féach na sonraí thíos), agus;
  • na cuntais/cuntais iniúchta is déanaí arna n-ullmhú ag cuntasóir don ghnó, agus;
  • cuntais iniúchta/cuntais arna n-ullmhú ag cuntasóir don bhliain tagartha chun críche an iarratais seo (2018, 2019 nó 2020)

Tabhair faoi deara – Ní mór na nithe seo a leanas a shonrú/dearbhú i dteastas/litir iniúchóra sínithe ag cuntasóir:

  • an Sruth a bhfuil iarratas á dhéanamh air i.e. Sruth A, Sruth B nó Sruth C
  • deimhniú nach raibh an láimhdeachas gan CBL san áireamh don ghnóthas níos mó ná 40% dá láimhdeachas gan CBL san áireamh don bhliain tagartha (2018, 2019 nó 2020) ar feadh tréimhse 12 mhí as a chéile ón 1 Eanáir 2020 – 31 Nollaig 2021. Láimhdeachas gan CBL san áireamh agus gan tacaíochtaí COVID-19 san áireamh, mar shampla: PUP, MEBAS, SBACS, CRSS, LPSS, ESCSS, EWSS
  • an tréimhse 12 mhí atá roghnaithe chun an laghdú ar láimhdeachas in aghaidh na bliana tagartha agus an láimhdeachas iomlán gan CBL san áireamh don tréimhse sin a léiriú
  • ní mór cuntas teiste a léiriú mar seo a leanas:

- I gcás Deonaithe Reatha deimhnigh é seo le do thoil trí uimhir thagartha/ainm an deontais LPSS nó ESCSS (Sruth A) roimhe seo a sholáthar.

Nó;

- I gcás iontrálaithe nua tabhair sonraí le do thoil maidir le léirithe beo le ticéad, a rinneadh in 2018 agus 2019 do lucht féachana beo le ticéad, lena n-áirítear ainm agus suíomh na hócáide, fad na hócáide agus líon an lucht éisteachta agus an méid a gineadh in oifig na dticéad, agus;

- I gcás iontrálaithe nua deimhniú gurb é láimhdeachas gan CBL san áireamh an ghnólachta in 2018 agus 2019 ná €100,000 nó níos mó, agus;

- Nach bhfuil gnóthas an iarratasóra i gcruachás (nach bhfuil imeachtaí dócmhainneachta i bhfeidhm).

  • deimhniú nach bhfuil an t-ionad/ionad ealaíne faoi úinéireacht, á rith nó á mhaoiniú go suntasach ag Údarás Áitiúil
  • deimhniú nach bhfuil an t-iarratasóir ag fáil maoiniú ón earnáil straitéiseach/ealaíon ón gComhairle Ealaíon nó gur gnó/ionad ealaíne é a bhfuil a chuid oibríochtaí maoinithe go substaintiúil ag an gComhairle Ealaíon
  • nach bhfuil níos mó ná €2.3m Cúnamh Stáit faighte ag an iarratasóir sin faoi Chreat Sealadach Chúnamh Stáit an AE, lena n-áirítear luach an deontais a bhfuil iarratas á dhéanamh air, agus;
  • go dtuigeann an t-iarratasóir nach mór na cuntais iniúchta/cuntais is déanaí, arna n-ullmhú ag cuntasóir don ghnó agus don bhliain tagartha chun críche an iarratais seo (2018, 2019 nó 2020), a sholáthar mar chuid den iarratas

Ní mór na sonraí go léir thuas a chur in iúl ar Theastas Iniúchóra/Litir an Chuntasóra, iad a scanadh agus a chur isteach chun d’iarratas a mheas.

  • iarrfar ar iarratasóirí freisin a dheimhniú gur léigh agus gur thuig siad na Treoirlínte agus na critéir maidir le hiarratas a dhéanamh faoi Scéim Deontais Atosaithe na dTaibhithe Beo agus aontú cloí go hiomlán leis na téarmaí agus coinníollacha go léir, agus a n-iarratas á chur isteach acu
  • iarrfar ar iarratasóirí freisin a dhearbhú go bhfuil an fhaisnéis go léir san iarratas agus an fhaisnéis go léir in aon doiciméid tacaíochta fíor agus cruinn agus go nglacann siad leis má fhaightear amach go bhfuil aon fhaisnéis bréagach nó míthreorach go bhféadfaidh an Roinn deontais a tharraingt siar, go n-éileoidh siad aisíocaíocht ar fad nó cuid de dheontas agus/nó bac a chur ar iarratais chuig an eagraíocht seo ar feadh tréimhse ama. Caitear go han-dáiríre le faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a chur faoi bhráid na Roinne ag am ar bith. Cuirfear sáruithe tromchúiseacha ar théarmaí agus choinníollacha na scéime seo in iúl don údarás ábhartha lena n-áirítear An Garda Síochána

Ní ghlacfaidh an roinn ach le hiarratais a dhéantar chuig LPRGS@tcagsm.gov.ie

Eiseofar ríomhphost admhála agus uimhir thagartha an iarratais nuair a gheofar d’iarratas.

