English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Polasaí

Meáin

achoimre



Craoltóireacht agus na Meáin

Beartas craoltóireachta agus meán a fhorbairt, lena n-áirítear reachtaíocht i ndáil le sábháilteacht ar líne agus as maoirseacht a dhéanamh ar an BAI, ar RTÉ agus ar TG4.

Léigh níos mó


Craolachán agus na Meáin Chumarsáide

Tá an Roinn freagrach as forbairt an chreat reachtaíochta agus rialála le haghaidh craolacháin agus meán áirithe in Éirinn. Chomh maith leis sin tá sí freagrach as polasaí maidir le maoiniú na gcraoltóirí seirbhíse poiblí, RTÉ agus TG4, agus forbairt na hearnála craolacháin i gcoitinne.

Tuilleadh eolais


Sábháilteacht ar Líne

Tá sé tábhachtach sábháilteacht ar líne a chinntiú dár sochaí, go háirithe dár leanaí. Is ceist chasta í an dochar a chosc a dhéantar trí sheirbhísí ar líne. Braitheann réitigh éifeachtacha ar rannpháirtíocht ghníomhach na bpáirtithe leasmhara go léir, lena n-áirítear an Rialtas, cuideachtaí teicneolaíochta agus tuismitheoirí.

Ba phlean comhordaithe an Rialtais chun gníomhartha a chur i bhfeidhm a bhí indéanta agus a mbeadh an tionchar ba mhó acu ar shábháilteacht ar líne do gach duine in Éirinn a bhí sa Phlean Gníomhaíochta um Shábháilteacht ar Líne 2018 - 2019.

Sampla de ghníomhaíocht an Rialtais is ea an tAcht um Shábháilteacht agus Rialáil na Meán ar Líne 2022, a bhunaigh Coimisiún Meán ildhuine (ar a dtugtar Coimisiún na Meán, a bhunaigh an creat rialála do shábháilteacht ar líne agus a nuashonraigh rialáil seirbhísí craolacháin teilifíse agus físe ar éileamh.

Tuilleadh Eolais