€2.4 milliún faighte ag 32 stáisiún raidió le haghaidh litearthachta meán, comhionannais inscne, éagsúlachta, ionchuimsithe, agus pobail a thógáil
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 7 Samhain 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
• Maoiniú de €2.4m do 32 thionscadal nua in 32 stáisiún raidió
• Cuireann deontais nua litearthacht meán agus tionscnaimh clár claochlaithe digitigh chun cinn
Chuir an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, fáilte inniu roimh fhógra ó Choimisiún na Meán maidir le bronnadh €2.4 milliún ar 32 stáisiún raidió faoi Scéim Fuaim agus Fís an Chiste Craolacháin. Tá luach de idir €35,000 agus €95,000 ar na deontais.
Beidh béim leis an bhabhta seo de Fuaim agus Fís ar thionscnaimh a chuireann ar chumas cruthaitheoirí inneachair scileanna s’acu a fhorbairt chun cláir a chruthú go neamhspleách. Tabharfaidh gach ceann de na 32 stáisiún raidió tionscnamh amháin i gcrích, le béim ar fhorbairt scileanna, litearthacht meán a chur chun cinn, agus claochlú digiteach. Chomh maith leis sin, leis na tionscnaimh seo cuirfear feabhas ar chomhionannas inscne, éagsúlacht agus ionchuimsiú, agus tógfar pobail.
Agus í ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:
“Tá ról ríthábhachtach ag raidió tráchtála i saol na hÉireann, chun eolas a dhéanamh do thuairim an phobail agus chun dul in éadan bréagaisnéise. Tá sé tábhachtach freisin don gcomhionannas inscne a chur chun cinn, rud atá an-tábhachtach domsa, agus chun ionchuimsiú agus éagsúlacht a chur chun cinn. Mar iarmhúinteoir, tuigim an gá atá le hoiliúint agus le feabhsú scileanna, agus is cúis áthais dom tabhairt faoi deara go bhfuil béim á cur ar scileanna atá riachtanach sa ré dhigiteach a chur ar fáil do chruthaitheoirí inneachair.”
Léirítear leis an bhabhta maoinithe seo tiomantas an Rialtais i leith na hearnála raidió tráchtála neamhspleách. Is é seo an tríú huair a thug Coimisiún na Meán/ÚCÉ babhtaí maoinithe i gcrích atá mar aidhm acu tacú leis an earnáil raidió neamhspleách. In 2020, bronnadh €2.5 milliún ar raidió tráchtála chun feasacht ar COVID a ardú. In 2021, cuireadh €2.5 milliún eile ar fáil, le tús áite á thabhairt d’earnálacha raidió áitiúil agus raidió réigiúnach, a d’fhulaing titim shuntasach in ioncam fógraíochta i rith phaindéim COVID-19.
Agus í ag labhairt faoin bhabhta is déanaí de Fuaim agus Fís atá anois ar oscailt le haghaidh iarratas, dúirt an tAire Martin:
“Cuirim fáilte freisin roimh oscailt Bhabhta 51 an tseachtain seo caite, a bhfuil béim aige ar ábhar lena dtacaítear le Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú, le béim ar leith ar imeascú agus guth na bpobal Éireannach nua. Maoinítear an dá bhabhta seo go páirteach trí mhaoiniú breise a chuir mise ar fáil, rud a léiríonn arís mo thiomantas do thacú leis an scéim Fuaim agus Fís.
Nótaí d’Eagarthóirí:
Tá sonraí faoi na 32 thionscadal ráthúla ar fáil ar shuíomh gréasáin Choimisiún na Meán.
Is féidir léiritheoirí agus craoltóirí neamhspleácha iarratas a dhéanamh ar Bhabhta 51 den scéim. Tá níos mó eolais ar fáil ar shuíomh gréasáin Choimisiún na Meán.
Tá tacaíochtaí ar luach €62.2 milliún curtha ar fáil ag leagan reatha na scéime, Fuaim agus Fís 4, go dtí seo. Maoinítear Fuaim agus Fís le 7% de ghlanfháltais Ceadúnais Teilifíse, ach tá maoiniú breise Státchiste suntasach faighte aige, ar fiú €22.4 milliún ar fád é (lena n-áirítear €2.5m a chuir an tAire Ryan ar fáil chun babhta an Athraithe Aeráide agus Gníomhaithe Aeráide a chómhaoiniú).
Leis an chéad bhabhta maoinithe eile cuirfear suas le €750,000 ar fáil do chraoltóirí Pobail chun tacú le tionscadail Sochair Shóisialta agus osclófar é le haghaidh iarratas ar an 3ú Eanáir 2024.