English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

€540,000 i maoiniú fógartha chun go gcuirfidh Cultúr Éireann na healaíona chun cinn ar fud an domhain, ceol, litríocht, amharclannaíocht agus fís-ealaín ina measc

Tá sé fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, inniu go bhfuil breis is €540,000 i maoiniú á chur ar fáil ag Fáilte Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain sa bhliain 2022. Tacófar le 85 tionscadal trí Chlár Deontais Chultúr Éireann, tionscadail a bhaineann le sorcas, scannánaíocht, litríocht, ceol agus fís-ealaín na hÉireann agus a chuirfear i láthair in ionaid ar fud na cruinne.

Is éard a dúirt an tAire Martin agus na bronntaí á bhfógairt aici:

“Tá sé iontach gur féidir sult a bhaint as ealaíona na hÉireann ar fud an domhain arís agus go bhfuil an oiread sin fonn ar ríomhchláraitheoirí idirnáisiúnta aos dána na hÉireann a chur i láthair a lucht féachana agus éisteachta áitiúil i ndiaidh na paindéime. Táim sásta a bheith ábalta tacú lenár n-ealaíontóirí an aird idirnáisiúnta atá tuilte acu a fháil.”

Is léargas é an réimse seánraí ceoil a mbeifear ag tacú leo ar iléagsúlacht agus neart earnáil cheoil na hÉireann agus Camerata Ireland, Fidelio Trio, Pillow Queens, Tolu Makay agus Denise Chaila, a thug léi gradam Music Moves Europe le déanaí, ar camchuairteanna. Beidh mórcheoltóirí traidisiúnta na hÉireann ar camchuairt sna Stáit Aontaithe agus san Eoraip, Kíla, Socks in the Frying Pan, Sharon Shannon agus JigJam ina measc. Beidh Ceolfhoireann Bharócach na hÉireann agus Féile Bharócach na nÓg i mbun taibhithe sa Chróit i Meán Fómhair mar chuid den bhéim a bheifear ag leagan ar Éirinn ag Féile Thráthnóna Bharócach Varaždin, an chéad uair riamh arb í Éire an tír a bheidh i lár an aonaigh ag an bhféile mór le rá seo a tharraingíonn go leor aird sna meáin san Eoraip.

Táthar ag tacú le scríbhneoirí na hÉireann páirt a ghlacadh i bhféilte san Eoraip, sa Nua-Shéalainn agus i gCeanada. I mBealtaine, tabharfaidh Stephen James Smith faoi chamchuairt ar an mBreatain agus déanfar cothrom céad bliain ó foilsíodh Ulysses a cheiliúradh ag an Hay Festival sa Bhreatain Bheag an samhradh seo a mbeidh scríbhneoirí na linne seo as Éirinn i láthair. Ag machnamh ar straitéis nua Chultúr Éireann tacú le cuir i láthair ar líne, cuirfidh Féile Scríbhneoirí Auckland scríbhneoirí na hÉireann i láthair lucht spéise leathan go fíorúil agus cuirfidh Once Off Productions 'Looking for América’ le Janet Moran agus Federico Julián González i láthair ar líne le Teatrix MX, Meicsiceo.

Beidh amharclannaíocht na hÉireann ag tabhairt faoin stáitse idirnáisiúnta arís agus Amharclann na Mainistreach ar stáitse ag an Kiln Theatre i Londain, agus léirithe de chuid Brokentalkers á gcur i láthair i bPáras agus in Harstad, an Iorua, fad a bheidh PanPan ag cur Beckett i láthair i Nua-Eabhrac i Meitheamh. Is ionann buaicphointe na tacaíochta seo don fhís-ealaín agus gur roghnaíodh Ailbhe Ní Bhriain chun a cuid saothar a thaispeáint in Lyon Biennale mór le rá, taispeántas a bheidh ar siúl ó Mheán Fómhair go dtí Nollaig 2022.

Féach www.cultureireland.iechun an liosta iomlán de bhabhta deontais mhí Feabhra 2022 a fheiceáil.