English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An chéad tuairisc bhliantúil ar dhul chun cinn PHLEAN GNÍOMHAÍOCHTA 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge seolta ag Aire Martin agus an tAire Stáit Chambers

Rinne Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit Spóirt agus Gaeltachta an chéad tuairisc bhliantúil ar dhul chun cinn PHLEAN GNÍOMHAÍOCHTA 2018-2022 don Ghaeilge don tréimhse Iúil 2018 go dtí Meitheamh 2019 a sheoladh inniu thar ceann an Rialtais.

Tagann foilsiú na tuairisce – a cuireadh faoi bhráid an Rialtais Dé Máirt seo caite – leis an ngealltanas a rinneadh nuair a seoladh an Plean Gníomhaíochta i mí an Mheithimh 2018 go bhfoilseofaí a leithéid de thuairisc go bliantúil, ar son na trédhearcachta agus na cuntasachta. Bhí i gceist an tuairisc a fhoilsiú ag tús na bliana ach cuireadh moill lena foilsiú mar gheall go príomha ar an bpaindéim.

Tugtar léargas inti ar an méid atá déanta ag an c. 60 páirtí leasmhar lena mbaineann feidhmiú an phlean gníomhaíochta agus na Straitéise foriomláine 20 Bliain, chun cúram a dhéanamh den c. 180 beart atá luaite ann thar an tréimhse ó Iúil 2018 go Meitheamh 2019.

I measc na mbuaicphointí a baineadh amach sa tréimhse thuairiscithe:

  • thug an Roinn Oideachais agus Scileanna céimeanna móra chun tosaigh maidir le cur chun feidhme an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022
  • d’oscail Údarás na Gaeltachta ceithre mhol dhigiteacha i mBéal an Mhuirthead i gContae Mhaigh Eo, i nGaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall, ar an gCeathrú Rua i gContae na Gaillimhe, mar aon le Mol Teic i gcomhar le gníomhaireachtaí eile i nDaingean Uí Chúis i gContae Chiarraí
  • ceapadh 9 Oifigeach Pleanála Teanga agus 3 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga le linn na tréimhse chun Pleananna Teanga a chur i bhfeidhm sna Limistéir Pleanála Teanga
  • tá breis agus 40,000 úsáideoir ar líne ag foghlaim Gaeilge i mbreis agus 130 tír ar an Ollchúrsa Oscailte ar Líne ‘Fáilte ar Líne’
  • leathnaíodh an Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh agus tá deiseanna á gcur ar fáil ann do chéimithe chun socrúcháin oibre a fháil i réimsí an aistriúcháin agus an léimh profaí
  • rinneadh na leaganacha Béarla agus Gaeilge de Rialacha na nUaschúirteanna a dhigitiú agus a ailíniú agus tá acmhainn luachmhar téarmaíochta dlíthiúla ar fáil anois ar www.gaois.ie. Ba iad an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (mar a bhí) agus an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a sholáthair an tionscadal
  • ullmhaíodh liosta cothrom le dáta de na comhlachtaí poiblí faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, rud nach raibh déanta roimhe seo ó tháinig na Rialacháin deiridh i bhfeidhm in 2006. Tá na Rialacháin curtha isteach sa Leabhar Reachtanna anois agus tabharfar cothrom le dáta é gach dhá bhliain as seo amach

Tugtar tuilleadh sonraí sa nóta don eagarthóir thíos.

Maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), foilsíodh é i mí na Nollaig 2019 agus pléadh é ag an dara céim sa Dáil inné. Tá sé geallta ag an Rialtas go mbeidh an Bille níos láidre agus achtaithe roimh dheireadh na bliana.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin bPlean Gníomhaíochta (PG5) agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (S20) ag an nasc a leanas: https://www.gov.ie/ga/eolas-polasaithe/an-straiteis-20-bliain-don-ghaeilge-2010-2030/

Dúirt an tAire Martin:

"Is léir ón tuairisc seo atá á foilsiú inniu i gcomhréir le cinneadh an Rialtais, go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh le feidhmiú an phlean agus dá réir le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge atá mar pholasaí an Stáit i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is údar sásaimh agus misnigh é an oiread dul chun cinn atá déanta ag an mbreis agus 60 páirtí leasmhar atá freagrach as feidhmiú an phlean – idir ranna agus ghníomhaireachtaí Stáit, chomh maith le heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. De thoradh na hoibre sin tá dlús á chur le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ar leas foriomlán na Gaeilge agus na Gaeltachta i ndeireadh báire. Ina theannta sin déantar rianú sa tuairisc ar cá háit is gá tuilleadh a dhéanamh. Ag croílár an scéil tá spiorad na meithle agus de thoradh fhoilsiú na tuairisce seo tá céim mhór chun tosaigh glactha a chinnteoidh go mbeidh cur chuige cuntasach i bhfeidhm feasta faoi cad atá ar bun agus beartaithe ag gach eagraíocht lena mbaineann cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta."

