English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Éire sa Veinéis: Éire Rómánsúil Ionadaíocht na hÉireann ag Biennale na Veinéise 2024

Inniu, Déardaoin, an 18 Aibreán, seoladh Ionadaíocht na hÉireann ag an 60ú Taispeántas Ealaíne Idirnáisiúnta – La Biennale di Venezia. Tá an taispeántas, ÉIRE RÓMÁNSÚIL leis an ealaíontóir Eimear Walshe, á choimeád ag Sara Greavu le Project Arts Centre.

Is tionscnamh de chuid Chultúr Éireann i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Ealaíon é ionadaíocht na hÉireann sa Veinéis.

D’oscail Stiúrthóir Chultúr Éireann, Sharon Barry agus Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon, Maureen Kennelly, an taispeántas, ina bhfuil suiteáil físe ilchainéil agus fuaimrian ceoldrámaíochta atá lonnaithe i ndealbh tumthach. Déantar iniúchadh i dtionscadal Eimear Walshe ar pholaitíocht chasta na tógála comhchoitinne trí thraidisiún na hÉireann den ‘mheitheal’: grúpa oibrithe, comharsana, cairde agus gaolta a thagann le chéile chun tógáil. Freagraítear sa phailliún don téama, Eachtrannaigh i ngach Áit — a roghnaigh coimeádaí Biennale 2024, Adriano Pedrosa.

Rinneadh an físeán a thaifeadadh ar an láthair san ionad scileanna inbhuanaithe, Common Knowledge, atá lonnaithe go domhain sa Bhoirinn, ar chósta thiar na hÉireann. Tá grúpa de sheachtar taibheoirí ann faoi stiúir an chóragrafaí Mufutau Yusuf. Ceoldráma atá i bhfuaimrian an phailliúin ina ndéantar cur síos ar dhíbirt, a chum Amanda Feery le libretto le Walshe.

Dúirt Catherine Martin TD, An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán:

“Tá an-áthas orm gur seoladh Éire sa Veinéis 2024 agus go ndéanfaidh Éire Rómánsúil ionadaíocht ar Éirinn ag 60ú Biennale na Veinéise. Guím gach rath ar an ealaíontóir Eimear Walshe, ar an gcoimeádaí Sara Greavu, agus ar Project Arts Centre agus iad ag déanamh ionadaíochta ar Éirinn ag Biennale na Veinéise 2024. Éacht ollmhór is ea í seo agus deis iontach don ealaíontóir agus don tír araon. Ardaítear feasacht sa rannpháirtíocht ag Biennale na Veinéise ar earnáil láidir amharcealaíon na hÉireann agus cuirtear ardán idirnáisiúnta ar fáil ann don ealaíontóir dá saothar.”

Tógfaidh Éire sa Veinéis 2024 ar láithreacht láidir na hÉireann ag Biennale di Venezia le blianta beaga anuas. Le blianta beaga anuas, rinne Niamh O’Malley le TBG+S agus Eva Rothschild ionadaíocht ar Éirinn i dtaispeántas a choimeád Mary Cremin. Chuir Project Arts Centre Tremble Tremble le Jesse Jones i láthair sa Veinéis in 2017, a choimeád Tessa Giblin.

Tar éis an léiriúcháin sa Veinéis, rachaidh Éire Rómánsúil ar camchuairt timpeall na hÉireann in 2025 le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon. Agus gnéithe den tsuiteáil á n-athchruthú i ngach ionad, sa chamchuairt Éireannach cuirfear ar chumas phobal na hÉireann taithí a fháil ar shaothar Eimear Walshe. Tá clár faisnéise á dhéanamh ar an tionscadal freisin.

Tá tuilleadh eolais faoin bPailliún ar fáil ar: www.irelandatvenice2024.ie/

Nótaí an Eagarthóra:

Is é Biennale Ailtireachta na Veinéise, a bheidh ar siúl ó mhí Aibreáin go mí na Samhna 2024, an t-ardán domhanda is tábhachtaí maidir le taispeántas na hailtireachta a ghlacfaidh an pobal, baill den tsochaí shibhialta, daoine aonair agus institiúidí páirt ann. Tugtar deis uathúil ann d’ealaíontóirí Éireannacha lucht féachana idirnáisiúnta a mhealladh.

Éire Rómánsúil

Trí chleachtas a chuimsíonn fís, dealbhóireacht, foilsiú, fuaim, agus taibhiú, Déantar cur síos i saothar Eimear Walshe ar oidhreacht talún in Éirinn ón 19ú haois déanach ar aghaidh maidir le maoin phríobháideach, coimeádachas gnéasach, agus an timpeallacht thógtha.

In ÉIRE RÓMHÁNSÚIL, tá suiteáil físe ilchainéil agus fuaimrian ceoldrámaíochta i ndealbh tumthach. Lonnaithe ar shuíomh tógála cré nár críochnaíodh, san fhíseán tagann carachtair ón 19ú - 21ú haois le chéile go drámatúil. Tá na daoine seo i bhfothrach teibithe, suíomh atá á thógáil agus á scartáil go comhuaineach. Ceoldráma cúig ghuth atá i bhfuaimrian an phailliúin ina ndéantar cur síos ar dhíbirt, a chum Amanda Feery le libretto le Walshe.

