English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

€155,731 ceadaithe do Chartlann Chonradh na Gaeilge

Tá €155,731 ceadaithe ag an Aire Stáit Gaeltachta, Patrick O’Donovan TD, do Chonradh na Gaeilge le cur ar chumas an Chonartha leanúint leis an obair thábhachtach atá ar siúl maidir le cartlann na heagraíochta. Is foinse stairiúil thar a bheith luachmhar í cartlann Chonradh na Gaeilge ina dtugtar léargas ar obair na heagraíochta ó bunaíodh í in 1893, go háirithe maidir le hAthbheochan na Gaeilge agus ról an Chonartha i ngluaiseacht na saoirse. Tá Conradh na Gaeilge ag obair le blianta beaga anois le todhchaí na foinse seo a chinntiú agus leis an ábhar inti a chur ar fáil don phobal agus do thaighdeoirí.

Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag tacú leis an tionscadal seo ó 2016 i leith. I measc na nithe atá bainte amach ag an gConradh leis an maoiniú seo, tá digitiú déanta ar An Claidheamh Soluis agus ar Leabhair Ard-Fheise Chonradh na Gaeilge agus iad curtha ar fáil don phobal domhanda. Rinneadh scéal na Gaeilge ó thús na hAthbheochana go dtí an lá inniu in Éirinn agus thar lear a phlé ag os cionn 50 ócáid phoiblí freisin agus tá ceithre shraith de thaispeántais curtha ar fáil do bhreis is 200 ionad agus grúpa in Éirinn agus thar lear.

Leis an maoiniú breise atá ceadaithe anois, beidh an Conradh in ann leanúint ar aghaidh le digitiú na cartlainne agus le tuilleadh taispeántas den ábhar a eagrú. Tá an Conradh ag súil le taispeántas buan cartlainne a chur ar fáil don phobal mar chuid den fhorbairt atá le déanamh ar cheanncheathrú na heagraíochta ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Stáit O’Donovan:

“Aithníonn mo Roinn an tábhacht a bhaineann leis an ábhar cartlainne ó bhailiúcháin Chonradh na Gaeilge maidir le stair na hÉireann agus stair na Gaeilge. Tá sé tábhachtach go gcaomhnaítear an t-ábhar seo agus go mbeidh sé ar fáil ag na glúine amach romhainn. Mar thoradh ar an digitiú a cuireadh i gcrích go dtí seo tá acmhainn ar líne den scoth againn agus is iontach an rud é an bailiúchán a bheith ar fáil le féachaint air ar fud an domhain.”

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Táimid an-bhuíoch den Aire Stáit Patrick O’Donovan agus den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as an maoiniú tábhachtach seo a chur ar fáil do Chonradh na Gaeilge le cur lenár gcumas leanúint le forbairt chartlann na heagraíochta. Beidh béim faoi leith ann sa dá bhliain seo romhainn ar na hábhair a digitíodh cheana féin agus na hábhair nua até le digitiú a chur os comhair an phobail agus cúlra na hAthbheochana de réir contae a roinnt go forleathan.”

Nótaí don Eagarthóir:

• Tá digitiú An Claidheamh Soluis, príomhfhoinse na luath-Athbheochana, le fáil anseo.

• Tá digitiú Leabhair Ard-Fheise Chonradh na Gaeilge le fáil anseo.