Dúirt an tAire Stáit Chambers:

"Fáiltím roimh an tuairisc seo. I measc na nithe is suntasaí a baineadh amach le linn thréimhse na tuairisce seo, cuireadh dlús le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge. De thoradh na comhpháirtíochta agus na comhúinéireachta a bhaineann leis seo uile, is údar sásaimh é domsa mar Aire Stáit go bhfuil dul chun cinn suntasach le sonrú. Aithnítear sa phlean gurb ionann na bearta atá rianaithe ann agus bonnlíne agus go mbeifear ag faire amach i rith an ama ar na bealaí a mbeifear in ann cur tuilleadh lena bhfuil leagtha amach sa Phlean sa tréimhse atá amach romhainn de réir mar a thagann deiseanna agus acmhainní breise chun cinn."

Tá sé i gceist go bhfoilseofar an dara tuairisc ar dhul chun cinn go luath in 2021, ina chuimseofar an tréimhse ó Iúil 2019 go dtí Nollaig 2020.

CRÍOCH


Nótaí

Tugtar léargas san achoimre fheidhmeach ar fheidhmiú na mbeart éagsúil mar a bhaineann siad leis na naoi réimse faoi leith mar a leagtar amach iad sa Straitéis í féin eadhon:

  • Oideachas
  • An Ghaeltacht
  • An Teaghlach ag Cur na Teanga ar Aghaidh – Idirghabháil go Luath
  • Riarachán, Seirbhísí agus Pobal
  • Na Meáin agus an Teicneolaíocht
  • Foclóirí
  • Reachtaíocht agus Stádas
  • Saol Eacnamaíochta
  • Tionscnaimh Leathana

Den 185 gníomh sa Phlean, bhí 31 díobh le cur i bhfeidhm in 2018/2019. Tugtar léargas ar staid na mbeart sin agus na mbeart eile ag deireadh mhí an Mheithimh 2019 sa tuairisc féin, ach seo a leanas spléachadh ginearálta ar an dul chun cinn a rinneadh i leith na réimsí gnímh faoi leith.

Is féidir an tuairisc a íoslódáil anseo: https://www.gov.ie/ga/eolas-polasaithe/plean-gniomhaiochta-2018-go-2022/

Réimse Gnímh 1 – Oideachas

  • thug an Roinn Oideachais agus Scileanna céimeanna móra chun tosaigh ó thaobh an Polasaí don Oideachas Gaeltachta a chur chun cinn, agus tuairiscíodh go raibh 80% de bhunscoileanna agus 100% d’iar-bhunscoileanna i limistéir pleanála teanga ag glacadh páirt sa Scéim Aitheantais do Scoileanna Gaeltachta
  • bronnadh stádas neamhspleách ar Choláiste Naomh Eoin ar Inis Meáin agus leanadh le féachaint ar an suíomh i gcás scoileanna satailíte eile
  • bhí tionscadal píolótach ríomh-mhol trí bliana idir lámha, agus é mar aidhm aige feabhas a chur ar rochtain scoláirí iar-bhunscoile Gaeltachta ar réimse níos leithne ábhar trí Ghaeilge

Réimse Gnímh 2 – An Ghaeltacht

  • bhí Pleananna Teanga i bhfeidhm in 10 gcinn de na 14 Limistéar Pleanála Teanga a raibh plean ceadaithe ina leith
  • ceapadh 9 Oifigeach Pleanála Teanga agus 3 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga le linn thréimhse na tuairisce
  • ceadaíodh maoiniú suas le €3.6 milliún le haghaidh tréimhse 3 bliana do Scéim na gCúntóirí Teanga. Beidh an infheistíocht bhreise ina buntáiste do na scoileanna Gaeltachta rannpháirteach sa Scéim Aitheantais do Scoileanna Gaeltachta agus cuirfidh sí ar a gcumas cúntóirí teanga a bheith acu ar feadh 6 seachtaine bhreise le linn na scoilbhliana

Réimse Gnímh 3: An Teaghlach ag Cur na Teanga ar Aghaidh – Idirghabháil go Luath

Deimhníodh maoiniú le haghaidh dhá phost luathbhlianta Gaeilge taobh istigh den Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (RLGÓ).

