An chéad chéim thábhachtach d'fhorbairt Staidiam Náisiúnta Cruicéid nua ceadaithe ag na hAirí Martin agus Byrne
-
Ó: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- Foilsithe: 14 Lúnasa 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
• Céim phleanála agus dearaidh le tosú anois agus le críochnú faoi R2 2025
• Baile buan nua a sholáthar do cruicéad na hÉireann ag an gCampas Náisiúnta Spóirt i mBaile Bhlainséir
• Áis chun Ionad Ardfheidhmíochta den scoth a chuimsiú
• Páirc ubhchruthach cruicéid nua chun cluichí Chorn Domhanda T20 na bhFear a óstáil in 2030
• Cruicéad ina spórt Oilimpeach do LA 2028
D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, agus an tAire Stáit um Spóirt, Corpoideachas agus an Ghaeltacht, Thomas Byrne TD, cead inniu do thionscadal an Staidiam Náisiúnta Cruicéid agus an Ionaid Ardfheidhmíochta dul ar aghaidh go dtí an chéim réamhthairisceana. Mar thoradh air seo beidh pleanáil agus dearadh críochnaithe faoi lár 2025 agus céim na tairisceana le leanúint.
Soláthróidh an tIonad, a bheidh lonnaithe sa Champas Náisiúnta Spóirt i mBaile Bhlainséir, baile buan don chruicéad in Éirinn a shásóidh riachtanais na Comhairle Cruicéid Idirnáisiúnta maidir le hóstáil mórimeachtaí agus comórtais cruicéid.
Táthar ag súil go n-áireofaí leis na háiseanna atá beartaithe limistéir chleachtais agus oiliúna laistigh agus lasmuigh agus ionad chun mórchluichí a reáchtáil le háiseanna gaolmhara meán agus lucht féachana. Chuirfeadh sé seo ar chumas na hÉireann mórimeachtaí cruicéad idirnáisiúnta a óstáil.
Tá sé i gceist go seachadfar an tionscadal iomlán ar bhonn céimnithe, agus tá Céim 1 le bheith críochnaithe in 2028. Áiríonn an chéad chéim seo seachadadh ar phríomh-ubhchruthach don cruicéad, suíocháin do 4000 lucht féachana, ionad ardfheidhmíochta, agus roinnt áiseanna coimhdeacha.
Dúirt an tAire Martin:
“Cé gur spórt é an cruicéad a bhfuil fréamhacha an-domhain in Éirinn aige, is spórt é freisin a léiríonn éagsúlacht agus iolrachas shochaí an lae inniu. Is mór an sásamh a fheiceáil mar a d’fhás an spórt, ag gach leibhéal, in Éirinn le blianta beaga anuas, go háirithe an méadú ar líon na mban atá páirteach ann agus i measc ár bpobal atá ag fás ón Áise Theas. Soláthróidh Staidiam Náisiúnta agus Ionad Ardfheidhmíochta na háiseanna a theastaíonn chun líon na rannpháirtíochta a mhéadú tuilleadh."
“Tabharfaidh an tIonad nua seo aghaidh freisin ar an ngá atá le háiseanna imeartha, traenála agus cleachtaidh a chur ar fáil chun cur ar chumas foirne scothaicme na hÉireann dul san iomaíocht ag na leibhéil idirnáisiúnta is airde. Agus muid ag baint sult as an rath a bhí ar lúthchleasaithe Fhoireann na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha i bPáras, táimid ag tnúth le cruicéad ag teacht ar ais mar spórt Oilimpeach i Los Angeles in 2028. Níl aon amhras orm ach go mbeidh tionchar bunathraithe ag an áis nua seo ar chruicéad na hÉireann agus, mar thoradh air sin, beimid ag gliondar ar fhoirne na hÉireann ag na Cluichí Oilimpeacha sa todhchaí nach bhfuil i bhfad uainn.”
Dúirt an tAire Byrne:
“Tá infheistíocht leanúnach an Rialtais riachtanach chun leibhéil rannpháirtíochta i ngach spórt a mhéadú, thar gach earnáil den tsochaí. Tuigimid, chun ár n-aidhm ar rannphairtíocht a bhaint amach, ní mór dúinn áiseanna spóirt den scoth a sholáthar dár lúthchleasaithe. Tá gá freisin le saoráidí de chaighdeán idirnáisiúnta a fhorbairt le cur ar chumas na hÉireann le bheith ina hóstach d’imeachtaí spóirt agus do chomórtais mhóra."
“Agus muid ag tnúth le hÉirinn a bheith ina comh-óstach ar Chorn an Domhain T20 Cruicéid na bhFear 2030, in éineacht leis an Ríocht Aontaithe, tá sé tráthúil Staidiam Cruicéid Náisiúnta agus Lárionad Ardfheidhmíochta a fhorbairt. Beidh sé thar a bheith spreagúil cuid de na cluichí sin a fheiceáil ar siúl san ubhchruthach nua ag an gCampas Spóirt Náisiúnta i mBaile Bhlainséir. Osclóidh sé an Campas don tír níos leithne agus méadóidh sé feasacht ar shócmhainn uathúil atá ag Éirinn sa láithreán 550 acra seo."
“Tá an Campas Náisiúnta Spóirt cheana féin ina chuid luachmhar d’infrastruchtúr spóirt na tíre agus feabhsóidh an fhorbairt seo, in éineacht leis an Veileadróim Náisiúnta agus Ionad Badmantain, na saoráidí spóirt agus tacaíochta den scoth atá ann cheana féin.”
Ag labhairt di ar son Spórt Éireann, dúirt Príomhfheidhmeannach an Dr. Úna May:
“Táimid thar a bheith sásta leis an scéala seo faoi fhaomhadh na n-Airí do Spórt Éireann dearadh agus pleanáil an tionscadail a chur chun cinn maidir le Staidiam Náisiúnta Cruicéid agus saoráid oiliúna ar Champas Spórt Éireann."
“Athróidh an t-ionad úrscothach seo cruicéad in Éirinn, ag cur áis traenála ardfheidhmíochta ar fáil dár lúthchleasaithe chun a gcuid buanna a mhúscailt agus a thaispeáint, agus do lucht leanúna taithí a fháil ar sult an chluiche ó chóngar. "
“Is cloch mhíle shuntasach é an nuacht seo i dtiomantas an Rialtais do chruicéid na hÉireann a ardú go dtí airde nua. Táimid ag súil go mór leis na cluichí dochreidte agus na hócáidí iontacha a bheidh ar siúl anseo a fheiceáil.”
CRÍOCH