Tabhair faoi deara le do thoil gurb é an dáta deiridh le haghaidh iarratais ná Dé Céadaoin, an 20 Aibreán 2022 ag 1i.n. (de réir stampa ama na Roinne ar ríomhphost).

Molaimid go láidir d’iarratasóirí gan fanacht go dtí an lá deiridh chun iarratais a chur isteach ar eagla go mbeadh fadhbanna agat a bhaineann le TF.

Is oth linn nach féidir glacadh le hiarratais tar éis an dáta deiridh.

Ní féidir iarratais neamhiomlána a mheas agus tá freagracht ar an iarratasóir a chinntiú go gcuirtear an t-eolas ar fad ar fáil de réir na foirme iarratais. Eiseofar ríomhphost deimhniúcháin le d'uimhir thagartha. Mura gcuireann tú an t-eolas go léir a theastaíonn ar fáil le d’iarratas cuirfidh sé seo moill ar an bpróiseas meastóireachta.


Achomhairc

Féadfaidh iarratasóir achomharc a dhéanamh má mheasann an t-iarratasóir nár cloíodh leis an bpróiseas chun a n-iarratas a mheas.

Ní mór don iarratasóir ríomhphost cinnidh a fháil ón bhfoireann LPRGS chun achomharc a dhéanamh. Ní mór achomharc a dhéanamh laistigh de 5 lá oibre ó dháta an ríomhphoist chinnidh.

Ní ghlacfar le hachomhairc a chuirtear isteach tar éis an dáta seo.


Cúnamh Stáit AE

Is ionann deontais a thairgtear faoin scéim seo agus Cúnamh Stáit faoi Chreat Chúnamh Stáit Sealadach Choimisiún an AE.

Deimhníonn an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (R/TCEGSM) go n-urramóidh sí na hoibleagáidí monatóireachta agus tuairiscithe atá leagtha síos i gcuid 4 den Chreat Sealadach.

Is í R/TCEGSM an tÚdarás Cúnta Deontais don Scéim.

Is é bunús dlí na Scéime an tAcht Airí agus Rúnaithe 1924 mar a leasaíodh é le hIonstraim Reachtúil Uimh. 403 ar an 29 Meán Fómhair 2020. Cuirtear deontais ar fáil de réir na gcritéar a leagtar amach thuas, faoi réir dhlí Chúnamh Stáit an AE.

Tá cúnamh a chuirtear ar fáil i leith na Scéime seo faoi réir fhorálacha Chreat Sealadach Chúnamh Stáit an Choimisiúin Eorpaigh arna leasú.

Feidhmeofar an Scéim faoi Chreat Sealadach Chúnamh Stáit Covid-19 an AE (an ‘Creat Sealadach’). Chun teacht faoin gCreat Sealadach ní mór a fhorálacha a chomhlíonadh i ngach cás agus i ngach slí a mhéid a bhaineann siad le Cúnamh Stáit d’iarratasóir ar leith. Cé go bhfuil príomhfhreagracht ar an R/TCEGSM as na ceanglais sin agus rialacha eile maidir le Cúnamh Stáit a chomhlíonadh, braitheann comhlíonadh freisin ar chomhoibriú na n-iarratasóirí, lena n-áirítear go gcomhlíonann siad na Treoirlínte seo, a n-ionracas agus iad ag déanamh iarratais chugainn agus, ar deireadh, go gcloíonn siad leis na téarmaí agus coinníollacha a ghabhann leis an deontas, má éiríonn leo.

Féach leagan comhdhlúite den Chreat Sealadach ón 28 Eanáir 2021

Tá freagracht ar an iarratasóir a chinntiú go bhfuil sé ar an eolas faoi aon leasuithe ar an gCreat Sealadach agus tá cead ag iarratasóirí (agus moltar dóibh) comhairle dlí a ghlacadh mar is cuí maidir leis an gcaoi a bhfuil feidhm ag rialacha Cúnaimh Stáit ina gcás féin. Tabhair do d’aire, le do thoil, gur ceanglas den Chreat Sealadach é an chabhair a dheonú tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2021 (faoi réir aon síneadh ama ón gCoimisiún AE). Tá bearta cúnaimh arna bhforbairt faoin gCreat Sealadach faoi réir na hOibleagáide Neamhghníomhaíochta i gcomhréir le hAirteagal 108(3) CFAE. Ciallaíonn sé seo nach féidir aon chabhair a dheonú nó a íoc sula bhfaightear fógra agus formheas ón gCoimisiún.

Ceanglófar ar iarratasóirí sonraí a sholáthar faoi dheontais a fuarthas cheana féin faoi Chreata Sealadacha eile mar chuid den phróiseas iarratais.


Ceisteanna

Má tá aon cheist agat seol ríomhphost chuig: LPRGS@tcagsm.gov.ie