English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Acmhainní ar líne chun tacú leis an gcultúr agus leis an bhfolláine

Cuirtear ceol, na healaíona, taispeántais agus imeachtaí folláine ar fáil don phobal fós le linn tréimhse dhúshlánach seo na dianghlasála. Cé go bhfuil srian ar ghluaiseachtaí mhuintir na hÉireann, tá institiúid agus ionaid fós á n-oscailt ag eagraíochtaí faoi leith chun rochtain a thabhairt don phobal ar imeachtaí taitneamhacha, cruthaitheacha agus eolasacha le linn na tréimhse dúshlánaí seo.

Inniu cuirfidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán acmhainní cultúrtha agus folláine ar líne ar fáil in áit amháin a bhfuil fáil éasca uirthi. Tá ceolchoirmeacha beoshruthaithe, léirithe ealaíne, taispeántais agus físeáin aclaíochta ar fáil anseo. Cuirfidh an Roinn leis na himeachtaí seo ar bhonn seachtainiúil.

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, TD: “Cé go n-iarrtar orainn fanacht sa bhaile sa tréimhse dhúshlánach seo, tá go leor bealaí ann fós ar féidir linn naisc a choinneáil le daoine eile agus tacú lenár bhfolláine. Ba mhaith liom a chinntiú go bhfuil fáil fós ag baill den phobal, má tá srian ar a gcuid gluaiseachtaí mar gheall ar chúiseanna sláinte, ar acmhainní cruthaitheacha, sláintiúla agus spraíúla. Tabharfaidh na hacmhainní seo tacaíocht do dhaoine le linn na tréimhse seo. Beidh siad oiriúnach do gach aoisghrúpa, gach duine aonair nó grúpa agus do theaghlaigh agus níl costas ar bith ag baint le cuid mhaith díobh.

“Tá ríméad orm gur féidir le mo Roinn réimse leathan acmhainní cultúrtha ar líne a chur ar fáil a chabhróidh leis an bpobal le linn na tréimhse dúshlánaí seo. Tá súil agam go dtarraingeoidh siad aird mhuintir na hÉireann ó struis laethúla an ama i láthair. Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh go gcoinneoimid naisc le daoine eile agus go dtacóimid leis an bhfolláine agus muid sa bhaile, agus tacaíocht á tabhairt againn d’ealaíontóirí iontacha na hÉireann agus dóibh siúd in earnáil an chlutúir atá ag streachailt. Cé go bhfuil ár n-Institiúidí Náisiúnta Cultúir agus go leor de na forais agus gníomhaireachtaí dúnta faoi láthair – leanann siad leis an obair chrua a dhéanann siad chun tacú le daoine agus a dteaghlaigh le linn na tréimhse dúshlánaí seo.”

Cuirfidh an Roinn le liosta na n-imeachtaí seo go rialta, dátaí agus ionaid san áireamh, agus cuirfidh siad na sonraithe ar fáil ar ardáin shóisialta na Roinne agus ar shuíomh idirlín na Roinne anseo.

Tá an liosta iomlán ar fáil anseo:

Ióga ar Líne do Dhéagóirí: Déan do dhícheall

Dé Sathairn, 15 Eanáir ar 12 i.n.

Chester Beatty

Taiscéalaíochtaí Machnamhacha: Léiriú Phéinteáil Dúigh ar Líne

Dé Luain, 18 Eanáir ar 12 i.n.

Chester Beatty

Tae & Plé ar Líne: Rud Éigin ón Áit Sin

Dé Máirt, 19 Eanáir ar 11 r.n.

Gailearaí Náisiúnta na hÉireann

Imeacht ar Líne: Ag Labhairt faoin Ealaín ar Líne le IMMA

Dé Máirt, 19 Eanáir ar 11 r.n.

IMMA

Imeacht ar Líne: Cathaoir Uilline Azure

Dé Máirt, 19 Eanáir ar 2 i.n.

IMMA

Léacht Bhliaintiúil SSNCI: Ag cuardach ‘an gnáthdhuine Éireannach’ - meadraigh agus cine in Éirinn sa naoú haois déag

Dé Máirt, 19 Eanáir ar 7 i.n.

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Ceolchoirm ar Líne: Tiúineanna Rince Tae

Dé Céadaoin, 20 Eanáir ar 11 r.n.

An Ceoláras Náisiúnta

Imeacht ar Líne: An Stair Chiúin – Marianne Lee agus Clodagh Finn i mbun Comhrá

Dé Céadaoin, 20 Eanáir ar 7 i.n.

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Cuairt ar Líne: Ón gClampar go Comhréiteach - Grianghraif Chogadh na Saoirse

Déardaoin, 21 Eanáir ar 11 i.n.

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Caint Bheo ar Líne: Eitleáin, Traenacha agus Instagram - 100 Bliain de Thrádáil Chairpéid

Déardaoin, 21 Eanáir ar 1.10 i.n.

Chester Beatty

Imeacht ar Líne: An féidir an litríocht a úsáid mar theiripe? Carlo Gébler agus Edwin Higel i mbun Comhrá

Déardaoin, 21 Eanáir ar 7 i.n.

Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Físeáin Aclaíochta: Neart na Seanóirí - Clár Folláine do Dhaoine atá os cionn 70

Ar líne anois

Spórt Éireann

Taispeántas ar Líne: Harry Clarke – Marginalia

Ar líne anois

Gailearaí Ealaíne Crawford

Taispeántas ar Líne: Deich mBliana na gCuimhneachán

Ar líne anois

An Chartlann Náisiúnta

Taispeántas ar Líne: Ag Féachaint ar Chogaí na hÉireann, 1919-1923

Ar líne anois

Ard-Mhúsaem na hÉireann

Podchraoltaí: Stair Éireann

Ar líne anois

Deich mBliana na gCuimhneachán

Other Voices

Ar líne anois

Other Voices

Taibhithe Ceoil Bheo: Éire i mBun Taibhithe

Ar líne anois

Cultúr Éireann

Taibhithe Ceoil Bheo: Sraith Y&E Hot Press

Ar líne anois

Hot Press

Físeáin Ealaíne ar Líne: Físeáin Ealaíne ar Líne

Ar líne anois

IMMA

Acmhainní Áisiúla do Ghrúpaí Amhránaíochta agus do Cheoltóirí

Ar líne anois

Canadh Éireann