English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Chéad Tionól den Chomhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga (ALT-EDIC) agus Stiúrthóir na heagraíochta le hearcú

Ghlac an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, ar son na hÉireann, páirt le déanaí sa chéad Tionól Comhaltaí den Comhghuaillíocht um Theicneolaíochtaí Teanga (ALT-EDIC) a bhí ar siúl i bPáras na Fraince.

Cruthaíodh an tionscnamh seo, i bhfoirm Cuibhreannas don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDIC), lena dtugtar le chéile Ballstáit éagsúla, le cinneadh ón gCoimisiún Eorpach an 7 Feabhra 2024. Agus urraim á tabhairt do chóipcheart agus do chearta gaolmhara, déanfaidh ALT-EDIC oidhreacht chultúir agus teanga na hEorpa a chosaint agus a fheabhsú laistigh d’éiceachóras intleachta saorga atá nuálach, iomaíoch, eiticiúil agus ceannasach.

Is é príomhchuspóir an tionscadail ná éagsúlacht teanga agus chultúrtha a chaomhnú san Eoraip chomh maith le barr feabhais teicneolaíochta a chur chun cinn. Déanfar é sin go príomha trí fhorbairt a dhéanamh ar bhonneagar comhchoiteann Eorpach, agus fócas ar leith ar Mhórshamhlacha Teanga, agus béim faoi leith á cur ar riachtanais na dteangacha neamhfhorleathana amhail an Ghaeilge.

Tá dhá Bhallstát déag — an Bhulgáir, an Chróit, an Fhrainc, an Ghréig, Éire, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, an Ísiltír, an Pholainn, an tSlóivéin agus an Spáinn — ina mbaill iomlána de ALT-EDIC faoi láthair. Tá an Ostair, an Bheilg agus an Réigiún Pléimeannach, an Danmhairg, an Eastóin, Málta, an Phortaingéil, an Rómáin agus an tSlóvaic ina mbreathnóirí. Tá ballraíocht in ALT-EDIC á plé le roinnt tíortha eile i láthair na huaire.

Agus é ag cur fáilte roimh bhunú ALT-EDIC agus roimh bhallraíocht na hÉireann ann ón tús, dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne:

“Is díol sasaimh dom go bhfuil mo Roinn, thar ceann an Stáit, tar éis ballraíocht a ghlacadh sa Chomhghuaillíocht seo agus í páirteach go gníomhach san obair a bhaineann le struchtúir na heagraíochta a bhunú. I ré seo na hintleachta saorga, is den tábhacht é go mbeimid réamhghníomhach sna bearta atá le cur i gcrích chun go mbainfidh Éire agus an Eoraip barr feabhais amach i réimsí ábhartha den nuatheicneolaíocht. De thoradh na hoibre seo, beidh an tír seo agus an Ghaeilge i gceartlár na bhforbairtí atá ar na bacáin i dtaobh mórshamhlacha teanga agus na seirbhísí a eascróidh as na teicneolaíochtaí sin do na saoránaigh."

Stiúrthóir ar ALT-EDIC le hearcú

Tá Stiúrthóir le hearcú ag ALT-EDIC go luath; feidhmeoidh an té a cheapfar mar bhainisteoir ar ALT-EDIC agus mar ionadaí dlíthiúil na heagraíochta. Glacfar le hiarratais ar an bpost go dtí an 31 Bealtaine 2024. Tá an fhaisnéis ábhartha uile faoin bpost le fáil ar shuíomh Item was unpublished or removed.