English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

€600,000 i maoiniú caipitil fógartha do Mhúsaem Beag Bhaile Átha Cliath

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leithdháileadh maoinithe de €600,000 do Mhúsaem Beag Bhaile Átha Cliath chun an chéim choimeádta agus léirmhínithe dá thionscadal athfhorbartha a críochnú.

Tá Músaem Beag Bhaile Átha Cliath ag cur tús le tionscadal caipitil in 2024, atá cómhaoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, chomh maith le Fáilte Éirean agus an Músaem é féin.

Faoin tionscadal seo déanfar uasghrádú chun an t-eispéireas cuairteora a fheabhsú agus chun rochtain uilíoch a chur ar fáil ar fud spásanna poiblí laistigh den fhoirgneamh.

Tá maoiniú faighte ag an mhúsaem ó Fáilte Éireann chomh maith chun tabhairt faoi oibreacha caipitil ar an fhoirgneamh agus tá sé ag obair le hailtirí caomhnaithe céimithe chun an tionscadal uaillmhianach seo a thabhairt i gcrích.

Agus í ag labhairt inniu dúirt an tAire Martin:

“Is tionscadal éachtach é an athfhorbairt agus leathnú ag Músaem Beag Bhaile Átha Cliath a chuirfidh barrfheabhas ar an áis chultúrtha thábhachtach seo i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Trína léiriúcháin agus a chláir, cuireann an Músaem Beag léargais spreagúla ar fáil maidir le cathair agus muintir Bhaile Átha Cliath."

.“Cuireann an Músaem Beag go mór le forbairt agus cur chun cinn turasóireacht chultúrtha na hÉireann, chun gliondar an turasóir baile agus eachtrannach araon. Guím gach rath orthu siúd a bhfuil baint acu leis; agus tá súil agam go mbainfidh an pobal sult as an áis iontach seo nuair a chríochnófar agus osclófar é sna míonna amach romhainn.”

Sa tionscadal iomlán tá feabhsuithe ar an fhoirgneamh chomh maith le coimeád, léirmhíniú, agus suiteáil ar an eispéireas mhúsaem leathnaithe. Beidh gnéithe nua sa mhúsaem, cosúil le spás d’aonad oideachais óige tiomanta, áit fáiltithe do chuairteoirí agus taispeántais fheabhsaithe faoi Bhaile Átha Cliath.

Cuirfidh an áis ar leith seo go mór le turasóireacht agus cultúr Bhaile Átha Cliath agus leathnóidh sé an méid atá ar fáil sa tráthnóna sa cheantar.

Agus áit ard aige cheana féin ar TripAdvisor mar ‘Rud le Déanamh’ i mBaile Átha Cliath, beidh rochtain uilíoch sa mhúsaem athchóirithe i ngach láthair cuairteoirí, chomh maith le méid mór gnéithe nua atá le teacht.