English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Sábháilteacht ar Líne


Cé go raibh rialacháin shuntasacha agus reachtaíocht ghinearálta ann maidir le ceisteanna ar líne, bhí gá le níos mó airde chun aghaidh a thabhairt ar cheist ábhar díobhálach ar líne ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta. Chuige sin bhí gá le rannpháirtíocht ní hamháin an Rialtais, ach lucht tionscail, múinteoirí, tuismitheoirí, leanaí agus daoine óga chomh maith, rud a d’eascair cur chuige comhordaithe chun dul i ngleic le sábháilteacht ar líne tríd an bPlean Gníomhaíochta um Shábháilteacht ar Líne a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Ina dhiaidh sin, agus i measc nithe eile, d’fhorbair agus d’achtaigh an Rialtas an tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne, bhunaigh siad an Chomhairle Chomhairleach Náisiúnta um Shábháilteacht ar Líne, agus leanann siad den obair ar Ghrúpa Oibre Straitéis Náisiúnta Frith-Bhréagaisnéise a fhorbairt.


Plean Gníomhaíochta um Shábháilteacht Ar Líne agus an Chomhairle Chomhairleach Náisiúnta um Shábháilteacht ar Líne

Chun dul i ngleic le hábhar díobhálach ar líne ar leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta, chuir an Rialtas cur chuige comhordaithe i bhfeidhm, a raibh raon páirtithe leasmhara páirteach ann lena n-áirítear an tionscal, múinteoirí, tuismitheoirí, leanaí agus daoine óga. Mar thoradh air sin forbraíodh an Plean Gníomhaíochta um Shábháilteacht ar Líne 2018 - 2019.

Ba é an cuspóir gníomhartha a leagan amach agus a chur i bhfeidhm gur féidir a bhaint amach agus a mbeadh an tionchar ba mhó acu ar shábháilteacht ar líne do gach duine in Éirinn. Foilsíodh roinnt tuarascálacha ar dhul chun cinn.

Chun an Plean Gníomhaíochta a chur i bhfeidhm, d’fhorbair agus d’achtaigh an Rialtas an tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne agus bhunaigh sé an Chomhairle Chomhairleach Náisiúnta um Shábháilteacht ar Líne.

D’fheidhmigh an Chomhairle ó mhí Dheireadh Fómhair 2018 go dtí mí na Samhna 2023 mar fhóram do gheallsealbhóirí neamhrialtasacha, tionscail agus acadúla chun fadhbanna sábháilteachta ar líne a phlé. Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an gComhairle ar fáil anseo.


An tAcht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne

Cheadaigh an Rialtas foilsiú an Bhille um Rialáil Sábhailteachta agus Meán ar Líne ar an 12 Eanáir 2022. Tionscnaíodh an Bille ansin i Seanad Éireann ar an 25 Eanáir 2022 agus i nDáil Éireann ar an 11 Iúil 2022 lena bhreithniú maidir le hachtú. Síníodh sa dlí é ar an 10 Nollaig 2022 agus tosaíodh é ar an 15 Márta 2023.

Soláthraíodh san Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne, i measc eile:

  • bunú choimisiún meán ildhuine (ar a dtugtar Coimisiún na Meán
  • díscaoileadh Údarás Craolacháin na hÉireann
  • creat rialála nua do shábháilteacht ar líne
  • nuashonruithe ar rialáil sheirbhísí craolacháin teilifíse agus seirbhísí físe ar éileamh.

Leis an Acht tugadh de chumhacht don Choimisiún fónamh mar an t-údarás rialála náisiúnta, i gcomhréir le hAirteagal 30 den Treoir um Sheirbhísí Meán Closamhairc, seirbhísí ar líne a ainmniú le haghaidh rialáil ó chomhthiomsú seirbhísí ábhartha ar líne, agus chun cóid cheangailteacha sábháilteachta ar líne a bhaineann leis na seirbhísí sin a fhorbairt, a mhaoirsiú agus a fhorfheidhmiú.

Féachfaidh na cóid sábháilteachta ar líne sin, i measc nithe eile, le hinfhaighteacht catagóirí sainithe d’ábhar díobhálach ar líne a íoslaghdú agus déanfar foráil do chaighdeáin maidir leis na próisis láimhseála gearán arna n-oibriú ag na seirbhísí sin.

Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne ar fáil anseo.


Coimisiún na Meán

Nuair a cuireadh tús leis an Acht um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne ar an 15 Márta 2023, bunaíodh Coimisiún na Meán. Tá cúigear Coimisinéirí sa Choimisiún:

  • Jeremy Godfrey, Cathaoirleach Feidhmiúcháin;
  • Niamh Hodnett, Coimisinéir Sábháilteachta ar Líne;
  • Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Forbartha na Meán;
  • John Evans, Coimisinéir um Sheirbhísí Digiteacha;
  • Aoife MacEvilly, Coimisinéir Craolacháin agus Físe ar Éilieamh.

Tá tuilleadh faisnéise faoi Choimisiún na Meán, lena n-áirítear a fheidhmeanna, ar fáil ar a láithreán gréasáin oifigiúil.


Comhairle Chomhairleach Náisiúnta um Shábháilteacht ar Líne (CCNSL)

Bunaíodh an Chomhairle Chomhairleach Náisiúnta um Shábháilteacht Ar Líne(CCNSL), mar thoradh ar an bPlean Gníomhaíochta um Shábháilteacht ar Líne. Fóram atá sa Chomhairle do gheallsealbhóirí neamhrialtasacha, tionscail agus acadúla chun fadhbanna sábháilteachta ar líne a phlé.

Tá 20 ball agus cathaoirleach ar an gComhairle. Tagann na baill ó eagraíochtaí leanaí agus tuismitheoirí, ardáin mhóra ar líne, agus saineolaithe ar cheisteanna sábháilteachta ar líne.

Tá tuilleadh faisnéise maidir le hobair na Comhairle ar fáil anseo


An Straitéis Náisiúnta Fhrith-Bhréagaisnéise

Comhlíonann forbairt an Ghrupa Oibre moladh an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán, inar iarradh cur chuige níos comhordaithe agus níos straitéisí chun dul i ngleic leis an tionchar dochrach atá ag an mbréagfhaisnéis ar shochaí agus ar dhaonlathas na hÉireann.

Bunaíodh an Grúpa Oibre ilpháirtithe leasmhara i mí Feabhra 2023 faoi chathaoirleacht neamhspleách a bhfuil sé de chúram orthu an Straitéis a fhorbairt. Tháinig siad le chéile go minic ó bunaíodh an Grúpa Oibre agus chuala siad ó raon saineolaithe i réimsí éagsúla a bhaineann le bréagfhaisnéis, chomh maith le comhairliúchán poiblí i scríbhinn a sheoladh agus imeacht comhairliúcháin le páirtithe leasmhara a reáchtáil.

Cuireadh dréachtú na straitéise go mór chun cinn agus tá sé i gceist go dtabharfar chun críche í chomh luath agus is féidir. Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an nGrúpa Oibre ar fáil anseo.