€885,000 i maoiniú fógartha chun go gcuirfidh Cultúr Éireann ealaíona na hÉireann chun cinn ar fud an domhain
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 15 Bealtaine 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá sé fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, inniu go mbeidh níos mó ná €885,000 i maoiniú á chur ar fáil chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain trí Chlár Deontas Chultúr Éireann.
Rachaidh an maoiniú chun tairbhe 105 tionscadal ar fud 32 contae lena gclúdaítear sorcas, damhsa, scannáin, litríocht, ceol, amharclannaíocht agus na hamharc-ealaíona.
Is éard a dúirt an tAire Martin agus na deontais á bhfógairt aici:
“Is mór an pléisiúr dom an babhta seo de mhaoiniú Chultúr Éireann a fhógairt a thacóidh le healaíontóirí as Éirinn de réir mar a leanann siad orthu ag cruthú lucht spéise ar fud an domhain. Leis na tionscadail seo cuirfear an chruthaitheacht éagsúil shaibhir ar leith a bhaineann le healaíona na hÉireann i láthair ar fud an domhain agus déanfar caidreamh cultúir luachmhar ag an am céanna.”
Ar na tionscadail a bheidh ann, tá
- Tacaíochtaí camchuairte d’ealaíontóirí ar nós Clare Sands, Susan O’Neill, The Jeremiahs, JigJam, Lore, Screaming Orphans agus Boxing Banjo a bheidh ar camchuairt ar fud Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Cheanada (Mí an Mheithimh - Mí Mheán Fómhair 2023)
- Tacaíochtaí do chamchuairteanna san Eoraip d’ealaíontóirí ceoil as Éirinn lena n-áirítear The Rapparees, Just Mustard, Gráinne Hunt agus Hilary Woods (Mí Iúil 2023)
- Hands Down Circus ag cur Tape That ar stáitse ag féilte sa Spáinn agus sa Bhreatain (Mí Iúil-Mí Lúnasa 2023)
- Léiriú ar MÁM ag Teaċ Daṁsa i Londain, sa Bhreatain Mhór agus in Connecticut, Stáit Aontaithe Mheiriceá (Fómhar 2023)
- Tacaíocht chamchuairte do thaispeántais Navy Blue le Oona Doherty i Stáit Aontaithe Mheiriceá; an tSualainn; an Iorua; an tSeicia agus an Iodáil (Mí an Mheithimh - Mí Dheireadh Fómhair 2023)
- Camchuairt Arán agus Im ar Chósta Thiar Thuaisceart Mheiriceá cruthaithe agus curtha ar an stáite ag Manchán Magan (Mí Mheán Fómhair - Mí Dheireadh Fómhair 2023)
- Ealaíontóirí as Éirinn ag glacadh páirt i leagan 2023 de Intercity Festival i bhFlórans san Iodáil (Mí Mheán Fómhair - Mí Dheireadh Fómhair 2023)
- Léiriú ar Masterclass ag Brokentalkers and Adrienne Truscott ag Féile Amharclannaíochta Iostanbúl sa Tuirc (Mí na Samhna 2023)
- Tacaíocht i dtreo béim ar Éirinn ina mbeidh clár leathan d’ealaíona na hÉireann ag Féile Idir-Cheilteach Lorient do Bhliain na hÉireann in Lorient sa Fhrainc (Mí Lúnasa 2023)
- Cór Aireagail na Éireann ar camchuairt sa Spáinn (Mí na Nollaig 2023)
- Scríbhneoirí as Éirinn ag Féile Idirnáisiúnta Leabhar Dhún Éideann i nDún Éireann in Albain (Mí Lúnasa 2023)
- Scannáin as Éirinn ar taispeáint ag Féile Scannán na hÉireann & na Breataine i Lucsamburg 2023 (Mí Mheán Fómhair 2023)
- Tacaíocht do ghailearaithe agus d’ealaíontóirí páirt a ghlacadh in Aonach Ealaíon Volta, in Basel san Eilvéis, in Helsinki Biennale san Fhionlainn (Mí an Mheithimh 2023), agus in Juxtapose Artfair Aarhus sa Danmhairg (Mí Lúnasa – Mí Mheán Fómhair 2023)
- Taispeántas ó Aideen Barry ag Salzburger Kunstverein, in Salzburg san Ostair (Mí Iúil - Mí Mheán Fómhair 2023)
- Léiriú ar Unsettling Stone le Gráinne O’ Carroll ag Verteilungsstelle Kunst, Wuppertal agus ag Féile Shamhraidh Machbarschaft Petershof in Cologne sa Ghearmáin (Mí an Mheithimh 2023)
Is féidir teacht ar liosta iomlán na ndaoine a bheidh ag fáil deontais an babhta seo anseo.