Léirítear i dtionscadal Walshe rannpháirtíocht fíochmhar agus chorrach le cleachtas ársa na tógála talún a mbíonn mórán oibre i gceist leis, foirm tógála le stair 11,000 bliain agus leaganacha áitiúla ar fud an domhain. Rinneadh an físeán a thaifeadadh ar an láthair san ionad scileanna inbhuanaithe, Common Knowledge, ar chósta thiar na hÉireann. Faoi stiúir an chóragrafaí Mufutau Yusuf, léiríonn grúpa de sheachtar taibheoirí, an t-ealaíontóir ina measc, carachtair i ndíseanna stairiúla a bhíonn ag réabadh de shíor. Rinneadh é seo a scannánú ar cheithre fhón póca a cuireadh ar aghaidh idir gach aisteoir, rud a fhágann doiléir an t-idirdhealú traidisiúnta idir stiúrthóir, taibheoir agus duine ceamara.

Déanta faoi scáth ghéarchéim leanúnach tithíochta in Éirinn, ar bhealaí éagsúla, bíonn láithreán tógála féideartha sa tsuiteáil, fáinne iomráscála d'fhrithghníomhartha giniúna agus aicme na hÉireann, spás cúraim, agus struchtúr a rinneadh ina fhothrach fuar de bharr bás sóisialta an díshealbhaithe. Tagann imeachtaí stairiúla le chéile sa taispeántas, agus tarraingítear amach a ndiminicí cumhachta agus mothúchánacha; a gcineálacha saothair, coinbhleachta agus pléisiúir; a stair collaíochta, maoine agus stáit.

Lean le haghaidh uasdátaithe:

Twitter:@projectarts | @irelandatvenice

Instagram:@projectartscentre | @irelandatvenice

Facebook: @ProjectArtsCentre | @IrelandatVenice2024

Suíomh gréasáin: www.irelandatvenice2024.ie

Beathaisnéisí:

Is ealaíontóir as Longfort iad Eimear Walshe (rugadh iad sa Longfort, 1992). Déantar cur síos ina saothar ar an oidhreacht a bhain le conspóid talún in Éirinn ó go déanach sa 19ú haois agus an bhaint a

bhí aici le maoin phríobháideach, coimeádachas gnéis, agus an timpeallacht thógtha. Téann siad ar fud oileán na hÉireann ag léamh, ag taibhiú agus ag léiriú a saothair. Bhí taispeántais acu le déanaí le Van Abbemuseum, EVA International, an Mhonarcha Náisiúnta Dealbhóireachta, Gailearaí + Stiúideonna Bharra an Teampaill, agus tá a saothar i mbailiúcháin na Comhairle Ealaíon agus Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. Ag labhairt faoina saothar go ginearálta, míníonn Walshe: “Tá spéis agam sa rud ar a dtugtar stair áitiúil, nó fiú stair teaghlaigh, nó stair aiteach. Ach dá mhéad a bhreathnaíonn tú ar an stair, tuigeann tú gur stair áitiúil í an stair ar fad. Is stair teaghlaigh í an stair ar fad.... Rud eile faoin stair, ag teacht ó dhearcadh aiteach, ná go bhfuil an nóisean i gcónaí i gcúl d'intinn maidir le scriosadh - cosúil leis an méid a fhágtar i do dhiaidh san am i láthair, agus an rud a fhágfar i do dhiaidh amach anseo; cad iad na scéalta nár insíodh agus nach ndéanfar a insint go deo."

Cónaíonn agus oibríonn Sara Greavu (sí) idir Doire agus Baile Átha Cliath agus is Coimeádaí na nAmharcealaíon í in Project Arts Centre, Baile Átha Cliath. Is taighdeoir, scríbhneoir agus eagraí í, agus i measc na dtionscadal a rinne Greavu le déanaí tá an taispeántas cartlainne We realized the power of it, ag EVA International i gcomhar le Ciara Phillips agus iarbhaill de Cheardlann Scannánaíochta agus Físeáin Dhoire. Osclaíodh leagan den saothar seo i Músaem Nua-Ealaíne na hÉireann i mí an Mhárta 2024.

Bhunaigh ealaíontóirí Project Arts Centre in 1966 agus ba é an chéad ionad ealaíon in Éirinn é. Mar phríomhionad na hÉireann maidir le forbairt agus cur i láthair na n-ealaíon comhaimseartha, cuirtear breis agus 600 imeacht ar fáil don phobal in Project in aghaidh na bliana agus mealltar lucht féachana os cionn 50,000 duine chuige. Tacaítear ann le cur i láthair saothair, agus camchuairteanna náisiúnta agus idirnáisiúnta, le healaíontóirí neamhspleácha.

Choimisiúnaigh Cultúr Éireann i gcomhpháirtíocht le Comhairle Ealaíon na hÉireann Éire Rómánsúil le príomhurraíocht ó Chomhairle Chathair Bhaile Átha Cliath d’Éirinn sa Veinéis 2024

Go dtí seo, áirítear ar chomhpháirtithe tacaíochta agus maoinithe:

Cultúr Éireann

An Chomhairle Ealaíon

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Méan

Comhairle Chathair Bhaile Átha Cliath

Ard-Mhúsaem na hÉireann

Comhairle Chontae an Longfoirt

Scoil Ealaíne agus Dearaidh Luimnigh

Institiúid Ealaíne, Dearaidh agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire

Scoil Stair na hEalaíne COBÁC

Ambasáid na hÉireann san Iodáil

Keith & Yvonne Browne

Peter Crowley

Paul Gannon & Anna Devlin

Gerard & Monica Flood

Emma & Fred Goltz

Helen Kinsella

Adrian & Jennifer O'Carroll

Louise Church

Paul Duggan - Gardiner Group

Kathy Gilfillan

Simone Janssens

Ann Kennedy

Paul McGowan

Lochlann Quinn

Dave Raethorne

Odette Rocha

Richard Whelan