An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 foilsithe
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 8 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 foilsithe
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus Aire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne TD, inniu go bhfuil an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 a thabharfaidh éifeacht do chur chuige nua maidir le comhdhéanamh bhord Údarás na Gaeltachta foilsithe anois.
Tiocfaidh próiseas toghcháin/roghnúcháin in áit an phróisis ainmniúcháin/roghnúcháin reatha atá i bhfeidhm ó 2012. Eascraíonn na hathruithe beartaithe ón ngealltanas sa Chlár Rialtais go dtabharfaí faoi athbhreithniú maidir leis an bpróiseas reatha faoina gcuirtear Bord an Údaráis i dtoll a chéile. Críochnaíodh é seo go déanach in 2022 agus tá sé ar fáil anseo.
Nuair a chuirfear tús leis an reachtaíocht seo, beidh 10 gcomhalta tofa agus 6 chomhalta arna gceapadh ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar bhord an Údaráis. Forálann an Bille freisin go mbunóidh an tÚdarás trí Choiste Réigiúnacha reachtúla, lena n-áirítear comhaltaí arna n-ainmniú ag údaráis áitiúla, agus do cheanglas go mbeidh gach comhalta den Údarás agus na Coistí Réigiúnacha in ann leibhéal inniúlachta sa Ghaeilge a léiriú a bheidh riachtanach chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh.
Tá foráil bhreise curtha san áireamh sa Bhille chomh maith nach raibh san áireamh sa Scéim Ghinearálta agus Cinn Bhille a cheadaigh an Rialtas i mí an Mhárta. Leis an leasú seo, déanfar Alt 8 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 a leasú ar mhaithe le tithíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht.
Dúirt an tAire Catherine Martin:
“Tá an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 foilsithe anois. Is céim dhearfach eile í seo sa phróiséas reachtaíochta i dtreo an chéad bhord eile d’Údarás na Gaeltachta a cheapadh de réir an phróisis dhaonlathaigh a comhaontaíodh go déanach in 2022.”
Dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne:
“Ó ceapadh mé mar Aire Stáit don Ghaeltacht i mí Aibreáin, tá mé ag obair chun an píosa tábhachtach reachtaíochta seo a chur chun cinn, agus tá mé ag súil le Bille Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2024 a thabhairt isteach sa Dáil an Déardaoin bheag seo. Braitheann rathúlacht Údarás na Gaeltachta ar a ailíniú le riachtanais na bpobal Gaeltachta, atá ag athrú de shíor. Tá súil agam go mbeidh an soláthar tithíochta, atá sa Bhille, in ann dul chun cinn a áisiú maidir le tithíocht sna ceantair Ghaeltachta.”
Nóta don eagarthóir
Is ar phróiseas roghnúcháin/ainmniúcháin atá an córas reatha maidir le ceapachán Bhord Údarás na Gaeltachta bunaithe.
Trí chomhalta dhéag (13) a bhíodh ar an Údarás nuair a bunaíodh é faoin Acht um Údarás na Gaeltachta 1979: cathaoirleach agus cúigear comhalta eile ceaptha ag an Aire, agus seachtar comhalta eile a toghadh ag an bpobal. Rinneadh leasú ar an gcaoi a ceapadh Bord an Údaráis i 1999 a d'fhág gur méadaíodh an líon comhaltaí ó 13 go 20. Faoin gcur chuige leasaithe sin, thoghtaí seachtar comhalta déag (17) agus d'ainmníodh an tAire an triúr comhalta eile – Cathaoirleach an Bhoird san áireamh. Ba í an Roinn i gcomhar leis na hÚdaráis Áitiúla a d'eagraíodh na toghcháin ina leith.
Cuireadh deireadh leis an gceanglas i ndáil le toghcháin in 2012, tráth ar laghdaíodh líon an bhoird go beirt chomhalta dhéag (12) faoi réir na bhforálacha ábhartha d’Acht na Gaeltachta 2012. Faoin socrú reatha, tá an bord comhdhéanta de chúigear comhalta a ainmníonn na hÚdaráis Áitiúla ábhartha a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram acu, chomh maith le seachtar comhalta eile a roghnaítear bunaithe ar chomórtas poiblí a eagraítear faoi scáth na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí (PAS). Is é an tAire a cheapann Cathaoirleach an Bhoird. Is ar feadh tréimhse cúig bliana a mhaireann an ceapachán – cé is móite de na contaetha a bhfuil ceantar beag Gaeltachta i gceist, eadhon: Contaetha Chorcaí, Phort Láirge agus na Mí. I gcás na gcontaetha seo is ar feadh tréimhse dhá bhliain a mhaireann an ceapachán agus is ar bhonn an róta a leanas a mhaireann an tréimhse: An Mhí, Corcaigh agus Port Láirge.
Tá cóip den Bhille ar fáil anseo.
Tá an bord reatha ceaptha go dtí deireadh na bliana 2024.