Réimse Gnímh 4 – Riarachán, Seirbhísí agus Pobal

Braitheann cuid mhór de na príomhspriocanna sa réimse seo ar achtú Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Foilsíodh an Bille i mí na Nollag 2019 agus tá sé san áireamh sa Chlár Rialtais nua lena achtú roimh dheireadh 2020.

Réimse Gnímh 5 – Na Meáin & An Teicneolaíocht

Infheistíodh acmhainní suntasacha i bhforbairt réimse leathan teicneolaíochtaí agus clár chun na cuspóirí atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta a thacú. Tá an méid seo i measc na mbuaicphointí:

  • tá breis agus 40,000 úsáideoir ar líne ag foghlaim Gaeilge i mbreis agus 130 tír ar an Ollchúrsa Oscailte ar Líne ‘Fáilte ar Líne’
  • reáchtáladh an dara Teic Féile do dhaltaí iar-bhunscoile i nGaillimh
  • tugadh an Clár Techspace isteach ar bhonn náisiúnta d’iar-bhunscoileanna agus clubanna óige

Réimse Gnímh 6 – Foclóirí

  • leanadh leis an obair ar ‘Fhoclóir Stairiúil na Gaeilge’, tionscnamh de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann maoinithe ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus tá sé ar cheann de na tionscadail taighde teangeolaíochta is uaillmhianaí ar tugadh faoi cheana san Eoraip agus tá breis agus 70 milliún focal bailithe, digitithe agus ar fáil go héasca ann
  • seoladh Stáisiún Athsheachadta Náisiúnta na hÉireann, a bunaíodh tríd an tionscadal Bonneagar Acmhainní na dTeangacha Eorpacha (ELRI), faoin gclár Saoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF). Tá sé mar aidhm aige áis lárnach náisiúnta ar líne a chur ar fáil inar féidir sonraí aistriúcháin (comhaid dhátheangacha, gluaiseanna téarmaíochta srl.) a bhailiú agus a roinnt i measc institiúidí poiblí, agus dá réir costais náisiúnta aistriúcháin a laghdú agus forbairt na teicneolaíochta aistriúcháin a thacú

Réimse Gnímh 7 – Reachtaíocht agus Stádas

  • dréachtú Rialacháin 2019 Acht na dTeangacha Oifigiúla (Comhlachtaí Poiblí), 2003. Is éard atá sna rialacháin seo ná liosta cothrom le dáta de na comhlachtaí poiblí faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla agus scriosadh déanta ann ar thagairtí do chomhlachtaí poiblí nach ann dóibh a thuilleadh nó atá dulta in éag ó rinneadh na Rialacháin roimhe seo in 2006, agus comhlachtaí nua tugtha isteach faoi scóip an Achta. Tá na Rialacháin curtha isteach sa Leabhar Reachtanna anois agus tabharfar cothrom le dáta é gach dhá bhliain as seo amach
  • leathnaíodh an Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh agus tá deiseanna á gcur ar fáil ann do chéimithe chun socrúcháin oibre a fháil i réimsí an aistriúcháin agus an léimh profaí

Réimse Gnímh 8 – Saol Eacnamaíochta

  • chruthaigh cliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta 589 post lánaimseartha nua in 2018. Ag deireadh na bliana ba ionann 8,207 agus iomlán na fostaíochta i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta, ar poist lánaimseartha iad 7,625 díobh agus poist pháirtaimseartha 582 díobh. Ba ghlanmhéadú 122 post é seo ar an mbliain roimhe. Bhí na méaduithe is mó fostaíochta i gcontaetha Dhún na nGall agus na Gaillimhe
  • d’oscail Údarás na Gaeltachta ceithre mhol dhigiteacha i mBéal an Mhuirthead i gContae Mhaigh Eo, i nGaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall, ar an gCeathrú Rua i gContae na Gaillimhe, mar aon le Mol Teic i gcomhar le gníomhaireachtaí eile i nDaingean Uí Chúis i gContae Chiarraí. Cuirtear spás oifige chomh maith le ceangal idirlín ardchaighdeáin ar fáil sna moil seo, mar aon le háiseanna gorlainne gnó agus nuálaíochta do ghnóthaí agus cianoibrithe

Monatóireacht

Mar a bhaineann sé le feidhmiú an chuir chuige leasaithe a leagadh amach sa phlean gníomhaíochta maidir le monatóireacht, tionóladh 4 chruinniú den choiste stiúrtha faoi chathaoirleacht na Roinne le linn na tréimhse tuairiscithe.